Ceiliúrann cailíní Idirbhliana Fhine Gall an chéad chluiche idirnáisiúnta agus iad ag bualadh le laochra Chorn an Domhain na hÉireann

Caoga bliain i indiaidh chéad chluiche d'Fhoireann Náisiúnta Ban na hÉireann in aghaidh na Breataine Bige, rinneadh tionscnamh ceannróideach idir Comhairle Chontae Fhine Gall agus Cumann Peile na hÉireann a cheiliúradh nuair a bhuail céad chohórt Idirbhliana na gCailíní le scuad Phoblacht na hÉireann a bheidh san iomaíocht don chéad uair sa stair acu i gCorn Domhanda FIFA na mBan.

Fingal TY girls celebrate a day of firsts as they meet Ireland's World Cup heroes

Tugann Cúrsa Idirbhliana (IB) na Peile agus na hAclaíochta de chuid Fhine Gall-CP deis do mhic léinn triail a bhaint as cóitseáil na peile lánaimseartha agus a gcuid riachtanas oideachais á gcomhlíonadh acu agus cáilíochtaí a bhaint amach sa chóitseáil agus in oiliúint na haclaíochta. Cuireann an clár an chomhionannais agus na lánpháirtíochta sa spórt chun cinn agus tá sé mar aidhm aige an leibhéal céanna an ratha agus an aitheantais agus a bhfuil ag a gcomhghleacaithe fireann a bhaint amach. Is garsprioc dochreidte é an deis a bheith ag na mic léinn seo teagmháil a dhéanamh lena gcuid eiseamláirí.

Fingal TY girls

Thárla an teacht le chéile díreach sula ndeachaigh foireann na hÉireann ar an turas ollmhór acu go dtí an Astráil, áit a mbeidh siad san iomaíocht i gCorn Domhanda na mBan. Ghlac Cailíní an Uaine sos ón sceideal traenála gnóthach acu roimh an gcluiche dúdhláin idirnáisiúnta i Staid Thamhlachta in aghaidh na Fraince oíche amárach.

Léirigh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, an-bhród agus an-mheas ar na mic léinn as a gcuid díograis don spórt: “Ba stór iotach chumas an spóirt í Fine Gall le blianta fada, agus cuireann sé an-bhród orainn na cailíní óga againne a fheiceáil ag tógail a gcuid chosán sa pheil. Deimhníonn Cúrsa Peile agus Aclaíochta um Chailíní na hIdirbhliana na hiarrachtaí leanúnacha againne an cumas a chothú ar fud an Chontae d'fhonn aos óg ár bpobal a chumhachtú. Is cúis áthais dúinn go raibh an deis ar ár mic léinn casadh ar Fhoireann Peile Idirnáisi unta Ban na hÉirann sula n-imíonn siad ar a dturas stairiúil i gCorn an Domhain. Taim cinnte go spreagfaidh an taithí seo ár lúthchleasaithe óga díriú ar an scoth agus mianta a gcuid chroí a bhaint amach."

Léirigh imreoir idirnáisiúnta na hÉireann agus an t-imreoir ó Fhine Gall ó dhúchas, Diane Caldwell, an tacaíocht aici don tionscnamh ceannródaíoch seo: “Mar thoradh ar an taithí agam mar imreoir ar dúshláin agus áthas an imirthe, b’iontach an deis dom bualadh leis na himreoirí óga díograsacha seo as Fine Gall. Is dochreidte é an dúthracht a thugann siad don chluiche a fheiceáil. Bhí mé féin san áit chéanna uair amháin, ag brionglóid orm ag imirt ar fhoireann mo thír dhúchais, agus is iontach dom anois a bheith in ann treoir a léiriú dóibh. Guím gach rath ar an turas acu agus tá súil agam iad a féachaint  sa gheansaí uaine lá éigin."

Garsprioch shuntasach atá sa cúrsa IB, smaoineamh de chuid Chomhairle cheannródaíoch Fhine Gall i gcomhpháirtíocht leis CPÉ, sa díogras do pheil na mban ag Éirinn . Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa buanna na mban óga a chothú agus na huirlisí, an t-eolas agus na deiseanna riachtanacha a chur ar fáil dóibh d'fhonn barr feabhais a bhaint amach sa pheil agus iad ag leanúint lena gcuid oideachais ar scoil.

Trí dhul i dteagmháil le lúthchleasaithe den scoth ar nós Foireann Náisiúnta Ban na Éireann a éascú, faigheann na mic léinn seo inspioráid agus sárléargas ar shaol uasleibhéal na peile. Cuirfear tús le clár na hIdirbhliana i mí Mheán Fómhair agus beidh sé bunaithe ar Champas Spórt Éireann den chéad scoth agus ar Ionad Oiliúna Náisiúnta an CPÉ i mBaile Átha Cliath 15.

Diane Caldwell and Izzy Atkinson meet the Mayor of Fingal and talk about the FIFA Women's World Cup

Buaileann Diane Caldwell agus Izzy Atkinson le Méara Fhine Gall agus labhair siad faoi Chorn Domhanda na mBan FIFA