Ar an Déardaoin Ómra iarrann Comhairle Contae Fhine Gall aire ar bhóithre agus san uisce roimh spraoi na Deireadh Seachtaine Saoire Bainc

Amber Thursday

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag impí ar an bpobal fanacht sábháilte thar dheireadh seachtaine Saoire Bainc mhí Lúnasa agus comóradh á dhéanamh ar ‘Déardaoin Ómra’ do 2024.

Tá deireadh seachtaine Saoire Bainc mhí Lúnasa i gcónaí go mór chun tosaigh ar an gclár oibre maidir le sábháilteacht dhóiteáin, sábháilteacht uisce agus oifigigh cur chun cinn sábháilteachta ar bhóithre, agus i mbliana, bunaíodh comhfheachtas poiblíochta trasghníomhaireachta náisiúnta chun aird a tharraingt ar na trí ghné shábháilteachta roimh an deireadh seachtaine ghnóthach seo, ar a dtugtar, Déardaoin Ómra.

Ciallaíonn an dath ómra guais nó rabhadh.

Agus í ar cheann de na deireadh seachtainí is gnóthaí sa bhliain, is gnách go dtugann daoine faoi na bóithre, tránna agus lasmuigh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éagsúla. Tá gné thábhachtach sábháilteachta agus feasachta ag baint le tiomáint, snámh nó campáil

Toisc go bhfuil béim láidir ar shábháilteacht ar bhóithre i mbliana, tá cúpla leid ag Larry Bergin, Oifigeach Sábháilteachta ar Bhóithre Chomhairle Contae Fhine Gall maidir le tiomáint an deireadh seachtaine seo. Deir sé ‘’Fág beagán ama breise do bhur n-aistir an deireadh seachtaine seo. Tá an iomarca luais agus tiomáint nuair a bhíonn tú tuirseach ina gcúiseanna le marú. Tá sé tábhachtach stopadh do shosanna scíthe ar aistir fhada agus tiomáint beagán níos moille. Ná tiomáin nuair a bhíonn tú lagaithe – cuireann tiomáint faoi thionchar drugaí nó alcóil gach duine i mbaol. Tá níos mó ná do shábháilteacht amháin i gceist — caithfear an pobal ar fad a chosaint. Fan ar do chiall agus tú taobh thiar den roth stiúrtha agus cabhraigh linn ár mbóithre a choinneáil sábháilte do chách’’.

Táthar ag súil freisin go mbeidh deireadh seachtaine ghnóthach ag tarrthálaithe uisce de réir mar a thugann daoine faoi ghníomhaíochtaí uisce. Anuraidh, chomhordaigh Garda Cósta na hÉireann freagraí ar 2,788 teagmhas, an dara líon ab airde le 5 bliana, agus ba é mí Lúnasa an mhí ba ghnóthaí a bhí acu le 391 teagmhas san iomlán.

Tá Gardaí Tarrthála ar dualgas ar Thránna Fhine Gall. Meabhraítear do shnámhaithe snámh laistigh dá ndoimhneacht agus snámh i gcónaí ar thrá a bhfuil garda tarrthála ann. Tá sé cruthaithe freisin go bhfuil ardriosca ag baint le snámh istigh faoin tír i lochanna agus aibhneacha.

D’iarramar roinnt comhairle ar ár ngardaí tarrthála i bhFine Gall roimh chuairt a thabhairt ar ár dtránna an Deireadh Seachtaine Saoire Bainc mhí Lúnasa seo. Mhol siad don phobal gan snámh in aon limistéar a bhfuil bratach dhearg ar taispeáint agus gan earraí inséidte a thabhairt chuig an trá. Píosa comhairle tábhachtach eile ná d’ainm a mhúineadh do do leanaí agus más féidir, tabhair d’uimhir theileafóin dóibh ar eagla go n-imeoidís amú.

Amber Thursday

Is féidir leis an deireadh seachtaine saoire bainc a bheith ina thréimhse ghnóthach do chomhraiceoirí dóiteáin freisin a ghlaoitear chuig teagmais éagsúla lena n-áirítear tinte beárbaiciú nó tí agus imbhuailtí tráchta bóthair. D’fhonn gortuithe nó damáiste do mhaoin a sheachaint, ná déan beárbaiciú riamh ar bhalcóin agus cinntigh go bhfuil an beárbaiciú ar shuíomh réidh, i bhfad amach ón teach/árasán, ó chrainn nó toir. Ná fág an beárbaiciú gan aon duine ina bhun agus coinnigh buicéid uisce nó gainimh in aice láimhe i gcás éigeandála.

Meabhraítear ach go háirithe do dhaoine gan tinte a lasadh i bhforaoisí nó in aice leo, i limistéir áineasa nó in áiseanna eile agus iarrtar ar thiománaithe páirceáil go freagrach agus gan bac a chur ar bhealaí rochtana éigeandála.

Bain taitneamh as an Deireadh Seachtaine Saoire Bainc go sábháilte agus cinntigh go dtapaíonn tú an deis cuairt a thabhairt ar ár bPáirceanna agus ar imeallbhord Fhine Gall chun do scíth a ligean. Tá tránna gainimh agus 88 ciliméadar d’imeallbhord timpeall Fhine Gall agus tá 2,000 heicteár d’fhearann páirce agus spás oscailte chomh maith le háitribh iontacha oidhreachta ann. Tugann an éagsúlacht seo neart roghanna do theaghlaigh chun taitneamh a bhaint as deireadh seachtaine saoire bainc mhí Lúnasa.