Ainmníonn Fine Gall Genevieve Howard mar bhuaiteoir an Ghradam Stiúideo mhór
I gcomhar le Caisleán Ard Giolláin, cuireann sé an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall an físealaíontóir, an déantóir agus an ceoltóir Genevieve Howard, a chónaíonn agus a oibríonn i bhFine Gall, a fhógairt mar bhuaiteoir Gradam Stiúdeo Chomhairle Contae Fhine Gall 2024.
I gcomhar le Caisleán Ard Giolláin, cuireann sé an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall an físealaíontóir, an déantóir agus an ceoltóir Genevieve Howard, a chónaíonn agus a oibríonn i bhFine Gall, a fhógairt mar bhuaiteoir Gradam Stiúdeo Chomhairle Contae Fhine Gall 2024.
Cuireann an gradam mór le rá seo spás stiúideo maoinithe ar fáil ar feadh tréimhse bliana agus tugann sé deis don fhaighteoir a chleachtas a fhorbairt laistigh de chreat institiúideach an ARH. Ina theannta sin, tá sparánacht €5,000 á chur le gradam na bliana seo, a choimisiúnaíonn an t-ealaíontóir saothar a chruthú le haghaidh thaispeántas aonair d'fhonn críoch na cónaitheachta a chomóradh.
Dúirt Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon Chontae Fhine Gall: “Tá an-áthas orainn Genevieve Howard a fhógairt mar faighteoir an Ghradam Stiúideo i gcomhar le Caisleán Ard Giolláin. Tacaíonn an gradam áitiúil seo le gealltanas Chomhairle Contae Fhine Gall an sármhaitheas cruthaitheach a chothú laistigh den phobal againne. Cuireann sé áthas orainn tacú le forbairt ealaíne Genevieve sa bhliain atá romhainn agus táimid ag tnúth le toradh a háit chónaithe a fheiceáil ag an gcéad taispeántas aonair idirnáisiúnta aici sa bhliain 2025.”
I ndiaidh ceist a chur uirthi faoin ngradam, dúirt Genevieve Howard: “Tá sé ríthábhachtach domsa tacaíocht a fháil ó Fhine Gall agus ó Chaisleán Ard Giolláin le haghaidh spás stiúideo lánmhaoinithe a chur ar fáil dom agus mé ag ullmhú don chéad taispeántas aonair agam san Ísiltír an bhliain seo chugainn. Tabharfaidh an spás deis dom obair ar scála méadaithe a dhéanamh agus cuirfidh sé ar mo chumas turgnamh a dhéanamh le mo chur chuige maidir le sintéisiú na dealbhóireachta le ceol agus fuaim.”
Faoi láthair, tugann Caisleán Ard Ghiolláin Teo. agus Comhairle Contae Fhine Gall tacaíocht do 15 spás stiúideo d’ealaíontóirí agus do dhearthóirí le raon éagsúil na gcleachtas, tionscnamh acuireadh tús leis sa bhliain 2020. D’oscail Caisleán Ard Giolláin Gailearaí Ard Giolláin i mí Márta na bliana 2023, ag cur spás ealaíne comhaimseartha ar fáil i bhFine Gall. Bíonn taispeántais, cainteanna ealaíontóirí, ceardlanna agus imeachtaí ar siúl sa ghailearaí. Ina theannta sin, cuireann an Caisleán clár léiriúcháin na hamharclainne agus an cheoil ar fáil ar feadh na bliana ar fad.
About the Artist
Faoin Ealaíontóir Ealaíontóir, déantóir agus ceoltóir Éireannach í Genevieve Howard atá ina chónaí agus ag obair i bhFine Gall. Bhain sí céim onóracha amach i Miotail & Seodra ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha in 2015 agus le MA i bhFaisean & Teicneolaíocht ó Ollscoil Arts Linz san Ostair in 2021. Déanann a cuid oibre iniúchadh ar léirshamhlú fuaime agus ceoil sa foirm éadaí agus dealbhóireachta. Cruthaíonn sí a píosaí dealbhóireachta sainiúla trí theicnící lámhdhéanta a shintéisiú leis na teicneolaíochtaí ceannródaíocha is déanaí. Taispeánadh saothar Genevieve go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta i mórinstitiúidí agus ceannaíodh é do na bailiúcháin d’iarsmalanna mór le rá ar fud an domhain, lena n-áirítear Gailearaí Náisiúnta Victoria i Melbourne agus The Dallas Museum of Art in Texas.
Le haghaidh tuilleadh eolais féach le do thoil: www.fingalarts.ie; www.fingal.ie/arts; www.rhagallery.ie