Aighneachtaí á lorg 4ú Scéim Teanga

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall an ceathrú scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tá aighneachtaí  á lorg. 

Scéim Teanga

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall an ceathrú scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.

Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall anois ó aon pháirtithe leasmhara

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh tríd an tairseach ar líne https://consult.fingal.ie/ga/browse. nó iad a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected]   faoin Aoine 5 Márta 2021.

Gach eolas:

AIGHNEACHTAÍ Á LORG ACHT NA DTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003 DRÉACHTSCÉIM Á HULLMHÚ AG COMHAIRLE CONTAE FHINE GALL.

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.

Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach). Ba chóir freisin, aighneachtaí, a bheidh ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin na Comhairle, a dhéanamh tríd an tairseach ar líne https://consult.fingal.ie/ga/browse.  Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh trí ríomhphost chuig  [email protected] .

Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí arna soláthar don phobal ag Comhairle Contae Fhine Gall, agus cóip den Triú Scéim Teanga, ar fáil ar www.fingal.ie/ga nó íoslódáil anseo: COMHAIRLE CONTAE FHINE GALL AN TRÍÚ SCÉIM TEANGA

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00 i.n., 5 Márta 2021.

Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta www.chg.gov.ie .