Bí Gníomhach i mí Lúnasa le Dúshlán Páirceanna agus Conairí Fhine Gall

Tá áthas ar Chathracha Gníomhacha Bhaile Átha Cliath agus ar Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Ná Fág Aon Rian i do Dhiaidh cuireadh a thabhairt duit chuig seoladh Dhúshlán Páirceanna agus Conairí Fhine Gall ag Teach agus Feirm an Droichid Nua, Domhnach Bat Dé hAoine, an 4 Lúnasa ag 11am.

parks and trails as gaeilge

Bí Gníomhach i mí Lúnasa le Dúshlán Páirceanna agus Conairí Fhine Gall

Tá áthas ar Chathracha Gníomhacha Bhaile Átha Cliath agus ar Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Ná Fág Aon Rian i do Dhiaidh cuireadh a thabhairt duit chuig seoladh Dhúshlán Páirceanna agus Conairí Fhine Gall ag Teach agus Feirm an Droichid Nua, Domhnach Bat Dé hAoine, an 4 Lúnasa ag 11am.

Bí linn le haghaidh maidin cheiliúrtha agus muid ag cur tús le dúshlán míosa ina n-iarrtar ar an bpobal conairí siúil a iniúchadh ar fud páirceanna agus bailte timpeall Fhine Gall chun iarracht a dhéanamh réimse duaiseanna iontacha a bhuachan!

Tá sé éasca páirt a ghlacadh. Is féidir le daoine clárú ar líne ag www.fingal.ie/parks-trails. Nuair a bheidh an clárú críochnaithe, beidh mí iomlán Lúnasa ag rannpháirtithe chun cuairt a thabhairt ar cheithre cinn de shuíomhanna páirce iontacha Fhine Gall, lena n-áirítear Teach agus Feirm an Droichid Nua, Páirc agus Diméin Ard Giolláin, Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde, Páirc San Caitríona, Páirc na Mílaoise, agus Diméin Sheantraibh. Chun deis a fháil réimse duaiseanna iontacha a bhuachan, glac grianghraf ag na meirgí spota féiníní atá i bhfolach i ngach ceann de pháirceanna agus suíomhanna conairí Fhine Gall agus cuir isteach do ghrianghraif chuig www.fingal.ie/parks-trails. I measc na nduaiseanna tá pasanna teaghlaigh don Ionad Náisiúnta Uisce, ciseáin phicnice, mugaí agus go leor eile. Ní mór ceithre féinín ó gach páirc a uaslódáil chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Bronnfar na duaiseanna go seachtainiúil i rith mhí Lúnasa.

Tá sceitimíní ar dhaoine faoin tionscnamh agus beidh Méara Fhine Gall, an Clr. Adrian Henchy i láthair ag an seoladh. Creideann sé gur deis iontach é don phobal dul amach faoin aer agus taitneamh a bhaint as na páirceanna áille i bhFine Gall:

“Tá an t-ádh dearg orainn anseo i bhFine Gall go bhfuil cuid de na páirceanna is áille sa tír againn. Is deis iontach é an Dúshlán Páirceanna agus Conairí chun taithí a fháil ar an dúlra go pearsanta agus taitneamh a bhaint as codanna de Fhine Gall nach bhfuil feicthe agat roimhe seo. Tá mé ag súil go mór leis an turas go dtí an Droichead Nua Dé hAoine, an 4ú Lúnasa. Beimid ag tosú ag 11am agus táim ag cur fáilte romhaibh go léir teacht agus a bheith linn."

Léirigh an Príomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly, smaointe den chineál céanna, agus bhí an méid seo le rá aici:

“Is acmhainn iontach saor in aisce iad páirceanna nua agus stairiúla ar fud an chontae d'áitritheoirí agus do chuairteoirí ar Fhine Gall agus is deis iontach é seo chun iad a iniúchadh. Ba mhaith liom gach duine a bhfuil baint acu leis a mholadh go pearsanta agus táim ag súil le maidin iontach ceiliúrtha."

Is tionscnamh é dúshlán Páirceanna agus Conairí Fhine Gall a chruthaigh Cathracha Gníomhacha agus Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht le Ná Fág Aon Rian i do Dhiaidh.

Tá Tionscadal na gCathracha Gníomhacha maoinithe ag Spórt Éireann agus tá sé mar aidhm aige stíleanna maireachtála níos sláintiúla a saoránach a chur chun cinn trí ghníomhaíocht choirp, beag beann ar aois nó cumas. Dúirt Ian Farrell, comhordaitheoir na gCathracha Gníomhacha i bhFine Gall:

“Is deis iontach é seo do dhaoine spraoi a bheith acu agus a bhfuil ar fáil i bhFine Gall a iniúchadh agus iad ag coinneáil aclaí agus sláintiúil ag an am céanna. Táim ag tnúth le gach duine a fheiceáil ag Teach agus Feirm an Droichid Nua an 4 Lúnasa ag 11am le haghaidh maidin spleodrach agus taiscéalaíochta."

Tugann Ná Fág Aon Rian i do Dhiaidh spreagadh don pobal páirceanna a choinneáil glan trí bhruscar a dhiúscairt i gceart, an fiadhúlra nádúrtha agus an fásra a chosaint, agus iompraíochtaí dearfacha lasmuigh a chur chun cinn agus iad ag nascadh leis an dúlra. Déanann siad iarracht timpeallacht shláintiúil a chothú trí thaighde, oideachas agus for-rochtain ionas gur féidir le gach duine an saol amuigh faoin spéir a chosaint agus taitneamh a bhaint as ar bhealach freagrach.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar Dhúshlán Páirceanna agus Conairí Fhine Gall, téigh chuig www.fingal.ie/active-cities/fingal-parks-and-trails-challenge.

Fingal Parks and Trails
fingal parks and trail 1
Newbridge House