Ceathrar Scríbhneoir roghnaithe do Chlár Meantóireachta Náisiúnta 2024 ag Ionad Scríbhneoirí na hÉireann

Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall i ndiaidh dul i gcomhar le hIonad Scríbhneoirí na hÉireann le haghaidh deiseanna luachmhara na forbartha gairmiúla a thairiscint do scríbhneoirí trí Chlár Meantóireachta Náisiúnta de chuid Ionad Scríbhneoirí na hÉireann.

Arts Office Irish Writers Centre’s National Mentoring Programme.

Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall i ndiaidh dul i gcomhar le hIonad Scríbhneoirí na hÉireann le haghaidh deiseanna luachmhara na forbartha gairmiúla a thairiscint do scríbhneoirí trí Chlár Meantóireachta Náisiúnta de chuid Ionad Scríbhneoirí na hÉireann.

 

I mbliana, tá ceathrar scríbhneoir — Sam Furlong Tighe, Beth Storey, Joshua Manuel-Oni, agus Mary Lennon — roghnaithe chun mheantóireacht liteartha ocht mí duine-le-duine a fháil ó scríbhneoir clúiteach Éireannach dá rogha féin.

 

Tar éis fógairt náisiúnta, roghnaíodh 39 scríbhneoir as breis agus 400 iarrthóir. Maoiníonn Oifig Ealaíon Fhine Gall na meantóireachtaí liteartha in éineacht le Comhairle Ealaíon na hÉireann lena chinntiú go roghnófaí na hiarrthóirí is fearr ón gcontae. Cinntíonn an maoiniú seo go bhfaigheann na scríbhneoirí roghnaithe an mheantóireacht bhunathraithe seo saor in aisce, rud a chothaíonn an fás pearsanta chomh maith le cáil liteartha an réigiúin.

 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: “Tá an t-ádh linn go bhfuil traidisiún saibhir liteartha againn anseo. Scríbhneoir a bhí i mo mháthair féin, Maeve Ingoldsby, agus tuigim cé chomh luachmhar is atá scoláireachtaí mar seo. Thosaigh gach scríbhneoir mór le rá cosúil le James Joyce nó Edna O’Brien amach mar scríbhneoir gan iomrá agus ba uirlisí cumhachtacha na forbartha i gcónaí iad an comhoibriú agus an mheantóireacht.

 

“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh lenár gcuid scríbhneoirí as as á roghnú don chlár mór le rá seo agus mo mhórbhuíochas a ghabháil do na meantóirí as an rannpháirtíocht acu ann. Táim ag súil go mór le feiceáil agus le cloisteáil ar an gcaoi a dtitfidh na torthaí amach."

 

Dar le Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon an Chontae, “Is cúis bhróid í do Chomhairle Contae Fhine Gall tacaíocht atá á thabhairt againn dár gcuid scríbhneoirí i gcomhar le hIonad Scríbhneoirí na hÉireann. Cuirfidh an deis seo ar chumas scríbhneoirí cumasacha Fhine Gall meantóireacht leanúnach chruthaitheach agus ghairmiúil a fháil ó scríbhneoir clúiteach Éireannach dá rogha féin lená dtacú a gcuid bharrfheabhas na cruthaitheachta agus gcuid fhás gairmiúil a chothú.”

Arts Office Irish Writers Centre’s National Mentoring Programme.

 

Sé misean Ionad Scríbhneoirí na hÉireann ná tacaíocht a thabhairt do phobal bríomhar agus éagsúil na scríbhneoirí de gach cineál agus ar gach tallann chun a gcuid cheird, a gcuid chumais agus a gcuid mhuinín a fhorbairt ionas go n-éireofaí leo mar scríbhneoirí ar fud an domhain. Tá Clár Meantóireachta Náisiúnta ag súil go rachaidh na meantaithe a roghnófar ar aghaidh ag scríobh an chéad mhórshaothair litríochta acu leis an tacaíocht agus leis an  gcothú átá á bhfáil acu óna gcuid mheantóra roghnaithe. Cineál teagasc piaraí atá ann a bhfuil an-tóir air sa litríocht, a chuireann an próiseas foirmiúil ar aghaidh ina gcuireann scríbhneoirí rathúla a gceird agus a gcuid taithí ar aghaidh do chéad ghlúin eile na scríbhneoirí ar fud an oileáin.

