Aontaíonn Comhairleoirí buiséad na Comhairle de €389m do 2025
D’aontaigh Comhairleoirí aréir ar bhuiséad 2025 Chomhairle Contae Fhine Gall de €389m, sin ardú 7.5% ar an mbliain seo caite.
Ligfidh an buiséad méadaithe do Chomhairle Contae Fhine Gall leanúint de bheith ag cur ardleibhéal seirbhíse ar fáil dá 330,506 cónaitheoir agus is ionann é agus caiteachas de €1,181 in aghaidh gach duine den daonra.
Is é cuspóir foriomlán Bhuiséad 2025 ná seirbhísí ardchaighdeáin a chothú agus a fheabhsú agus an maoiniú a mhéadú chun na tionscadail bhonneagair riachtanacha a chur ar fáil sa chontae. Ullmhaíodh an buiséad i gcomhthéacs na héiginnteachta geopholaitiúla agus eacnamhaíochta dúshlánacha a bhfuil Éire, mar gheilleagar oscailte atá ag brath ar thrádáil idirnáisiúnta, faoi lé ach go háirithe.
Tá an buiséad Tithíochta tar éis méadú faoi €18.5m go €135.7m agus áirítear leis seo €16m de chaiteachas breise ar sholáthar tithíochta trí Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus léasú fadtéarmach. Tá an maoiniú do dheontais oiriúnaithe tithíochta tar éis méadú faoi €1m agus tá ranníocaíocht na Comhairle le Feidhmeannas do Dhaoine Gan Dídean Réigiún Bhaile Átha Cliath tar éis méadú faoi €1.5m freisin.
Tá méadú €1.4m ar an mBuiséad Oibríochtaí chun caiteachas méadaithe a chlúdú ar chothabháil bóithre, soilsiú poiblí, ionaid athchúrsála, páirceanna, páirceanna imeartha, spásanna oscailte, leithris phoiblí agus reiligí.
Beidh méadú de €1.25m ar mhaoiniú do thionscadail chaipitil in ionaid phobail, leabharlanna, maoin oidhreachta agus foirgnimh chorparáideacha.
Leithdháileadh €500,000 breise ar dhearadh agus ar phleanáil mhionsonraithe linn snámha i mBaile Brigín. Beidh gá le maoiniú méadaithe i mbuiséid amach anseo chun tógáil agus oibriú linn snámha a mhaoiniú.
Méadaíodh ciste na leabhar leabharlainne faoi €325,000, a thabharfaidh caiteachas in aghaidh gach duine den daonra go dtí €4 i gcomhréir leis an sprioc náisiúnta.
Leithdháileadh €150,000 breise freisin ar mhaoiniú imeachtaí a reáchtálann grúpaí pobail agus caithfear €240,000 breise ar fhorbairt na n-ealaíon i bhFine Gall.
Ag cruinniú na Comhairle i mí Dheireadh Fómhair, vótáil Comhairleoirí ar son an ráta Cánach Maoine Áitiúla a choinneáil ag lúide 7.5% do 2025, rud a chuir €3.5m ar fáil do thithíocht, oibríochtaí, an pobal, agus leabharlanna.
Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Is é seo an chéad Bhuiséad a rith an Chomhairle nua agus tá sé thar a bheith dearfach go rabhamar in ann é a mhéadú faoi 7.5% ag am a bhfuil go leor dúshlán ann. Cinnteoidh sé go leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag cur seirbhíse ardchaighdeáin ar fáil do chónaitheoirí agus gnólachtaí i bhFine Gall.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí tofa as Buiséad 2025 a rith. Bhíomar ag obair leo le cúpla mí anuas chun teacht ar bhuiséad a chinntíonn go gcothóimid agus go bhfeabhsóimid soláthar seirbhísí, agus, ag an am céanna, go gcoinneoimid cur chuige stuama maidir leis an gcaoi a bhainistímid ár n-airgeadas.”
Áirítear sa bhuiséad leithdháiltí ar na príomhréimsí seo a leanas:
€136m – Tithíocht & Foirgníocht (35%)
€44m – Iompar & Sábháilteacht ar Bhóithre (11%)
€19m – Seirbhísí Uisce (5%)
€36m – Bainistíocht Forbartha (9%)
€55m – Seirbhisí Comhshaoil (14%)
€74m – Caitheamh Aimsire & Taitneamhacht (19%)
€2m – Talmhaíocht, Oideachas, Sláinte & Leas (1%)
€23m – Seirbhísí Ilghnéitheacha (6%)
D’aontaigh Comhairleoirí freisin ar an Rátá Bliantúil ar an Luacháil (RBL) a fhágáil gan athrú do 2025.
Tagann an Buiséad mar thoradh ar Chlár Caipitil trí bliana Fhine Gall, ar fiú €1.57 billiún é, a cheadaigh Comhairleoirí i mí Dheireadh Fómhair agus ina bhfuil 331 tionscadal.
Chun Buiséad Bliantúil 2025 a léamh, cliceáil anseo le do thoil.
Chun féachaint ar chruinniú Buiséad na Comhairle, cliceáil anseo le do thoil.