Ceiliúrann Líonra Oidhreachta Fhine Gall Seachtain na hOidhreachta 2022

Tháinig baill de na Cumainn Oidhreachta agus Staire le chéile i Halla Paróiste Naomh Sylvester, Mullach Íde, chun Seachtain na hOidhreachta a cheiliúradh den chéad uair ó 2019, agus bhí an-chraic ag cách an tráthnóna sin.

Fingal Heritage Network 2022

Tháinig baill de na Cumainn Oidhreachta agus Staire le chéile i Halla Paróiste Naomh Sylvester, Mullach Íde, chun Seachtain na hOidhreachta a cheiliúradh den chéad uair ó 2019, agus bhí an-chraic ag cách an tráthnóna sin. Labhair Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker, agus Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony, leis an slua, agus chuir siad sraith de chainteanna gairide agus scéalta mar gheall ar Oidhreacht an Chontae, os comhair an phobail.

Ghabh Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony, buíochas le baill an Líonra Oidhreachta as an obair atá déanta acu i bhFine Gall maidir leis an Oidhreacht a chaomhnú agus a chothú, agus dúirt sé, “Tá oidhreacht shaibhir Fhine Gall le feiceáil thart timpeall orainn go léir sa tírdhreach agus sna foirgnimh agus sna séadchomharthaí stairiúla, ach is ionann an tábhacht a bhaineann lenár n-oidhreacht chultúrtha agus an fhéiniúlacht atá againne mar áitritheoirí d’Fhine Gall. Ba mhaith liom moladh a thabhairt daoibh go léir as an obair atá ar siúl agaibh chun an oidhreacht chultúrtha seo a chaomhnú agus a choimeád beo, agus scéalta na ndaoine a tháinig roimhainn agus a raibh tionchar mór acu ar ár gcontae, a roinnt.”.

Ghlac Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, buíochas le lucht an Líonra a d’eagraigh an t-imeacht agus dúirt sí, ‘Is cúis áthais dom é bualadh libh go léir arís chun Seachtain na hOidhreachta a cheiliúreadh sa seomra céanna tar éis an méid sin ama. Dar ndóigh, táimid ag smaoineamh ar na baill atá caillte againn ón am a bhíomar le chéile an uair dheireannach agus orthu siúd nach féidir a bheith linn anocht.”

Fingal Heritage Network 2022

Chuir Anne Collins as Baile Bhrigín tús leis an tráthnóna le caint faoin mbailiúchán scoile ón mbliain 1937, acmhainn iontach. Ina dhiaidh sin, lean Peadar Bates as Domhnach Bat, Port Reachrann air leis an téama scoile agus labhair sé faoi Choláiste Luffrey ar Bhóthar an Choinicéir. Ansin, d’inis Myles Reilly an scéal faoi Andrew agus Tom Kettle. Roinn Pat Kelly íomhánna agus scéalta mar gheall ar bhláthanna fiáine Lusca, agus labhair Paula Butler ar son Loch Sionnaigh/an Ros faoi thionscadal na mbeach, Rising Bee, atá á eagrú an An Post. Ag deireadh na céad coda, bhí briseadh ann chun cupán tae a óladh agus chun a bheith ag comhrá le seanchairde.

D'oscail Michael Ryan as Mullach Íde an dara cuid den tráthnóna le cur síos ar stair Thaispeántas Bláthanna Mhullach Íde. Léirigh Seán O’Connor ó Chumann Stair an Fhiaigh Dhuibh agus Jim Monks dráma mar gheall ar chogaí na Feamainne. In éineacht le Thomas Murphy as Baile an Rólaigh chuamar ar ais go dtí an Seanbhaile sa bhliain 1947 nuair a cuireadh tús le scéim leictriú na tuaithe. Rinne Geraldine Clarke as na Sceirí cur síos gairid ar stair an lása agus na stíleanna éagsúla atá ann.

Fingal Heritage Network 2022

Glac fear an tí, Paddy Ryan, buíochas le Christine Baker as an tacaíocht a thug sí don Líonra le linn na paindéime de réir mar a bhogamar ar líne agus go dtí Zoom. Thug sé buíochas freisin  do Mick Kelly, a chuir an clár le chéile, agus do na cumainn go léir as páirt a ghlacadh ann. Cuireadh clabhsúr ar an oíche le babhta amhránaíochta agus scéalta ó Fhine Gall ó David O’Connor as Baile Bachaille. Bhí gach duine ar aon intinn gurbh iontach an rud é a bheith ar ais.

Cumainn Oidhreachta agus Staire atá i Líonra Oidhreachta Fhine Gall. Is tríd an Oifigeach Oidhreachta, Christine Baker, a fhaightear tacaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall. Áirítear i measc na hoibre a dhéanann na Cumainn, taighde ar an stair áitiúil, cainteanna a reáchtáil, siúlóidí staire a threorú agus iarsmalanna a rith. Le haghaidh tuilleadh eolais ar Oidhreacht Fhine Gall, féach  https://www.fingal.ie/heritage-and-conservation agus ar an Líonra Oidhreachta, féach https://www.fingal.ie/heritage-groups-and-societies

 

 

Fingal Heritage Network 2022
Fingal Heritage Network 2022