Bí i láthair d'Eispéireas Faire Ollmhór i bhFine Gall do Chorn an Domhain

An bhfuil tú ag lorg an bealach is fearr chun féachaint ar chéad chluiche na hÉireann i gcoinne na hAstráile i gCorn an Domhain? Bí i láthair d'Eispéireas Faire Ollmhór i bhFine Gall!

watch party

**Díolta Amach Anois**

An bhfuil tú ag lorg an bealach is fearr chun féachaint ar chéad chluiche na hÉireann i gcoinne na hAstráile i gCorn an Domhain? Bí i láthair d'Eispéireas Faire Ollmhór i bhFine Gall!

Tá áthas ar Oifig Spóirt Fhine Gall a fhógairt go mbeidh Cóisir Faire na mBan de chuid FAI Fhine Gall, an cóisir faire is mó in Éirinn, ar siúl an 20 Iúil ag Láthair Faoi Dhíon Spórt Éireann, Baile Bhlainséir. Is féidir le lucht leanúna a bheith ag súil le heispéireas thar na bearta agus iad ag teacht le chéile chun tacú le Foireann na hÉireann ina gcluiche ríthábhachtach i gCorn an Domhain i gcoinne na hAstráile.

"Tá áthas mór orainn Cóisir Faire Chorn Domhanda na mBan a óstáil chun tacú le hÉirinn," a dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall. "Is léiriú é an ócáid seo ar ár dtiomantas do pheil na mban sa phobal agus ar éachtaí dochreidte Fhoireann na hÉireann. Deis atá ann do lucht leanúna an spóirt a thabhairt le chéile agus a cheiliúradh agus muid ag tabhairt tacaíochta dár bhfoireann náisiúnta."

Is imeacht saor in aisce é seo agus ní mór ticéid a chur in áirithe ar Eventbrite. Osclófar na doirse ag 9:30 am, rud a ligfidh do lucht tacaíochta an gníomh beo a fheiceáil ar an scáileán ollmhór, ag cruthú atmaisféar atá cosúil leis an atmaisféar a bhíonn sa staidiam féin. Ní ach roinnt ticéad ar fáil, mar sin is féidir le lucht freastail a bheith ag súil le heispéireas eisiach agus tumthach. Moltar go mór áit a chur in áirithe go luath chun áit a fháil ag an imeacht tábhachtach seo.

Chomh maith leis an gcluiche, beidh deis ag an lucht freastail a gcruthaitheacht agus a dtacaíocht gan staonadh d'Fhoireann na hÉireann a thaispeáint trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas "an leantóir is fearr gléasta." Tá duaiseanna dóibh siúd a léiríonn gur sár-leantóirí iad ar nós geansaí sínithe na hÉireann. Bí ag súil le cultacha iontacha agus cairdeas bríomhar i measc lucht tacaíochta eile.

Ach ní chríochnaíonn an fuadar leis an gcluiche! Tá Cóisir Faire na mBan de chuid FAI Fhine Gall tar éis raon gníomhaíochtaí réamh-chluiche agus iar-chluiche a choimeád chun an fuinneamh a choinneáil ard. Tá ticéid do Chóisir Faire na mBan de chuid FAI Fhine Gall ar fáil anseo - bit.ly/FingalWatchParty

 

 

 

Women's World Cup Watch Party - Australia V Ireland

Diane Caldwell and Izzy Atkinson meet the Mayor of Fingal and talk about the FIFA Women's World Cup

Diane Caldwell as Baile Brigín agus Izzy Atkinson as an Ros ag seoladh an Chóisir Faire le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy