Ceadaíonn Fine Gall breis is €4.5m i ndeontais athchóirithe réadmhaoine folmha

vacant property refurbishment grants

Chun cabhrú le foirgnimh fholmha agus tearcúsáidte a thabhairt ar ais chuig úsáid chónaitheach ar fud an réigiúin, tá breis is €4.5 milliún ceadaithe anois ag Comhairle Contae Fhine Gall in íocaíochtaí deontais faoin scéim Croí Cónaithe.  

Trí rochtain a fháil ar chistí atá ar fáil mar chuid den Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha, tá Fine Gall ag iarraidh roghanna nua a sholáthar do dhaoine chun cónaí i gceantair uirbeacha agus thuaithe trí dheontas a sholáthar chun tacú le hathchóiriú réadmhaoine folmha agus/nó tréigthe.  

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo, atá ar bun le thart ar dhá bhliain, líon na n-áitreabh folamh atá ar fud an chontae a laghdú agus cabhrú le beocht nua a chur i gceantair. Leithdháileadh an €4.5 milliún in íocaíochtaí deontais a ceadaíodh go dtí seo ar 93 teaghlach aonair ar fud an Chontae. 

Tá na suimeanna deontais atá ar fáil faoin scéim Croí Cónaithe ann chun tacú le hiarrthóirí réadmhaoin a thabhairt ar ais chuig úsáid chónaitheach. Tá suas le €50,000 ar fáil d’athchóiriú réadmhaoine folmha lena n-áitiú mar phríomháit chónaithe phríobháideach, nó réadmhaoin a chuirfear ar fáil ar cíos. Is féidir an deontas a mhéadú faoi €20,000 breise má mheastar go bhfuil an réadmhaoin tréigthe (is é sin, neamhfhónta ó thaobh struchtúir de agus contúirteach).  

Dúirt Paul Carroll, Stiúrthóir Tithíochta Fhine Gall: “Ó seoladh an Deontas Athchóirithe tá thart ar €4.5m leithdháilte againn ar 93 teaghlach ar fud an chontae. Is sruth tábhachtach maoinithe é atá ní hamháin ag cabhrú le líon na dtithe atá ar fáil dár gcónaitheoirí a leathnú, ach atá ag cabhrú linn tírdhreach ár mbailte, sráidbhailte agus pobail thuaithe a athrú trí dhul i ngleic le réadmhaoin fholamh ghránna agus foirgnimh thréigthe.”

vacant property refurbishment grants

Is í Oifig na dTithe Folmha i bhFine Gall a riarann an deontas thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Tá suim mhór léirithe ag an bpobal ar fud an Chontae, agus fuarthas breis is 150 iarratas ó seoladh an scéim agus táthar ag súil go leanfaidh líon na n-iarratas agus na ndeontas ceadaithe ag fás.

Do gach duine ar spéis leo tuilleadh a fhoghlaim faoin scéim agus conas iarratas a dhéanamh uirthi, is féidir teagmháil a dhéanamh le Foireann na dTithe Folmha trí  [email protected]  . Beidh cur i láthair agus seastán eolais á gcur ar fáil ag an bhfoireann freisin ag Imeacht Eolais Tithíochta na Comhairle atá le teacht ar an Déardaoin seo (12 Meán Fómhair) ó 5in go 8in in Óstán an Carlton i mBaile Átha Cliath 15. Chun clárú don imeacht téigh chuig: https://www.fingal.ie/housing-information-events.