Buaiteoir Gradam Stiúideo Teach Bád Loch Sionnaigh na bliana 2024 - Louis Haugh

Cuireann sé áthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall a fhógairt gur bronnadh an chéad Ghradam Stiúideo Teach Bád Loch Sionnaigh ar Louis Haugh.

Louis Hough Headshot

Íomhá: Louis Haugh, le ceadchaoin an ealaíontóre.

Cuireann sé áthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall a fhógairt gur bronnadh an chéad Ghradam Stiúideo Teach Bád Loch Sionnaigh ar Louis Haugh. S'é cuspóir an ghradaim nua seo ná stiúideo lánmhaoinithe a chur ar fáil d'fhísealaíontóir gairmiúil chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar shaothar nua mar fhreagra ar thimpeallacht chósta Loch Sionnaigh agus na gceantar máguaird.

Taitneamhacht iontach nádúrtha is ea cósta Fhine Gall agus is acmhainn thábhachtach an fhiadhúlra é don iliomad na bplandaí agus na n-ainmhithe a chónaíonn i líon éagsúil na ngnáthóga atá le fáil timpeall ar a chladach. Cuireann an tionscnamh seo maoiniú ar fáil chun cur ar chumas an ealaíontóra féachaint agus iniúchadh a dhéanamh ar bhithéagsúlacht Fhine Gall, ar ghnáthóga cósta agus ar thionchair athrú na haeráide. Cuirfidh an t-iartheach bád, atá suite i sráidbhaile álainn cois cósta Loch Sionnaigh, spás iontach ar fáil don ealaíontóir le tabhairt faoi thaighde, le idirghníomhú le speisialtóirí comhshaoil ​​agus le teagmháil a dhéanamh le pobail na háite. Déanfaidh an t-ealaíontóir a thionscadal a fhorbairt idir mí Meán Fómhair na bliana 2024 agus mí Bealtaine na bliana 2025 agus cruthóidh sé saothar nua a dhíreoidh ar bhithéagsúlacht agus ar timpeallacht nádúrtha Fhine Gall.

Cuirfidh Louis Haugh, físealaíontóir atá ag obair sa ghrianghrafadóireacht, san fhuaim agus sa ysuiteáil, tús lena chónaitheacht go luath i mí Mheán Fómhair. Is as Baile Hart i mBaile Átha Cliath 15 ó dhúchas é, agus díríonn saothar Louis ar an éiceolaíocht agus ar an mbithéagsúlacht. Mar chuid de chlár imeachtaaí Chomhairle Contae Fhine Gall le haghaidh Seachtain Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath, éascóidh sé ceardlann ar Choipeadh Nádúrtha le húsáid á bhaint as luibheolaíochtaí foráiste na háite ag an teach báid Dé Sathairn an 14 Meán Fómhair.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Brian McDonagh “Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil do Louis Haugh as á roghnú don ghradam seo a fháil, tá lúcháir orm toradh a chuid ama agus a chuid oibre a fheiceáil. Is téama iontach é béim a chur ar thábhacht ár mbithéagsúlacht chósta agus guím gach rath air."

Dar le hOifigeach Ealaíon an Chontae, Sarah O’ Neill “Tá áthas mór ar Oifig Ealaíon Fhine Gall an deis nua seo a thionscnamh. Mar chuid den ghealltantas leanúnach againne tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí gairmiúla, cuirfidh an gradam seo am agus spás luachmhar ar fáil chun saothair nua a fhorbairt, chun an comhoibriú a spreagadh le saineolaithe na bithéagsúlachta agus chun na naisc a chur le chéile le pobal na háite”.

Mar a dúirt Louis Haugh nuair a bronnadh an gradam air, “Tá an-áthas orm gur bhronn Oifig Ealaíon Fhine Gall Cónaitheacht Stiúideo Teach Bád Loch Sionnaigh orm. Mar ealaíontóir as Fine Gall ó dhúchas, tá baint mhór ag an gcósta seo liom agus táim an-fhonn orm iniúchadh a dhéanamh ar stair shaibhir, ar gheolaíocht chasta agus ar éiceolaíocht thábhachtach an cheantair san naoi mí atá romhainn. Táim ag tnúth le mo chuid ama a úsáid i Loch Sionnach chun tús a chur le saothar nua a dhíreoidh ar an gcleachtas grianghrafadóireachta agamsa trí shraith na gceardlanna sóisialta agus imeachtaí stiúideo a reáchtáil.”

Is físealaíontóir as Baile Átha Cliath é Louis Haugh le cúlra aige sa ghrianghrafadóireacht agus sna físeáin, agus is minic a bhíonn a chuid saothair gafa go sóisialta agus dírithe ar an bpobal. Baineann an saothar aige leis an éiceolaíocht, leis an mbithéagsúlacht, leis an tírdhreach agus le comhdhualgais gach éinne againne maidir le géarchéim na haeráide. Mar bhonn agus mar thaca ag an obair seo, tá fealsúnacht atá bunaithe ar an éiceafheimineachas, ar staidéir aeracha agus ar chleachtais na dícholóineachta. Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon (Sparántas Rannpháirtíocht sna hEalaíona 2024) agus Comhairle Contae Fhine Gall (Sparántacht Ealaíontóra 2024) le hobair Louis. I measc na dtionscadal aige le déanaí tá: Queer Ecologies (Eiceolachtaí Aeracha); The Balcony Project, Ionad Tionscadail na hEalaíona (Project Arts Centre), 2024, Talking Trees (Crainn ag Caint), An Lár-Mhodhscoil Shinsearach agus Gealaraí LAB, 2024 and Ó Liath Go Glas, Ionad Tionscadail na hEalaíona agus RADE (Tearnamh trí Oideachas na hEalaíons agus na Drámaíochta), 2023.

Tá tuilleadh eolais le feiceáil ag: www.fingalarts.ie www.fingal.ie  www.dcaw.ie

Loughshinny Boathouse Artists’ Studio