Caisleán Shoird curtha faoi gheasa ag Leabharlanna Fhine Gall le Féile Litríochta na Leanaí, Draíocht an Scéil

Reáchtálann Leabharlanna Fhine Gall Féile Dhraíochta Litríocht na Leanaí ag Caisleán Sord

The Magic of Stories 2024

Reáchtálann Leabharlanna Fhine Gall Féile Dhraíochta Litríocht na Leanaí ag Caisleán Sord

Dé Satharn an 28 Meán Fómhair 2024, tháinig breis agus 2,000 duine go Caisleán Sord le haghaidh Féile Draíocht an Scéil, arna óstáil ag Leabharlanna Fhine Gall. Rinne an fhéile dhraíochta seo litríocht na leanaí a cheiliúradh le lá lán de scríbhneoirí, de mhaisitheoirí agus de léirithe amharclainne, ceoil agus ealaíne iontacha, ag cur an spraoi agus na cruthaitheachta os comhair teaghlaigh as gach cearn Fhine Gall. Ba fhíortheist í an fhéile ar phaisean an phobail do leabhair agus don scéalaíocht, rud a spreag grá don litríocht i measc na leanaí agus na dteaghlach araon.

Magic of Stories Festival 24

Thapaigh iad siúd i láthair an deis bualadh le roinnt na n-údar agus na maisitheoirí is fearr leo. D'fheidhmigh Séipéal Chaisleán Shoird mar chroílár na cruthaitheachta agus na hinspioráide agus é ag óstáil na na n-údar iomráiteach Tarsila Krüse, Sarah Bowie, Paddy Donnelly, agus Marita Conlon-McKenna. Léigh gach údar óna leabhair, ag freagra na gceisteanna, agus léargas ar a gcuid scéalta agus ar phróiseas na cruthaitheachta á chur ar fáil acu. Léigh Niamh Sharkey agus Owen Churcher as an scéal iontach ‘Hello Bird’ i bPuball na Scéalta chomh maith le “Monster Doodle” ina dhiaidh sin. Bhí amhráin, scéalta agus puipéid le Sarah Sparkles ar siúl sa phuball chomh maith le ‘Magnificent Mask-Making’ le Margaret-Anne Suggs. Chuir an Cheolfhoireann Bits and Bobs siamsaíocht ceoil ar fáil agus thug siad deis don lucht éisteachta óg suairc an cheolfhoireann a stiúradh agus fiú triail a bhaint as na huirlisí.

Magic of Stories Festival 24

Rinne Alan Nolan siamsa don lucht féachanna i bPuball na Siollóga le The Great Castle Drawalong, sular thug sé gach éinne ar thóraíocht taisce éachtach trí fhearann an chaisleáin. Ba mhór an spraoi a d'éirigh nuair a bhuail na húdair Leona Forde agus Derek Landy lena gcuid lucht leanúna agus iad ag léamh óna gcuid leabhar agus ceisteanna a fhreagairt. D’inis Chris Judge dúinn faoin mórdhíoltóir grinn ‘Evil Duck’ aige agus roinn sé cúpla cleas diabhalta na líníochta. Ba dheis iontach í Draíocht freisin an tionscnamh spreagúil ‘Déanta i Sord’ a sheoladh. Is tionscadal comhoibríoch é ‘Déanta i Sord’ idir Chris Judge agus daltaí na hIdirbhliana de chuid Choláiste Pobail Fhine Gall le haghaidh úrscéal grafach agus saothar ealaíne a chur le chéile don chlár tógála ar an tSráid Thuaidh, Sord.

Magic of Stories Festival 24

Chuir foireann leabharlann Fhine Gall fáilte roimh an lucht freastail ag Puball Beag na Leabharlainne le mórán eolais ar conas dul isteach sa leabharlann agus ar na seirbhísí a chuireann Leabharlanna Fhine Gall ar fáil agus deis chun Rothar Leabhar úrnua na Leabharlainne a fheiceáil. Bhain na teaghlaigh an-taitneamh as triail a bhaint as raon na mbréagán céadfach a bhí ar fáil le fáil ar iasacht ó bhrainsí áitiúla na leabharlainne agus ag as imirt le cluichí garraíodóireachta a chuir Rannóg Spóirt Fhine Gall ar fáil. Ina measc, bhí Tráth na  Scéalaíochta, Déantús Léarscáileanna na Smahlaíochta, agus Stáisiún na Cruthaitheachta a raibh ard-thóir alr le Niamh Sharkey agus Mary Murphy. Bhí Áine Gallagher le fáil anseo chomh maith le ‘Cupán na bhFocal’ ollmhór aici chomh maith lena ‘A Snail’s Tale’ i rith an lae, ag dul trí fhearann an chaisleáin agus ag cur gliondair ar an lucht freastail agus iad ar thóir an mhaithis agus an ghrá a fháil don each seilide, Mishelle.

