Ceol agus Craic agus Seachtain na Gaeilge 2025 á Cheiliúradh go snasta

2025 Seachtain na Gaeilge County Hall

Líonadh an t-Aitriam i Halla an Chontae Sord le fuaimeanna an cheoil thraidisiúnta ag ceiliúradh ‘Ceol, Craic agus Gaeilge’ do Sheachtain na Gaeilge ar an gCéadaoin, an 12ú Márta, 2025. Arna thabhairt duit ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Ionad Ealaíon Seamus Ennis d’fhreastail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh, an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly, agus na Comhairleoirí Paul Mully agus David Healy chomh maith le lucht féachana thar a bheith díograiseach. Ceathrar ceoltóir iontach a chuir an tsiamsaíocht ar fáil, Bernadette Nic Gabhann, Caitlín Nic Gabhann, Ciarán Ó Maonaigh agus Seán McElwain. 
Thug na ceoltóirí cumasacha a gcuid buanna uathúla féin go dtí an tráthnóna agus iad ag seinm mar dhísréid ag tabhairt foinn traidisiúnta greannmhara beoga nó iad go léir le chéile ag spreagadh an lucht éisteachta le canadh. Ba iad cuid de chuimhneacháin na hoíche ná nuair a sheinn Caitlín foinn ar chonsairtín 100 bliain d’aois agus nuair a labhair Seán McElwain ar James Whiteside, a bhailigh ceol i réigiún Shliabh Beagh agus leabhar Sheáin Our Dear Dark Mountain with the Sky Over It, a insíonn a scéal féin. Bhain gach duine taitneamh as oíche iontach ag ceiliúradh ár dteanga, ár dtraidisiún agus ár gcultúr.
 

Seachtain na Gaeilge 2025 Musicians and Councillors

Ceiliúradh Seachtain na Gaeilge go snasta inár leabharlanna áitiúla i bhFine Gall le ceol ó Antaine Ó Faracháin agus Nollaig Mac Carthaigh, Coimicí Gael le Aidan Courtney, Píosa Spraoi le Cupán Focail(s)! le Áine Gallagher, Scéalta béaloidis le Róisin Murphy, Am Scéalaíochta Teaghlaigh le Seosamh O Maolalaí, oíche filíochta dátheangach agus go leor eile. Bhí an tsiúlóid bhliantúil dhátheangach i nDiméin Ard Giolláin leis an bPríomh-Gharraíodóir Doiminic McKevitt agus an tOifigeach Gaeilge Bernie Kelly beannaithe le solas na gréine agus daoine ag caint as Gaeilge ‘amuigh faoin aer’ i dtimpeallacht álainn. Chríochnaigh an tseachtain le Pop Up Gaeltacht in Ionad Ealaíon Seamus Ennis ar an 20ú Márta agus seisiún amhránaíochta ina dhiaidh.

Ag labhairt faoin bhféile, dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Brian McDonagh: “Tá an Ghaeilge faoi bhláth i bhFine Gall agus is deis í Seachtain na Gaeilge do chách glacadh lenár dteanga uathúil féin agus an Cúpla Focal a thriail. Bhí lúcháir orm an díograis agus an dearfacht i leith na Gaeilge a fheiceáil le linn Sheachtain na Gaeilge.''

Ardgillan SNAG 25

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá lúcháir orainn leanúint ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta don Ghaeilge cibé acu tríd an tionscadal nua Gaeilge365 leis na 4 Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath nó trí thionscnaimh ar nós Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta Fhine Gall. Tá ár dteanga an-tábhachtach, agus is iontach an rud é a cheiliúradh ar bhealach spraíúil cuimsitheach le linn Sheachtain na Gaeilge."

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú leis an tionscadal nuálach Gaeilge 365 a chuirfidh an Ghaeilge i gcroílár sheirbhísí na n-údarás áitiúil agus ag cinntiú go bhfuil an leas is mó á baint ag pobail as an nGaeilge ar bhonn sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch. Tá seisear d’Fhoireann Fhine Gall páirteach sa Chomhairle Chraiceáilte, tionscadal a bhfuil sé mar aidhm aige cur go mór le líon na ndeiseanna don phobal an Ghaeilge a úsáid a cuireadh ar taispeáint le linn Sheachtain na Gaeilge i Halla na Cathrach ag Féile na bhFéidearthachtaí féach: https://www.gaeilge365.ie/en/anchomhairlechraiceailte. Sheol na Ceithre Údaráis Áitiúla de chuid Bhaile Átha Cliath an tionscnamh Cruthaigh freisin le linn na féile do dhaoine aonair agus do phobail a dtionscadail Ghaeilge féin a sheoladh, cibé acu i ngnó, sna healaíona nó i spás sóisialta, agus tá béim á cur ar an bhfeachtas ar fhógraíocht scáthlán bus, ar na meáin 

Comhairle Chraiceáilte.jpg