​​​​​​​Athsheoladh Gradaim Fhine Gall um Bainistíocht na Saorálaithe mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOibre Deonaí

Mar chuid den cheiliúradh ar Sheachtain Náisiúnta na Saorálaithe, tá áthas ar Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall agus ar Ionad Saorálaithe Fhine Gall tús a chur arís le Gradam Bainistíocht na Saorálaithe Fhine Gall.

Fingal Managing Volunteer Awards 2023

Mar chuid den cheiliúradh ar Sheachtain Náisiúnta na Saorálaithe, tá áthas ar Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall agus ar Ionad Saorálaithe Fhine Gall tús a chur arís le Gradam Bainistíocht na Saorálaithe Fhine Gall. Sheol Ionad Saorálaithe Fhine Gall agus Comhairle Contae Fhine Gall ar dtús an Gradam, a dhíríonn ar dhea-chleachtas bainistíocht na saorálaithe a chur chun cinn in eagraíochtaí pobail agus deonacha ar fud Fhine Gall, ar ais sa bhliain 2011.

Séard atá mar aidhm ag an nGradam ná aitheantas a thabhairt do na grúpaí siúd a d'imir, trína a gcuid díograis do ghníomhaíochtaí deonacha agus an phobail, ról suntasach i bhfeabhsú caighdeán beatha a gcuid pobal ar fud Fhine Gall. Is féidir leis an obair dheonach a tharla go neamhfhoirmiúil agus go foirmiúil agus cinntíonn Gradaim Fhine Gall um Bainistíocht na Saorálaithe go bhfuil córais mhaithe um bhainistíocht na saorálaithe i bhfeidhm ag aon ghrúpaí ar mian leis, nó a bhfuil aige cheana féin, saorálaithe ag clacadh páirte ina gcuid oibre, agus go mbeidis ag obair go deonach in áit shábháilte dhearfach.

Ón mbliain 2011 i leith, chríochnaigh agus bhain breis is 25 grúpa as Fine Gall an gradam amach. Tá Gradaim Fhine Gall um Bainistíocht na Saorálaithe ar oscailt do gach grúpa an phobail agus deonach atá lonnaithe i bhFine Gall.

“Ní iontas ar bith é go bhfuil an gradam á athsheoladh againn le linn Seachtain Náisiúnta na Saorálaithe, ceiliúradh seachtaine ar an obair dheonach, a bheidh ar siúl ón 15 go dtí an 21 Bealtaine 2023. Siad grúpaí deonacha bunchloch na bpobal againne, agus spreagaimid gach grúpa páirt a ghlacadh sa scéim’”, a dúirt Daiga Martins Borges, ó Ionad Saorálaithe Fhine Gall.

Dúirt Sinead Wiley, Comhairle Contae Fhine Gall, “Is mór an t-áthas a chuireann sé orainn a bheith páirt a ghlacadh sa scéim seo agus aithnímid an tacaíocht, an oiliúint agus na hacmhainní a chuireann Ionad Saorálaithe Fhine Gall ar fáil d'aon ghrúpa atá ag obair i dtreo an Ghradaim. Mar an gcéanna, gabhaimid ár mbuíochas ó chroí le gach saorálaí agus le gach grúpa atá an obair iontach seo á dhéanamh acu ar fud phobail Fhine Gall.’’

D'éirigh le Bailte Slachtmhara Shoird na trí Ghradaim d'Oibrithe Deonacha Bainistíochta Fhine Gall a bhaint amach. Thug Ken Duffy, cathaoirleach, le fios gur “bhaineamar an-chuid eolais agus feasachta as páirt a ghlacadh sa scéim agus d’fheabhsaigh an tacaíocht a fuarthas an chaoi ar éirigh linn ár gcuid saorálaithe a bhainistiú agus a choinneáil”.

Eagraíocht charthanachta neamhspleách atá in Ionad Saorálaithe Fhine Gall a chuireann mol ilfhreastail ar fáil do gach riachtanas na hoibre deonaí, beag beann ar dhuine ar leith tú atá sásta cabhrú nó ar eagraíocht atá ionaibh atá ag lorg saorálaithe.

Cuireann Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall tionscnaimh éagsúla ar fáil um an gcuimsiú sóisialta agus um fhorbairt an phobail i bhFine Gall lena n-áirítear tacaíocht agus forbairt a chur ar fáil do ghrúpaí an phobail agus deonacha.

Tá tuilleadh eolais faoin ngradam le feiceáil ag  www.volunteerfingal.ie