Camchuairt Chorraitheach Cispheil Éireann 3x3 Ar Fud Chontae Fhine Gall – An Chéad Stad Eile i mBaile Bhlainséir ar an 13 Lúnasa!

Léiríonn an chamchuairt chispheile 3x3 buanna eisceachtúla na ndíograiseoirí cispheile áitiúla, ag leagan béime ar an ngné phobail atá mar bhunús ag an spórt seo

Basketball Event Finals Posters

Léiríonn an chamchuairt chispheile 3x3 buanna eisceachtúla na ndíograiseoirí cispheile áitiúla, ag leagan béime ar an ngné phobail atá mar bhunús ag an spórt seo. Cuirtear an lucht féachana agus na rannpháirtithe araon faoi gheasa ag na taispeántais iontacha scile agus lúthchleasaíochta ar an gcúirt, rud a threisíonn tarraingt an spóirt i measc gach aoisghrúpa.

D’éirigh thar barr leis an gcéad dá imeacht i mBaile Brigín agus Sord, ag mealladh sluaite díograiseacha agus aiseolas dearfach ón bpobal. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh an imeacht atá le teacht ag Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir níos spleodraí fós.  

BasketBall Event June 23

"Táimid thar a bheith sásta leis an bhfreagra iontach ar Chamchuairt Chispheile 3x3 Fhine Gall i gcomhar le Cispheil Éireann," a dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall. "Cuireann an chamchuairt béim ar nádúr spleodrach an spóirt agus cuireann sé béim ar an gcairdeas agus spiorad pobail a chothaíonn sé. Tá sceitimíní orainn an chéad imeacht eile a thabhairt go Baile Bhlainséir agus áthas na cispheile a roinnt libh."

"Tá an-rath go deo ar ár gcomhpháirtíocht le hOifig Spóirt Fhine Gall ar an gCamchuairt Chispheile 3x3 seo," a dúirt Paul Carr, Bainisteoir Rannpháirtíochta Chispheil Éireann."Creidimid go láidir i gcumhacht an spóirt chun daoine a thabhairt le chéile, agus is eiseamláir an chamchuairt seo den spiorad sin. Is iontach an rud díograis agus paisean don chispheil a fheiceáil i bhFine Gall, agus táimid ag súil le leanúint ar an aistear seo le chéile.”

Tá an Chamchuairt Chispheile 3x3 oscailte do chách, agus is féidir le lucht féachana a bheith ag súil le lá spleodrach a bheidh lán le scileanna iontacha agus bomaití dodhearmadta. Ba mhaith le hOifig Spóirt Fhine Gall agus Cispheil Éireann buíochas a ghabháil le hIonad Siopadóireachta Ghort an Mhuilinn, Ionad Siopadóireachta Phailliúin Shoird agus Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir as a dtacaíocht chun na himeachtaí spreagúla seo a óstáil.

3x3 BasketBall FingalSports