Ceiliúraimis oidhreacht shaibhir Fhine Gall le linn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2023

Bí réidh le hoidhreacht shaibhir Fhine Gall a cheiliúradh le linn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2023 ó 10ú-20ú Lúnasa. Tá raon leathan imeachtaí ar siúl i bhFine Gall lena n-áirítear siúlóidí, cainteanna, turais, taispeántais agus go leor eile

Heritage Week Irish

Bí réidh le hoidhreacht shaibhir Fhine Gall a cheiliúradh le linn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2023 ó 10ú-20ú Lúnasa. Tá raon leathan imeachtaí ar siúl i bhFine Gall lena n-áirítear siúlóidí, cainteanna, turais, taispeántais agus go leor eile. Is ceiliúradh naoi lá í an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha na hÉireann agus tá sé mar aidhm aici feasacht ar ár n-oidhreacht a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin í a spreagadh agus a caomhnú.

Tugann clár de chuid na Comhairle Oidhreachta, an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, pobail, teaghlaigh, eagraíochtaí, institiúidí cultúrtha, lucht acadúil agus díograiseoirí le chéile. Déanann téama na bliana seo ceiliúradh ar ‘Oidhreacht Bheo’ na cleachtais, an t-eolas agus na scileanna a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus atá fós in úsáid inniu.

Cuirfear tús le clár Fhine Gall go luath ar an 10ú Lúnasa nuair a sheolann Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, taispeántas grianghraf Daoine & Áit-Ansin & Anois de chuid Líonra Oidhreachta Fhine Gall san Aitriam, Halla an Chontae, Sord, ag 6.30in. Leanfaidh an taispeántas ar feadh na Seachtaine Oidhreachta. Tiocfaidh baill den Líonra Oidhreachta le chéile arís i Mullach Íde ar an 16ú chun cainteanna gairide a roinnt ar a gceantair áitiúla.

People and Place Heritage Week

Reáchtálfaidh Leabharlanna Fhine Gall sraith cainteanna ar théamaí lena n-áirítear Éanlaith Fhine Gall, Caisleán an Chorraigh, ag baint úsáide as torthaí DNA i stair theaghlaigh agus tabharfaidh Cartlannaí Contae Fhine Gall Karen de Lacey caint a rianóidh stair agus forbairt Reilig Naomh Fhiontain i gCill Fhionntain. Mar chuid de thionscadal Tuamaí Cloiche Stairiúla Fhine Gall beidh caint i Reilig San Maighréad ina bpléifear cúram agus cothabháil na dtuamaí cloiche stairiúla i bhFine Gall.

Déanfar an tseachtain a cheiliúradh i Réadmhaoine Oidhreachta Fhine Gall lena n-áirítear caint, taispeántas ealaíne agus turais saor in aisce ar Mhuilte na Sceirí agus turais ar Chaisleán agus gairdín Ard Giolláin. Beidh turais faoi choim ar Chaisleán Mhullach Íde ar fáil chomh maith le deis iniúchadh a dhéanamh ar stair chócaireachta Theach an Droichid Nua agus réigiún Fhine Gall i gcoitinne. Ar an Domhnach an 20ú is féidir le daoine ceolchar taitneamh a bhaint as seisiún i gCaisleán Sord.

Beidh deis ann cuimhní bia ar réigiún níos leithne Fhine Gall a roinnt le seoladh ‘Blas: Oidhreacht Bhia Fhine Gall’ ag an Méara ag Teach an Droichid Nua Dé Domhnaigh an 20ú lá agus deis iniúchadh a dhéanamh ar stair chócaireachta an tí le leabhar cócaireachta mhuintir Cobbe ón ré Sheoirseach. I measc na n-imeachtaí eile ag Réadmhaoin Oidhreachta Fhine Gall tá caint, taispeántas ealaíne agus turais saor in aisce ar Mhuilte na Sceirí agus turais ar Chaisleán agus Gairdín Ard Giolláin. Beidh turais phríobháideacha ar Chaisleán Mhullach Íde ar fáil agus is féidir le díograiseoirí ceoil sult a bhaint as seisiún i gCaisleán Shoird.  

St. Margaret’s Roman Catholic Church

Más mian leat a bheith gníomhach agus dul amach agus iniúchadh a dhéanamh ar Oidhreacht Fhine Gall tá go leor roghanna ann le siúlóidí oidhreachta ar siúl i Mullach Íde, Sord, Port Mearnóg, Cluain Saileach agus an Chanáil Ríoga. Ar an Luan an 14ú seolfar dhá chonair oidhreachta dhigiteacha nua de Chaisleán Cnucha agus Bhaile Brigín.

Dúirt Méara Fhine Gall: ‘Maith thú d’Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall agus dóibh siúd ar fad a bhí páirteach in eagrú an réimse iontach imeachtaí agus tionscadal a bheidh ar siúl ar fud Fhine Gall ag inúchadh gach gné dár n-oidhreacht le linn Sheachtain na hOidhreachta. Cibé an bhfuil sé ag freastal ar chaint nó ar thaispeántas nó ar chamchuairt nó ar shiúlóid spreagfainn daoine de gach aois agus cúlra a bheith páirteach i gceiliúradh a n-oidhreachta i rith na seachtaine’.

Dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker. ‘Is é an rud a dhéanaimid dearmad air uaireanta ná gurb ionann na rudaí a thugaimid le hoidhreacht anois agus oidhreacht na todhchaí. Ní ‘sean-rudaí’ amháin í an oidhreacht ach leanúntas beo a bhfuilimid ar fad páirteach ann. Ar ámharaí an tsaoil is féidir linn ár n-oidhreacht Fhine Gall a cheiliúradh anois agus amach anseo’.

Clár iomlán ar   www.heritageweek.ie

Le linn Seachtain na hOidhreachta, féach ar Thionscadail Oidhreachta Fhine Gall ar  https://www.fingal.ie/digital-heritage-projects

Féach Drumanagh Heritage from Above thíos