Ceiliúrann Daltaí Éacht ag Míle Deireanach Maratón na bPáistí 2024

MarathonKids 2024 lead image

An tseachtain seo caite reáchtáladh imeacht Míle Deireanach Maratón na bPáistí Bhaile Átha Cliath ag Staid de Mortún OCBÁC Dé Máirt, an 12ú Samhain, agus Dé Céadaoin, an 13ú Samhain. Bhailigh os cionn 4,000 dalta ó níos mó ná 70 scoil le chéile ar fud Fhine Gall agus Chathair Bhaile Átha Cliath chun críoch a ndúshláin Maratón na bPáistí a chomóradh. San iomlán ghlac 33 scoil agus 3,500 dalta ar fud Fhine Gall páirt i gclár na bliana seo, le formhór acu ag teacht go Seantrabh chun an míle deireanach den 26.2 míle a dhéanamh.

Ba léiriú bríomhar diongbháilteachta agus díograise a bhí san imeacht agus leanaí ó scoileanna áitiúla ag glacadh páirte sa mhíle deireanach dá n-aistear maratóin, rud a bhíodar tar éis oibriú chuige le 8 seachtaine anuas. Is tionscnamh é Maratón na bPáistí chun daoine óga a spreagadh a bheith gníomhach, folláine fisiceach a chur chun cinn, agus mothú go bhfuil rud éigin fiúntach déanta acu.

Mhol Méara Fhine Gall, Brian McDonagh an t-imeacht, á rá, “Ba bhuaicphointe seachtainí d’obair chrua agus de thiomantas a bhí san imeacht ó dhaltaí, múinteoirí, Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall agus Maratón na bPáistí. Ba léiriú é ar an bpaisean don spórt agus don ghníomhaíocht choirp atá faoi bhláth inár bpobal, agus bhí sé go hiontach aghaidheanna gealgháireacha na bpáistí a fheiceáil agus iad ag trasnú na líne deiridh."

Cllr. Brain McDonagh with David Gillick and Marathonkid Paricipant

Ceann de bhuaicphointí an imeachta ná go raibh Ambasadóir Maratón na bPáistí, David Gillick, i láthair chun tréaslú leis na lúthchleasaithe óga, ag dáileadh na mbonn deiridh agus ag tógáil grianghraf le daltaí chun a rath a chomóradh. Bhí Stiúrthóir Rás Maratón Bhaile Átha Cliath, Jim Aughney, i láthair ag an imeacht freisin, agus ghlac sé páirt sa cheiliúradh chun spreagradh a thabhairt do na daltaí agus a dtacaíocht a léiriú do thionchar dearfach an chláir ar an bpobal áitiúil.

"Tugann an t-imeacht fíor-léiriú ar chumhacht an spóirt agus na gníomhaíochta coirp chun daoine a thabhairt le chéile, meonta óga a spreagadh, agus muintearas a chothú," a dúirt David Gillick. "Tá sé go hiontach an oiread sin daltaí a fheiceáil ag críochnú a n-aistir maratóin, agus táim bródúil as a bheith mar chuid de thionscnamh chomh dochreidte."

Reáchtáladh Míle Deireanach Maratón na bPáistí trí chomhoibriú na n-údarás áitiúil, na scoileanna, agus Maratón na bPáistí, Éireann, a raibh príomhróil acu maidir le rath an imeachta a chinntiú. Léiríonn rannpháirtíocht 70+ scoil an díograis fhorleathan do dhúshlán Maratón na bPáistí agus an tábhacht a bhaineann le stíleanna maireachtála gníomhacha a chur chun cinn i measc daoine óga.

MarathonKids 2024 - On the final mile

Chuir Jim Aughney, Stiúrthóir Rás Maratón Bhaile Átha Cliath, a thacaíocht in iúl freisin, á rá, “Tá clár Maratón na bPáistí ag teacht go foirfe lenár misean chun rith agus folláine a chur chun cinn do gach aois. Is léiriú ar a dtiomantas agus a mbuanseasmhacht é na daltaí seo a fheiceáil ag críochnú a míle deireanach inniu, agus tá súil againn go spreagfaidh an t-eispéireas seo iad leanúint le bheith gníomhach go ceann na mblianta.”

MarathonKids 2024 - Collage of the day