An Chéad Phlean Seolta do Lár Bailte Ar dTús Lusca

Bhí an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Joe O’Brien i dteannta Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, Dé hAoine seo caite chun “Lusk for Life”, an Chéad Phlean Lár Bailte Ar dTús de chuid Fhine Gall a sheoladh.

Lusk for Life Plan Launch Group

Bhí an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Joe O’Brien i dteannta Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, Dé hAoine seo caite chun “Lusk for Life”, an Chéad Phlean Lár Bailte Ar dTús de chuid Fhine Gall a sheoladh. Thacaigh Comhairle Contae Fhine Gall agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le “Lusk for Life” faoin mbeartas náisiúnta Lár Bailte Ar dTús. 

Tá sé mar aidhm ag Lár Bailte ar dtús lár bailte a chruthú a fheidhmíonn mar shuíomhanna inmharthana, bríomhara agus tarraingteacha do dhaoine chun cónaí agus oibriú iontu agus cuairt a thabhairt orthu, agus a fheidhmíonn freisin mar mhol seribhíse, sóisialta, cultúrtha agus áineasa don phobal áitiúil. 

Leagann Lár Bailte Ar dTús an bhunchloch do gach baile chun a mbealach chun cinn féin a fhorbairt, ag leibhéal áitiúil, a léirítear trí phlean baile saincheaptha a bhfuil tátal soiléir de láidreachtaí agus dúshláin áitiúla taobh thiar de. 

Bhí Lusca ar cheann de sé bhaile píolótacha is fiche in Éirinn a bronnadh maoiniú orthu chun Céad Phlean Lár Bailte Ar dTús a ullmhú faoin mbeartas náisiúnta seo. Cuireann “Lusk for Life” le hobair ‘Fís Lusca 2030’ a chuimsigh próiseas fairsing agus domhain rannpháirtíochta pobail. Áiríodh leis seo suirbhéireacht poiblí le breis agus 750 freagróirí agus iliomad ceardlanna pobail. I bhforbairt “Lusk for Life”, d’oibrigh na comhairleoirí go dlúth leis an Údarás Áitiúil, le Foireann nua Bhaile Lusca, leis an bPobal áitiúil agus le gnólachtaí áitiúla.

Lusk Town Centre First Plan Launched video

Lusk for Life Plan Launch

Tá sé mar aidhm ag “Lusk for Life” lár bhaile Lusca a dhéanamh ina áit níos tarraingtí chun cónaí agus oibriú ann, bualadh le daoine, teacht le chéile agus gnó a rith. Díríonn sé ar thaitneamhachtaí áitiúla pobail a fhorbairt, tacú le gnólachtaí atá ann cheana féin, deiseanna gnó nua a éascú, dul i ngleic le folúntas agus tréigean, agus spásanna nach mbaintear dóthain úsáide astu a fhorbairt. Comhlíonann an plean aidhmeanna níos leithne chun cabhrú le Lusca a athshamhlú agus a athbheochan. 

Lonnaíocht uirbeach dhlúth is ea Lusca, agus tá beagnach gach áis, tithíocht agus gnó laistigh de theorainneacha an chuarbhóthair, rud a fhágann go bhfuil sé éasca do bhealach a dhéanamh de shiúl na gcos. Cuimsíonn “Lusk for Life” gníomhartha a chinntíonn go mbláthóidh lár bhaile Lusca. I measc na ngníomhartha tá straitéis treochomharthaíochta a bhaineann le stair Lusca, pleananna taistil ghníomhaigh agus ríocht phoiblí uasghrádaithe lena chinntiú gur féidir le lár an bhaile freastal ar riachtanais na nglúnta atá le teacht. Tá sé i gceist ag “Lusk for Life” lár an bhaile agus na limistéir ghlasa a athbheochan atá laistigh d’achar siúlóide gairid ó chroílár an bhaile.   

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an Comhairleoir Adrian Henchy, Méara Fhine Gall ‘Tá sé mar aidhm ag “Lusk for Life” mórtas agus aontacht pobail a chothú, in éineacht le feabhsuithe ar áiseanna agus taitneamhachtaí poiblí lena chinntiú gur baile é Lusca a bhfuil gach aoisghrúpa bródúil as. Fáiltím roimh an bplean seo mar chéim shuntasach chun cinn i bhforbairt Lusca amach anseo’. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly gur ‘plean uaillmhianach é seo d’fhorbairt Lusca amach anseo, a chuireann riachtanais an phobail chun tosaigh, agus a bhfuil sé mar aidhm aige áit níos tarraingtí agus nasctha a chruthú inar mian le daoine cónaí agus oibriú ann, cuairt a thabhairt uirthi agus gnó a dhéanamh. Má chuirtear an plean seo i bhfeidhm, cuirfear le mórtas áite trí fheabhsú sráid-dreacha, trí thograí uailmhianacha d’áiseanna pobail nua agus taitneamhachtaí glasa. Moltar sruthanna maoinithe do gach gníomh.’ 

Dúirt an tAire Joe O’Brien ‘go gcuimsíonn na tionscadail i “Lusk for Life” gníomhartha chun aontacht phobail tras-ghlúine a chothú. Is féidir tacú le go leor de na gníomhartha seo trí mhaoiniú atá ar fáil i mo roinnse ata dírithe ar chabhrú le bailte na hidirghabhálacha a sainaithníodh ina gCéad Phleananna Lár Bailte Ar dTús saincheaptha a sheachadadh. Táim ag tnúth le cur i bhfeidhm an phlean i Lusca a fheiceáil sna blianta amach romhainn.’  

Rinne foireann comhairleoirí deartha uirbigh agus forbartha pobail a bhfuil taithí acu an plean baile “Lusk for Life” faoi cheannas AP+E a d’oibrigh le hOifig Athghiniúna Baile na Comhairle agus le Foireann Bhaile Lusca.

Lusk for Life Plan Launch outside image
Lusk for Life Plan