Bailte agus Sráidbhailte Fhine Gall le tairbhe a bhaint as maoiniú d’Fheabhsú Sráid-Dreacha ón Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail

Tá maoiniú €260,000 bronnta ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ar Chomhairle Contae Fhine Gall faoin scéim nua d’Fheabhsú Sráid-Dreacha Bailte agus Sráidbhailte 2021.

Skerries

Bailte agus Sráidbhailte Fhine Gall le tairbhe a bhaint as maoiniú d’Fheabhsú Sráid-Dreacha ón Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail

Tá maoiniú €260,000 bronnta ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ar Chomhairle Contae Fhine Gall faoin scéim nua d’Fheabhsú Sráid-Dreacha Bailte agus Sráidbhailte 2021. Cuirfear €7 milliún ar fáil faoin Scéim ar fud na tíre mar chuid de Todhchaí Thuaithe na hÉireann, straitéis cúig bliana chun ceantair thuaithe na hÉireann a athbheochan agus go mbeidh bailte agus sráidbhailte tuaithe na hÉireann níos bisúla agus níos tarraingtí mar áiteanna le cónaí iontu, a bheith ag obair iontu agus le cuairt a thabhairt orthu.

Féachfar leis an maoiniú tacú le héadan siopaí agus aghaidh foirgneamh a uasghrádú agus sráideanna agus spásanna oscailte a fheabhsú le péinteáil, obair ealaíne, múrphictiúir, athrú/baint anuas comharthaí, troscán sráide, soilse agus plandaí i gcúig bhaile agus sráidbhaile i bhFine Gall.

Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg iarratais go luath ó ghnónna agus ó ghrúpaí pobail sna bailte An Ros, Lusca, Domhnach Bat, Sceithrí agus An Seanbhaile chun obair feabhsúcháin a mhaoiniú  i limistéir ainmnithe agus tá breis sonraí ar an Scéim chomh maith le heolas maidir le conas iarratas a dhéanamh le fáil ag https://fingalcoco.submit.com/show/19

 Ag cur fáilte roimh an bhfógra faoin scéim ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphries, TD, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh “Cuirim fáilte roimh fhógra an Aire. Cuideoidh an tionscnamh seo chun áit níos tarraingtí agus bisiúla a dhéanamh de bhailte agus sráidbhailte chun cónaí agus oibriú iontu chomh maith le cuairt a thabhairt orthu agus is bealach iontach a bheidh ann chun borradh a chur faoi phobail na háite”.

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall, Ann Marie Farrelly go bhfuil Fine Gall ar thús cadhnaíochta i dtaobh tacú le bailte agus sráidbhailte tuaithe tráth a bhfuil dúshláin eacnamaíochta go leor le sárú agus leanfaidh an Chomhairle le forbairt tuaithe a threorú le tacaíochtaí pobail agus gnó chomh maith le forbairt bonneagair. Is foinse eile fós an Scéim d’Fheabhsú Sráid-Dreacha den chineál sin tacaíochta agus is mór an fháilte atá roimpi chun cuidiú le pobail áitiúla cur leis an tarraingt atá ar bhailte agus sráidbhailte agus iad a bhisiú”.

 Dúirt an Stiúrthóir d’Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta & Cultúir i gComhairle Contae Fhine Gall, Emer O’Gorman: “Leis an maoiniú seo, leantar den rath atá ar Chomhairle Contae Fhine Gall i dtaobh maoiniú breise a bhaint amach do cheantair áitiúla sa tréimhse dhúshlanach seo. Ba bhliain chrua í ag gnónna agus pobail araon. D’éirigh thar cionn leis an Scéim Bia Lasmuigh, arna mhaoiniú ag Fáilte Ireland agus is sampla eile fós an Scéim d’Fheabhsú Sráid-Dreacha den infheistíocht leanúnach atá ar bun i bhFine Gall trí raon beart chun muinín gnó a spreagadh agus cuidiú le pobail níos mó teacht aniar a bheith iontu”.

Chuir Aoife Sheridan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach sa Roinn Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta agus Cultúir fáilte roimh an bhfógra “Tá caidrimh láidre bunaithe ag an gComhairle ó bheith ag obair le grúpaí pobail ar fud an chontae ar thionscadail a bhaineann le roinnt scéimeanna maoinithe agus táimid ag súil le bheith ag obair le pobail sna bailte agus sráidbhailte sin d’fhonn tionscadail a sholáthar a mbeidh tairbhe níos faide anonn ná an lá inniu ag baint leo do na bailte agus sráidbhailte atá i gceist”. 

Is tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a chuirtear an Scéim d’Fhorbairt Sráid-Dreacha 2021 ar fáil chun forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus chun tacú le pobail inbhuanaithe, ionchuimsitheacha agus bhríomhara ar fud na hÉireann.

 

 

Rush Library main