Magic of Stories Festival 24
Magic of Stories Festival 24

Croílár na gníomhaíochta a bhí i gCrios na Cruthaitheachta agus é lán le ceardlanna Street Art Ink Graffiti agus Ceangaldhathú Lollipop, an Ealaín agus an Scéalaíocht le Orlaith O’Sullivan, Fís an Linbh agus Messy Play le Louise ó Messy Adventures. Chuaigh na deartháireacha iontacha Fanzini ar fánaíocht ar fhearann an chaisleáin ag siamsaíocht ar gach éinne leis na léirithe idirghníomhacha iontacha grinn acu. I mBalla an Chaisleáin, bhí na Dochtúirí Leabhar ó Leabhair Leanaí na hÉireann ag tabhairt comhairle duine le duine do leanaí faoi na leabhair a mbeidh grá acu dóibh. D’fhág gach leanbh le Pas na Léitheoireachta aige agus le ‘oideas’ ar féidir leis á líonadh isteach féin thar am. Sa Phlainéadlann, thug an t-údar agus an maisitheoir Eve McDonnell samhlaíocht gach éinne ar thuras tríd an spéir os a gcionn a bhí lán le réaltaí.  

Magic of Stories Festival 24

D'fhreastail Méara Fhine Gall, an Clr. Brian McDonagh, chomh maith lenár gComhairleoirí áitiúla ar Dhraíocht an Scéil. Dúirt an Méara “Bhí lá iontach againn ag Draíocht an Scéil i gCaisleán Sord. Féile iontach a bhí inti, í lán le leabhair, leis an spraoi agus leis an gcruthaitheacht! Chuaigh mé in éineacht lmo mhac 6 bhliain d'aois agus leis na col ceathracha 8 mbliain agus 10 mbliain d'aois aige. Chaith siad 6 huair an chloig faoi mhisneach agus faoi shiamsaíocht ó na húdair agus ó na taibheoirí iontacha a thug an oiread sin ama agus fuinnimh do gach leanbh i láthair. Níorbh fhéidir liom méad na gceardlanna, na léamh agus na ngníomhaíochtaí éagsúla a bhí ar siúl a chreidiúint! Ní féidir linn fanacht nó go dtagann an Fhéile seo ar ais chugainn arís an bhliain seo chugainn! Is féidir liom á mholadh go hard.”

Dar le Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae “Tugann Féile Draíocht an Scéil údair, maisitheoirí agus daoine cruthaitheacha le chéile i gCaisleán Shoird, ag tabhairt deis ar leith do leanaí dul i ngleic leis na scéalaithe a gcuireann anam sna scéalta is fearr leo. Agus í suite os comhair éadan chúlra draíochta Caisleán Shoird, cuireann an fhéile spás ar fáil ina bhfuil an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht faoi bhláth, ag ceiliúradh áthas na scéalta i dtimpeallacht fhíor-draíochta. Léiríonn rath na féile an ról a imríonn na leabharlanna i gcroílár ár gcuid phobal, ag cur seirbhísí cuimsitheacha saor in aisce agus imeachtaí mar seo ar fáil do chách.”

The Magic of Stories 2024

Lá draíochta a bhí i i nDraíocht an Scéil, lán le gliondar agus spleodar. Thug Leabharlanna Fhine Gall deis ar leith freisin do gach leanbh a d’fhreastail ar an ócáid leabhar a fháil le tabhairt abhaile chomh maith an deis á shíniú ag an údar is fearr leis sa phuball ‘Cas leis an Údar’. Chuir na haghaidheanna ar mhiongháire agus iad ag imeacht i gcuimhne dúinn go bhfuil an grá don leabhar, don litríocht, agus don leabharlann beo agus slán fós i bhFine Gall. Lá a bhí ann a rinne fíor-cheiliúradh ar dhraíocht na scéalta agus ar áthas na léitheoireachta.

The Magic of Stories 2024