Ainmníodh Neartú an Túir Thoir i gCaisleán Shoird i bhFine Gall don Ghradam Sármhaitheasa de chuid Innealtóirí Éireann.

Ainmníodh Neartú an Túir Thoir i gCaisleán Shoird i bhFine Gall don Ghradam Sármhaitheasa de chuid Innealtóirí Éireann 2019.

Swords Castle East Tower Completed Works 2019

Ainmníodh an tionscadal chun Túr Thoir Chaisleán Shoird a neartú i nGradaim Sármhaitheasa na bliana seo (2019) de chuid Innealtóirí Éireann.

D'oibrigh Rannóg Ailtireachta Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le David Kelly Partnership agus CORA Consulting Engineers maidir leis an gcéim seo d'athfhorbairt Chaisleán Shoird, ar cuid den tionscadal suaitheanta Ceathrú Chultúrtha Shoird é.

Dúirt Ailtire an Chontae, Fionnuala May: "Is dea-scéala é gur ainmníodh an tionscadal chun Túr Thoir Chaisleán Shoird a Neartú don ghradam seo. Is aitheantas é don obair chúramach atá á déanamh chun Caisleán Shoird a chaomhnú agus a athchóiriú mar chuid den tionscadal níos leithne Ceathrú Chultúrtha Shoird.

"Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leo siúd a raibh páirt acu sa tionscadal seo, ach go háirithe foireann na Rannóige Ailtireachta anseo i gComhairle Contae Fhine Gall agus ár gcomhpháirtithe Innealtóireachta Comhairlí in David Kelly Partnership agus CORA Consulting Engineers."

Inniu is éard atá fágtha i bhfothrach Chaisleán Shoird ná múr cosanta mór ceathairthaobhach a bhfuil táibhle air i bpáirteanna agus atá thart ar 4 mhéadar ar airde. Tá roinnt foirgneamh agus struchtúr balla ann, lena n-áirítear an Teach Geata ag an mbealach isteach, an Séipéal agus Túr an Chonstábla a ndearnadh athchóirithe orthu, agus an Túr Thoir a bhfuil drochbhail air.

Baineadh úsáid as modhanna nua-aimseartha agus traidisiúnta nuair a tugadh faoi na hoibreacha neartaithe ag an Túr Thoir chun an méid is féidir den chreatlach mheánaoiseach a chaomhnú.

Bhí neartú an Túir Thoir ar cheann de na dúshláin shuntasacha chaomhnaithe a bhí ann. Ba ábhar imní é seasmhacht iomlán an fhothraigh mar bhí an túr ar sceabha, bhí sé scoite go maith, agus mar gheall ar chreimeadh dromchla na haolchloiche cailpe i mBaile Átha Cliath.

Ceanglaíonn pláta coincréiteach feidhmiúil atá ag teacht le stíl an chaisleáin na trí bhalla eile le chéile. Cosnaítear an tsaoirseacht leochaileach le cóta foscaidh traidisiúnta bunaithe ar aol.

Is suaithinseach é an éifeacht ó thaobh amhairc. Déantar idirdhealú idir an t-ionsá nua agus an balla bunaidh agus léirítear meas ar an suíomh stairiúil.