 

Ar siúl ón mbliain 2017, tá mórán údair foilsithe ag an gclár anois i measc iad siúd a ghlac páirt ann, lena n-áirítear Doireann Ní Ghríofa, Nidhi Zak/Aria Eipe, Fíona Scarlett, Will Keohane, Alice Kinsella agus Victoria Kennefick.

 

Mar phríomheagraíocht na tacaíochta agus na forbartha do scríbhneoirí ón mbliain 1991 i leith, déanann Ionad Scríbhneoirí na hÉireann (ISÉ) a chuid oibre, ar líne agus go pearsanta, ar bhonn uile-oileáin. Cuireann an t-ionad mórán bealaí agus modhanna ar fáil do scríbhneoirí a gcuid scileanna a fhorbairt, a gcuid uaillmhianta a chur chun cinn agus páirt a ghlacadh i bpobal bríomhar iad siúd a bhfuil a bpaisean agus a gcuspóirí á roinnt acu lena chéile. Tacaíonn an ISÉ le scríbhneoirí ar na bealaí seo a leanas: trí chláir forbartha, trí chónaitheachtaí, trí dheiseanna na meantóireachta, trí acmhainní, trí chúrsaí agus trí imeachtaí na scríbhneoireachta chruthaitheacha.

 

Maidir leis na hEalaíontóirí

Sarah O'Neill Joshua Manuel-Oni

Joshua Manuel-Oni

Is scríbhneoir Nigéireach-Éireannach é Joshua Manuel-Oni. Spreag údair léitheoireachta ar nós Derek Landy agus Eoin Colfer a phaisean don scríbhneoireacht, agus déanann a chuid shaothair an ficsean liteartha, an Bildungsroman, agus an réalachas draíochtúil a mheascadh, le bríonna níos doimhne á bhfiosrú aige go minic.

 

Mary Lennon

Is scríbhneoir í Mary Lennon a chuimsíonn ficsean agus neamhfhicsean araon. Bhí sí ina comhúdar ar Across the Water: Irish Women’s Lives in Britain (Virago Press),  n chéad leabhar a rinne doiciméadú ar thaithí ban Éireannacha sa Bhreatain. Tá a cuid scéalta le héisteacht ar BBC Raidió 4 agus ar RTÉ Raidió 1, agus le feiceáil in irisí mar Crannog agus Culture Matters. Bhí a húrscéal Amethyst Country (Troubador UK, 2022), lonnaithe ar Oileán Acla, ina bhuaiteoir ag Aonach Úrscéalta 2017 de chuid Ionad Scríbhneoirí na hÉireann. Tá Scríbhneoireacht Chruthaitheach á múineadh ag Mary san oideachas aosach agus sna príosúin le roinnt blianta anuas freisin.

Sarah O'Neill Mary Lennon

Sam Furlong Tighe

Scríbhneoir is ea Sam Furlong atá ag obair in oifig na dticéad. Sa bhliain 2023, chríochnaigh sé MEal san Fhilíocht ag Ionad Seamus Heaney in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhronn Paul Muldoon Gradam Mac Léinn de chuid Chathaoirleacht Filíocht Éireann air. Foilsíodh a shaothar i Poetry Ireland Review, i Propel, i Banshee, i The Pig’s Back, agus i bhfoilsiúcháin eile. Roghnaíodh é d'Intreoracha Filíocht Éireann le Tara Bergin agus léigh sé a chuid fhilíochta ar stáitse Amharclann na Mainistreach.

Beth Storey

Scríbhenoir is ea Beth Storey a foilsíodh a cuid saothar i Trasna, The Martello, Sans. Press' The Archive, The New Word Order, An Áitiúil, agus nuachtlitir an Smashing Times. Beidh a cuid saothair le feiceáil freisin i ndíolaim bhliantúil From the Well arna foilsiú ag Comhairle Contae Chorcaí.

             

Tá tuilleadh eolais le feiceáil ag: www.fingal.ie/arts & www.irishwriterscentre.ie