Balbriggan Enterprise and Training Centre expand remote working desks

D'fhógair Ionad Oiliúna agus Fiontair Bhaile Brigín (BEaT) síneadh leis an spás oifige do ghnólachtaí beaga agus daoine ar mian leo cianobair a dhéanamh agus laghdú a dhéanamh ar chomaitéireacht.

D'fhógair Ionad Oiliúna agus Fiontair Bhaile Brigín (BEaT) síneadh leis an spás oifige do ghnólachtaí beaga agus daoine ar mian leo cianobair a dhéanamh agus laghdú a dhéanamh ar chomaitéireacht.

"Tá Ionad Oiliúna agus Fiontair Bhaile Brigín 20 bliain d'aois anois, agus tá sé de rún againn an t-ionad a bhrandáil as an nua le lógó agus suíomh gréasáin nua roimh mhí an Mhárta," a deir bainisteoir BEaT Ria Stubbs.

"Bainfidh an áis nua úsáid as Aonad a Naoi san Ionad Oiliúna agus Fiontair. Tá sé beartaithe na ceithre sheomra oiliúna agus cistin atá ann a athchóiriú ina spás oibre comhroinnte.

Rinneadh maoiniú LEADER ar fiú €200,000 é a réamhcheadú le gur féidir na háiseanna BEaT a shíneadh. Mar gheall ar sin, is ionann an buiséad iomlán atá ar fáil don athfhorbairt agus €260,000. Beidh 18 ndeasc ar fáil, roinnt acu in oifigí aonair, chomh maith le seomra cruinnithe agus spás comhroinnte lena úsáid ag grúpaí pobail san áis athchóirithe 3,200 troigh chearnach.

Cuirfear cúig dheasc ar fáil ar an bpointe do dhaoine áitiúla ar gá leo spás oifige dá gcuid gnó, agus tá sé beartaithe 18 ndeasc eile a chur leis i rith 2020. Beidh deasca sealaíochta agus spás oifige ar fáil. Is freagairt é an síneadh ar BEaT ar an dúil a cuireadh in iúl sa suirbhé Ár mBaile Brigín inar chuir 49% de na 4,000 duine a ndearnadh suirbhé orthu in iúl gur mhaith leo go gcuirfí mol digiteach agus spás do ghnólachtaí nuathionscanta ar fáil mar chuid den bhunathrú chun feabhais €20 milliún atá á dhéanamh ag an gComhairle ar an mbaile leis an daonra is óige in Éirinn.

De réir Dhaonáireamh 2016, tá líon na gcónaitheoirí a oibríonn go háitiúil i mBaile Brigín íseal i gcomparáid le bailte comaitéireachta eile atá chomh mór céanna. "Táthar ag súil leis go gcuirfear tús le hobair roimh mhí an Mheithimh, chomh luath is a fhaightear an phleanáil agus an maoiniú atáthar ag súil leis"

"Ní chosnaíonn roinnt deasca ach €50 in aghaidh na seachtaine nó €190 in aghaidh na míosa," a deir Ria Stubbs.

"Tacóidh na pleananna athchóirithe agus sínidh seo lenár ngealltanas mar chuid den Phlean Athnuachana Bhaile Brigín, chun tacú le tallann atá ag teacht chun cinn, fiontar a fhás agus poist nua a mhealladh chuig an mbaile," a deir Emer O'Gorman, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair agus Turasóireachta, Comhairle Contae Fhine Gall.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an áis seo i mBaile Brigín, tabhair cuairt ar beat.ie