Baineann cur chuige múnlaithe 3T Fhine Gall an phríomhdhuais amach ag Gradaim Sármhaitheasa na Rialtas Áitiúil

Excellence in Local Government Awards

Ghnóthaigh Comhairle Contae Fhine Gall an gradam i gcatagóir na Cumarsáide ag Gradaim Sármhaitheasa na Rialtas Áitiúil don bhliain seo. Moladh Roinn Seirbhísí Digiteacha na Comhairle as an úsáid cheannródaíoch a bhain sí as Múnlaí 3T agus as taithí na Réaltachta Fíorúla (VR) maidir le Comhairliúcháin Pleanála a fheabhsú.

I measc réimse láidir na n-iomaitheoirí sa chatagóir, rug cur chuige nuálaíoch Fhine Gall maidir le rannpháirtíocht an phobail trí theicneolaíocht cheannródaíoch an bua, éacht suntasach a bhí ann don Chomhairle.

Séard atá i gceist leis an tionscnamh ná léirithe 3T de Shord agus de Bhaile Brigín a chruthú, rud a chuireann uirlis iontach ar fáil maidir le cumarsáid éifeachtach ar thionscadail tógála agus ar an bhfearann poiblí. Chruthaigh an chuideachta samhaltaithe 3T, Realsim, an múnla agus an taithí fhíorúil. Trí úsáid a bhaint as an taithí VR agus as bailte cúpla digiteacha, cuireann an Chomhairle ar chumas an phobail forbairtí beartaithe a fheiceáil agus a iniúchadh, ag líonadh na bearna idir pleananna na hailtireachta agus tuiscint an phobail.

Is céim cheannródaíoch í an t-iarracht seo de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall  le cúpla digiteacha a phíolótú le haghaidh comhairliúcháin phoiblí chun tionscadail a mbaineann leis an bhfearann ​​poiblí a chur ar taispeáint ar nós 'Ceathrú Cultúrtha Sord' agus 'Athnuachan Ché Shráid Cuan Bhaile Brigín'. Leagann amharcóir an ghréasáin idirghníomhach digiteach cúpla/3T ar líne réamhradharc amach, a thugann léargas tumtha ar thodhchaí na mbailte seo faoi shamhlú.

Dar le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, "Teist atá sa ghradam seo ar dhíogras agus ar nuálaíocht ár bhfoireann Seirbhísí Digiteacha. Ismór an onóir é dúinn an gradam seo a fháil agus a bheith in ann seasamh taobh le taobh leis na tionscnaimh inmholta eile a aithníodh ag an searmanas. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach rannpháirtí agus le gach buaiteoir. Léiríonn bhur gcuid oibre an chomhghealltanas agaibhse don shármhaitheas sa rialachas áitiúil."

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Aithníonn an gradam seo an gealltanas againne do rannpháirtíocht thrédhearcach agus chuimsitheach a chothú lenár gcuid phobal. Déanann an úsáid a bhainimis as múnlaithe 3T agus as an taithí VR bunathrú ar an gcaoi a gcuirimid pleananna casta na forbartha  in iúl, rud a chuireann ar chumas na gcónaitheoir fíorpháirt a ghlacadh ín éabhlóid a gcuid bhailte."

Ina theannta sin, spreagann Comhairle Contae Fhine Gall an pobail páirt a ghlacadh sna tionscnaimh cheannródaíocha seo. Tá cluasáin VR ar fáil ag na Leabharlanna i Sord, i Mullach Íde, i nDomhnach Bat, i mBaile Bhlainséir agus i mBaile Brigín. Iarrtar ar éinne ar spéis leis turas 3T ar na forbairtí i Sord agus i mBaile Brigín labhairt le duine dár Seaimpíní VR ar an suíomh. Treoróidh siad tú trí thumoideachas na réaltachta fíorúla, ag tabhairt léargais ar na tionscadail nua spreagúla atá todhchaí an phobail á múnlú acu.

Déanann Gradaim Sármhaitheasa na Rialtas Áitiúil, arna n-urrú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ceiliúradh ar an méid iontach atá déanta ag na hÚdaráis Áitiúla ar fud na hÉireann. Chuir Comhairle Contae Fhine Gall ceithre thionscnamh ar thaispeáint, ag léiriú an geallanas aici don tsármhaitheas i réimsí éagsúla, ó athchóiriú na hoidhreachta go dtí tacaíocht an phobail.