Ceapann Oifig Spóirt Fhine Gall agus Cruicéad Laighean tacaíocht cruicéad nua do Bhaile an Tirialaigh

Tá Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Cruicéad Laighean chun Mitchell Thompson a cheapadh ar a Fhoireann Forbartha Cruicéid chun tacú leis an leathnú agus an bhforbairt de chláir i mBaile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15.

Leis an gceapachán, léirítear tiomantas na Comhairle tacú le fás cruicéid i mBaile Baile an Tirialaigh, tríd an bhFoireann Forbartha Cruicéid. Tá fás an chruicéid i bhFine Gall cothaithe ag an bhFoireann trína gcuid oibre le scoileanna agus le clubanna, agus d’oibrigh siad le clubanna le linn na paindéime Covid-19 chun timpeallachtaí spóirt atá sábháilte agus cairdiúil don phobal a chruthú.

Chuaigh Mitchell isteach i scuad IP sinsearach na Mumhan le déanaí, agus is mac léinn céad bliana é sa Bhainistíocht agus Oiliúint Spóirt  ag TU Bhaile Átha Cliath is ball de chlub YMCA é. Cuirfear tús lena ról i mí na Bealtaine ar feadh tréimhse phíolótach sé mhí le cuairteanna seachtainiúla ar oiliúint scoile socraithe anois le SN ‘Foghlaim le Chéile’ Bhaile an Tirialaigh, SN Bhaile an Phaoraigh & meánscoil Le Chéile.

Dúirt an Méara Fhine Gall An Comhairleoir David Healy: “Tá stair shaibhir cruicéid ag Fine Gall, agus le hobair na hOifige Spóirt i gcomhpháirtíocht le Cruicéad Laighean tá méadú leanúnach ag teacht ar an spórt. Táim ag tnúth le pobal cruicéid Bhaile an Tirialaigh a fheiceáil ag dul ó neart go neart.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall thar a bheith bródúil as an gcaidreamh atá againn le Cruicéad Laighean agus beidh an spriocdhíriú seo d’acmhainní i gceantar Bhaile an Tirialaigh chun an cluiche a fhorbairt tuilleadh an-tábhachtach chun tacú leis an gclub cruicéid sa cheantar agus chun tuilleadh deiseanna spóirt a sholáthar dá chónaitheoirí”.

Dúirt Mitchell Thompson: “Chabhraigh cóitseálaithe forbartha liom mo chéad chéim a ghlacadh i gcúrsaí cruicéid agus beidh mé buíoch i gcónaí.  Is mór an onóir dom gur roghnaíodh mé don ról nua corraitheach seo chun cabhrú le cruicéad a fhorbairt i bhFine Gall. Tá súil agam páirt a thabhairt don oiread daoine óga agus is féidir liom chun an chéad chéim chinntitheach sin sa chruicéad a thógáil i bpobal Bhaile an Tirialaigh”.

Dúirt Brian O'Rourke, Bainisteoir Forbartha Cruicéid: “Ba chéim shoiléir é príomh-chóitseálaí pobail a cheapadh do Bhaile an Tirialaigh a bhí le glacadh againn chun freastal ar an gcultúr cruicéid atá ag fás sa cheantar (is é an cluiche an tríú cluiche is mó a bhfuil tóir air sa cheantar taobh thiar de chispheil agus CLG) chomh maith leis an infheistíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gallagus a paisean i leith don chruicéad. Is sampla iontach é den chaoi ar féidir le comhairle cabhrú le spórt a mhéadú ina bpobal”.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar chruicéad téigh i dteagmháil le Brían O’Rourke, Bainisteoir Forbartha Cruicéid - Fine Gall,  [email protected]