Cead plaisteach bog a athchúrsáil anois i mBoscaí Athchúrsála Tí Fhine Gall

MyWaste recycling launch

Is féidir gach dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach - plaisteach bog ina measc - a chur i mboscaí athchúrsála tí na hÉireann fad is go bhfuil sé glan, tirim agus scaoilte.

Dúirt an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach, Ossian Smyth TD gur féidir plaisteach bog a chur i mbosca athchúrsála an tí i dteannta plaisteach "docht". 

"Is dul chun cinn suntasach agus an-dearfach é seo ó thaobh athchúrsáil agus bhainistiú dramhaíola na hÉireann. Cuireadh plaistigh bhoga ar an liosta athchúrsála don teach mar gheall ar dhul chun cinn sa teicneolaíocht a úsáidtear i saoráidí athchúrsála na hÉireann. Is dea-scéala é seo agus muid ag obair i dtreo spriocanna athchúrsála an AE a bhaint amach. Faoi láthair in Éirinn, athchúrsálaimid níos lú ná trian den dramhaíl ar fad atá againn ó phacáistíocht phlaisteach. Tá gealltanas tugtha againn go n-ardóimid an méid pacáistíochta plaistí a athchúrsálaimid go 50% faoi 2025 agus go 55% faoi 2030. Is ionann fógra an lae inniu agus céim shuntasach i dtreo na spriocanna seo a bhaint amach," a dúirt an tAire Smyth freisin.

Baineann forbairt an lae inniu leis an iarracht maith a dhéanamh ar thiomantais maidir le pacáistíocht phlaisteach a athchúrsáil mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola don Gheilleagar Ciorclach de chuid an Rialtais.  

Dúirt Pauline McDonogh, Urlabhraí MyWaste - láithreán gréasáin oifigiúil na hÉireann don treoir maidir le bainistiú dramhaíola, go mbeidh scaradh dramhaíola i bhfad níos simplí do lucht an tí as seo amach de bharr gur féidir le muintir na hÉireann plaisteach bog a chur i mbosca athchúrsála an tí anois.

"Is féidir le lucht an tí gach cineál dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach, plaisteach bog san áireamh, a chur sa bhosca athchúrsála anois, fad is go bhfuil sé glan, tirim agus scaoilte. 

"Tá feabhas curtha ar an teicneolaíocht a scarann na hábhair éagsúla sna saoráidí athchúrsála. Seoltar an plaisteach in-athchúrsáilte chuig saoráidí speisialta athchúrsála a dhéileálann le polaiméirí go sonrach. Mura féidir é a athchúrsáil faoi láthair, seolfar mar Bhreosla Athshlánaithe Soladach (SRF) é chun teacht in áit breoslaí iontaise ag áitheanna stroighne."

Is éard a dúirt Roz Purcell, Ambasadóir Fhoireann Ghlas Repak, agus í ag léiriú tacaíochta don fhógra “Is féidir le saoránaigh na hÉireann ról tábhachtach a ghlacadh air féin chun cuidiú le hÉirinn a ráta athchúrsála maidir le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a mhéadú agus leanúint ar aghaidh ag féachaint le bheith níos inbhuanaithe mar shochaí. Is féidir linn difríocht mhór a dhéanamh trí chinntiú go gcuirimid an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a chaithimid uainn - atá glan, tirim agus scaoilte - isteach i mbosca athchúrsála an tí." 

Tá gach cuideachta bailithe dramhaíola atá ceadaithe ag glacadh anois le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach bhog a chuirtear sa bhosca athchúrsála agus é glan, tirim agus scaoilte.

Is féidir liosta mionsonraithe de na hábhair uile lena nglactar anois i mbosca athchúrsála an tí a fháil ar mywaste.ie.