Ardú le teacht ar Tháillí ag Ionaid Athchúrsála Fhine Gall i 2025

Tá táillí nuashonraithe fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall dá dramhaíl tí neamh-inathchúrsáilte agus dramhaíl ghlas ag a hIonaid Athchúrsála le teacht i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025

Estuary Recycling centre

Tá táillí nuashonraithe fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall dá dramhaíl tí neamh-inathchúrsáilte agus dramhaíl ghlas ag a hIonaid Athchúrsála atá suite in Inbhear i Sord agus i gCúil Mhín i mBaile Átha Cliath 15. Tá siad le teacht i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025. Tá táillí do dhiúscairt dramhaíola in-athchúrsáilte tí ag na hionaid saor in aisce agus níl aon athrú orthu.

Léiríonn na hathruithe cur chuige cothrom chun an tseirbhís ríthábhachtach áitiúil seo a chothabháil agus a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ag an am céanna ar na costais mhéadaithe caiteachais. Fuarthas amach in athbhreithniú a rinne an Chomhairle ar an tseirbhís go raibh méadú suntasach ar úsáid na n-ionad athchúrsála, rud a d’fhág go raibh easpa costais ann chun na saoráidí a bhainistiú agus a chothabháil.  Tá sé seo tar éis ardú ó €0.8m i 2015 go dtí níos mó ná €2m don bhliain reatha. Ní mór don táirgeoir bunaidh dramhaíola nó do na sealbhóirí dramhaíola reatha nó roimhe seo a bheith freagrach as costas bainistíochta dramhaíola agus tá an t-ardú seo ar tháillí de réir na bPrionsabal Údar an Truaillithe a Íocann.

Níor tháinig aon athrú ar an tsamhail phraghsála reatha ó 2010 in ainneoin an éilimh mhéadaithe ar na hionaid. I 2023 amháin, bhain thart ar 350,000 carr úsáid as an dá shaoráid, agus bhain níos mó ná 92,000 carr úsáid as na hionaid chun dramhaíl in-athchúrsáilte tí a dhiúscairt saor in aisce.

Trí ardú ar tháillí a chur i bhfeidhm, beidh Fine Gall ar aon dul le húdaráis áitiúla thadhlacha maidir le praghsáil. Cé go n-ardóidh na costais rochtana don tseirbhís dramhaíola neamh-inathchúrsáilte tí agus dramhaíola glaise ag saoráidí Fhine Gall, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon táille fós ann chun earraí in-athchúrsáilte a dhiúscairt ag ionaid Shoird agus Chúil Mhín. D’áireodh sé seo earraí mar pháipéar, buidéil, éadaí, Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL), cannaí agus ola cócaireachta caite.

Coolmine recycling centre in Dublin 15

Léiríonn an coigeartú ar phraghsáil an t-éileamh méadaitheach ar sheirbhísí próiseála dramhaíola agus cabhraíonn sé lena chinntiú go leanfar le saoráidí ardchaighdeáin, inrochtana do chónaitheoirí áitiúla. Chomh maith leis sin, ceadóidh sé seo uaireanta oscailte breisithe a thabhairt isteach ag saoráid Chúil Mhín.

Ag tosú ón 1 Eanáir 2025, is iad seo a leanas na táillí athbhreithnithe:

Táillí Seirbhíse um Dhramhaíl Ghinearálta (m.sh. dramhaíl thoirtiúil mar chairpéad, tochtanna, adhmad, miotal, srl.)

Cineál Feithicle

Táille

Búit Cairr

€12

Carr Iomlán/Jíp/SUV

€30

Veain-Cairr/Carr móide Leantóir

€50

Veain (idirmheánach/Iompair)

€128

Táillí Seirbhíse um Dhramhaíl Ghlas (m.sh. bearrthaí féir, duilleoga, craobhacha crann agus gearrthóga, srl.)

Cineál Feithicle

Táille

Búit Cairr

€6

Carr Iomlán/Jíp/SUV

€10

Veain-Cairr/Carr móide leantóir

€35

Veain (idirmheánach/Iompair)

€80

Má tá rudaí a bhfuil dea-bhail orthu ag daoine sa phobal nach dteastaíonn uathu a thuilleadh, molann an Chomhairle do dhaoine smaoineamh ar roghanna eile seachas diúscairt dramhaíola ar nós earraí in-athúsáidte a bhronnadh ar charthanacht.

Tá liosta mionsonraithe de na hearraí a nglactar leo ag an dá shaoráid ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: https://www.fingal.ie/ga/ionaid-athchursala