Bígí réidh chun Ailtireacht Shaibhir Fhine Gall a fhiosrú le linn Open House (Teach Oscailte) 2024
Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall romhaibh chun Ailtireacht Fhine Gall a fhiosrú le linn Teach Oscailte 2024 a bheidh ar siúl ón 12-20ú Deireadh Fómhair, 2024.
Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall romhaibh chun Ailtireacht Fhine Gall a fhiosrú le linn Teach Oscailte 2024 a bheidh ar siúl ón 12-20ú Deireadh Fómhair, 2024. I gclár turais Fhine Gall Dé Sathairn, an 19ú Deireadh Fómhair, tá rud éigin chun gach duine a mhealladh ó Ionaid Phobail agus Forbairtí Tithíochta nua-aimseartha agus nua-chríochnaithe go hathchóiriú agus caomhnú ár bhfoirgneamh stairiúla.
I gclár Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath do 2024, a seoladh sa Lark i mBaile Brigín, a bhfuil duaiseanna buaite aige, tá 200+ imeacht ar fáil do gach duine saor in aisce an Deireadh Fómhair seo, le turais threoraithe ar fhoirgnimh, spásanna lasmuigh agus tithe príobháideacha, comhráití ar ábhair reatha, taispeántais, cuairteanna ar stiúideonna ailtirí, ceardlanna agus go leor eile.
I measc na dturas i bhFine Gall tá Caisleán Mhullach Íde agus Teach an Droichid Nua, Caisleán Shoird agus Athchóiriú Leabharlann Shaor Carnegie, Caisleán agus Tithe Gloine Ard Giolláin, Ionad Pobail Bhaile Maidheac agus Forbairtí Tithíochta Chúirt Uí Bhuadáin agus Cúirt na Mainistreach.
Osclaíonn an clár le deireadh seachtaine Sóisearach do leanaí agus teaghlaigh ar an 12ú agus 13ú Deireadh Fómhair, agus i bhFine Gall beidh roinnt ceardlann Ealaíon agus Ceardaíochta againn i Leabharlanna Bhaile Brigín agus an Rois ar an Satharn. Reáchtálfar comórtas LEGOⓇ ar líne freisin mar chuid den fhéile, ag fáiltiú roimh leanaí i ngach áit dul i mbun tógála, agus beidh duaiseanna speisialta le buachan.
Dúirt Fionnuala May, Ailtire Contae, Comhairle Contae Fhine Gall: “Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tacú le clár Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath arís i mbliana agus sinn ag fáiltiú roimh an bpobal cuairt a thabhairt ar ailtireacht éagsúil an Chontae idir Chaisleáin agus Tithíocht Aoisbháúil, caomhnú agus athúsáid foirgneamh stairiúla agus dearadh nuálach agus íogair spásanna poiblí nua cosúil le hIonad Pobail Bhaile Maidheac.”
Sonraí faoi chuid de na turais ar an 19ú Deireadh Fómhair, 2024
- Ionad Pobail Bhaile Maidheac atá díreach críochnaithe agus deartha go híogair, arna fhorbairt ag Comhairle Contae Fhine Gall agus suite i gcúinne oirdheiscirt Pháirc Bhéal Átha Liag.
- Tabhair cuairt ar dhá cheann dár bhForbairtí Tithíochta a críochnaíodh le déanaí – Cúirt Uí Bhuadáin, scéim tithíochta sóisialta a críochnaíodh le déanaí laistigh d’achar siúlóide 20 nóiméad ón bPríomhshráid, Sord agus Cúirt na Mainistreach, Lusca, áit a n-ionchorpráíonn gach áitreabh gnéithe dearaidh aoisbháúla mar dhoirse ollmhóra, cithfholcadáin inrochtana agus seomra breise atá oiriúnach do chúramóir.
- Aibhseoidh turas Leabharlann Shaor Carnegie stair ghinearálta an fhoirgnimh agus leagfar amach cineál na n-oibreacha a críochnaíodh chun spás ealaíon nua a sholáthar i Sord.
- Téigh ar thuras trí 800 bliain de stair ag Caisleán Mhullach Íde agus féach ar oibreacha caomhnaithe 2022 ar an Halla Mór, an seomra stáit is galánta i bhfoirgneamh stairiúil an Chaisleáin.
- Tabhair cuairt ar Chaisleán Ard Giolláin atá athchóirithe agus na seomraí agus cistineacha ar urlár na talún atá oscailte do thurais threoraithe agus neart spásanna atá á n-úsáid faoi láthair mar stiúideonna d’ealaíontóirí, agus tabhair cuairt ar na hoibreacha athchóirithe ar thithe gloine stairiúla ag tosú i nGairdín na Rós.
- Fiosraigh Teach an Droichid Nua, ina bhfuil ceann den intí Seoirseach is fearr caomhnaithe sa tír, ag tabhairt deis annamh staidéar a dhéanamh ar bhailiúchán Éireannach ina chomhthéacs stairiúil.
- Turas siúlóide seachtrach ar oibreacha caomhnaithe Chaisleán Shoird a dhear Rannóg na nAiltirí i gComhairle Contae Fhine Gall agus a críochnaíodh le seacht mbliana 7 anuas.
- Ionad Naomh Mac Cuilinn, Lusca, iar-shéipéal ó 1847 i gcroílár Lusca meánaoiseach ina bhfuil fuinneoga áille gloine daite.
I measc na dturas eile tá Ceoláras an Lark i mBaile Brigín ar an Satharn agus Domhnach agus deiseanna cuairt a thabhairt ar an tSráid Ard, Baile Brigín le Robert Bourke Architects agus Island Architects.
Ag labhairt dó ag seoladh cláir Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath a reáchtáladh ag Ceoláras an Lark, Baile Brigín, dúirt Emmett Scanlon, Stiúrthóir Fhoras Ailtireachta na hÉireann: “B’fhéidir inniu, níos mó ná riamh, teastaíonn am agus spás ó dhaoine chun teacht le chéile, chun díospóireacht agus plé a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le Baile Átha Cliath anois agus cad atá in ann di. Maidir le Foras Ailtireachta na hÉireann, is é Teach Oscailte Bhaile Átha Cliath ár gcuireadh, atá oscailte do chách, chun scrúdú agus machnamh a dhéanamh ar ár gcontae agus cathair agus aghaidh a thabhairt le chéile ar an méid a fheicimid. Táim cinnte i mbliana, ag ár 19ú eagrán, go rachaidh na mílte duine de gach aois ar thurais, ag fáil taithí ar iontais agus éachtaí ailtireachta Bhaile Átha Cliath, san am atá thart agus san am i láthair; beidh na mílte eile ina bhfinnéithe ar obair na bpobal láidir, ilghnéitheach, atá mar chosantóirí a n-áite. Is iad an bhunchloch ar a dtógtar an chuid is fearr de Bhaile Átha Cliath i gcónaí.”
Tá gach imeacht Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath saor in aisce. Ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré do go leor imeachtaí – téigh chuig www.OpenHouseDublin.com, áit ar féidir sonraí iomlána an chláir a fháil, lena n-áirítear na himeachtaí a dteastaíonn réamháirithint uathu.