Breis is €42,000 de dheontais  faighte ag grúpaí áitiúla chun cabhrú leo   spásanna poiblí a dhearadh i mBaile Brigín

Stair áitiúil, taispeántais, gairdíní pobail agus ealaín sráide, níl iontu ach cuid de na tionscadail a bhainfidh tairbhe as fógairt Chomhairle Contae Fhine Gall maidir le deontais rathúla, tionscadail a léireoidh cruthaitheacht an bhaile agus a chuideoidh le braistint féiniúlachta agus cuimsiú sóisialta a fhorbairt i mBaile Brigín

Pride Mural

Stair áitiúil, taispeántais, gairdíní pobail agus ealaín sráide, níl iontu ach cuid de na tionscadail a bhainfidh tairbhe as fógairt Chomhairle Contae Fhine Gall maidir le deontais rathúla, tionscadail a léireoidh cruthaitheacht an bhaile agus a chuideoidh le braistint féiniúlachta agus cuimsiú sóisialta a fhorbairt i mBaile Brigín.

Tá os cionn €42,000 bronnta ar 16 thionscadal tríd ár gCiste um Chomhfhorbairt Áite i mBaile Brigín, a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh chun spásanna poiblí a athshamhlú agus a athchruthú sa bhaile álainn cois farraige i bhFine Gall Thuaidh.

Creideann Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh go gcuimsíonn na sé thionscadal déag meascán sláintiúil de smaointe a chuidíonn le timpeallacht atá níos fáiltiúla a chruthú sa bhaile do gach aoisghrúpa

Dúirt sí “Tá an-mhianach i mBaile Brigín cheana féin, agus feabhsóidh an maoiniú seo nascacht an phobail le spásanna poiblí anseo. Is iontach an rud é raon chomh leathan de thionscadail a fheiceáil rud a léireoidh ní amháin taobh cruthaitheach de Bhaile Brigín, ach a chuideoidh leis an iliomad grúpaí pobail agus deonacha a oibríonn go dian dícheallach chun féiniúlacht agus cuimsiú sóisialta a chothú sa bhaile,”

Shell Art

Cabhróidh na tionscadail éagsúla le mórtas áite agus féiniúlacht a neartú i measc mhuintir an bhaile, tacóidh siad le deiseanna chun naisc shóisialta a chruthú agus spreagfaidh sé gníomhaíochtaí nua in áiteanna poiblí. I measc na dtionscadal rathúil tá tionscadail atá faoi stiúir Foróige, Pobal Fearann an Chaisleáin, Oideachas Le Chéile Bhrí Mór, agus Féile na nDreoilíní Teaspaigh, agus deontais idir €1,100 agus €5,000 faighte acu, agus tacóidh se  le tionscadail a chuirfidh le heispéiris chónaitheoirí agus chuairteoirí.

 I measc na n-iarratasóirí rathúla tá Cumann Drámaíochta Bhaile Brigín a fuair €3,000 chun taispeántas grianghraf agus cuimhneachán a óstáil chun 75 bliain na heagraíochta a chomóradh. Agus é ar siúl ó Mhárta go Nollaig 2022, beidh sé ar taispeáint sa La La Café i bhfoirgneamh Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann.

Agus oidhreacht mhuirí agus timpeallacht chósta Bhaile Brigín á cheiliúradh aige, bronnadh €4,500 ar Ghrúpa Chlós Súgartha Bhaile Brigín chun saothar dealbhóireachta cloiche fíorálainn agus físéifeachtach de chuid an ealaíontóra áitiúil, Darren Rodgers a chruthú.

Aithníodh sárobair Bhailte Slachtmhara Bhaile Brigín freisin le deontas de €1,250 don tionscadal ‘Balbriggan is Buzzing’, a bhfuil sé mar aidhm aige limistéir súgartha nádúrtha a chruthú do leanaí agus, a spreagfaidh comhbhá leis an dúlra, agus a mhúinfidh faoin mbithéagsúlacht ag an am céanna.

Bronnadh €3,000 ar an ‘Community Canvass Project’ atá faoi stiúir Alison O’Grady agus léaráid tarraingthe ar seasca canbhás i gceist leis, iad curtha le chéile in aon íomhá mhór amháin. Tá cuireadh tugtha do chónaitheoirí am a roghnú agus ceann de na canbháis a phéinteáil, chun íomhá mór amháin a chruthú a dhéanfar é a dhigitiú agus a atáirgeadh le haghaidh suiteála.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is mian le Comhairle Contae Fhine Gall leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag tacú le beogacht Bhaile Brigín trí thionscnaimh chruthaitheacha agus mhealltacha mar na comhfhorbairtí áite seo a neartóidh creatlach sóisialta, fisiceach agus eacnamaíoch an bhaile agus a chabhróidh le cónaitheoirí, gnólachtaí agus cuairteoirí nua a mhealladh.”

Ar a chéad chuairt oifigiúil ar Bhaile Brigín le déanaí, chuaigh an Taoiseach Micheál Martin ar thuras timpeall limistéar an chuain agus mhínigh an Chomhairle na pleananna uaillmhianacha athnuachana atá acu don bhaile dó. Thar thréimhse 2020-2027, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag súil le hinfheistíocht phoiblí tuartha níos mó ná €50m ar an iomlán i mBaile Brigín.

 

Seo a leanas na tionscadail ar éirigh leo faoin gCiste um Chomhfhorbairt Áite is déanaí:

 

Balbriggan Podcast 

€1,667 

 

Castleland Community Centre

€2,200 

 

Balbriggan Drama Society

€3,000 

 

Balbriggan Playground Group

€4,500 

 

Dear Balbriggan Magazine 

€3,500 

 

Grasshoppers Early Years Festival 

€2,800 

 

Newhaven Residence Association

€2,000 

 

Reach Group

€2,350 

 

Bremore Educate Together 

€5,000 

Balbriggan Tidy Towns

€1,250 

 

Chapel Gate/Pineridge Residents Association - 

€2,000 

 

Foroige

€2,000 

 

Alison O’Grady

€3,000 

Balbriggan Pumpkin Patch- 

€1,260 

Taylor Hill Residents Association 

€1,100 

Irish Institute of Music & Song 

€4,500 

Aerial Shot of Balbriggan