An Chéad Siúlóid Operation Transformation ar siúl in An Tobar Naofa, Fine Gall

Bhí Ceannaire Operation Transformation agus bean atá ag cur fúthu i Sord, Katie Jones, i dteannta le Méara Fhine Gall, an Comhaireloir Seána Ó Rodaigh, agus siúlóirí díograiseacha eile ar an 16 Eanáir, i bPáirc an Tobair Naofa, áit ar shiúil siad 3k mar chuid d’imeacht a bhí eagraithe ag Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Operation Transformation.

Holywell Operation Transformation Walk

Bhí Ceannaire Operation Transformation agus bean atá ag cur fúthu i Sord, Katie Jones, i dteannta le Méara Fhine Gall, an Comhaireloir Seána Ó Rodaigh, agus siúlóirí díograiseacha eile ar an Domhnach, an 16 Eanáir, i bPáirc an Tobair Naofa, áit ar shiúil siad 3k mar chuid d’imeacht a bhí eagraithe ag Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Operation Transformation. Tá Spórt Éireann ag tacú leis an tsiúlóid bhliantúil seo i gcomhar le clár teilifíse RTÉ agus is deis atá ann do dhaoine tamall a chaitheamh i mbun gníomhaíochta fisiciúla.   

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Deis iontach a bhí ann do dhaoine tús a chur lena rúin ‘aclaíochta’ don Bhliain Nua, tabhairt faoi shiúlóid ghearr, agus tá súil agam go spreagfar daoine tamall a chaitheamh i mbun aclaíochta ar bhonn níos rialta. Cúis áthais dúinn go raibh Katie inár dteannta inniu chun tacú leo agus í ag tosú ar a haistear Operation Transformation”   

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Niall Mc Guirk, Oifigeach Forbartha Spóirt Sinsearach, Comhairle Contae Fhine Gall: “Is í seo an chéad siúlóid OT atá á reáchtáil againn le dhá bhliain anuas agus cúis áthais dúinn go bhfuil an tsiúlóid á reáchtáil i bPáirc an Tobair Naofa den chéad uair. Bhí dúshláin le sárú againn ar fad le tamall anuas, ach sílim gur léir dúinn anois na buntáistí a bhain le gníomhaíocht fhisiciúil i rith na tréimhse dúshlánaí sin. Is iontach an rud é go bhfuil ceannaire Operation Transformation i bhFine Gall agus cúis áthais dúinn go bhfuil Katie inár dteannta inniu.” 

Tá roinnt oibreacha uasghrádaithe déanta i bPáirc an Tobair Naofa le blianta beaga  anuas, lena n-áirítear trealamh aclaíochta a chur ar fáil agus is suíomh iontach é chun cur le líon na gcoiscéimeanna, mórthimpeall an chosáin 800m. 

Más mian leat leanúint leis an siúl nó rith in 2022, tá go leor clubanna CLG ag glacadh páirte sa tionscnamh ‘Ireland Lights Up’ trína tuilsoilse a chasadh air agus a rianta siúil a chur ar fáil don phobal chun críche aclaíochta. Is suíomhanna iontacha iad páirceanna Fhine Gall agus an 88km de chósta a thugann deis do dhaoine taitneamh a bhaint as am amuigh faoin aer agus chomh maith leis sin reáchtáiltear 6 himeacht rith páirce do dhaoine fásta (5km) agus 5 himeacht páirce sóisearacha (2km) i bhFine Gall a thairgeann rití uainithe seachtainiúla saor in aisce i bhFine Gall. Tá tuilleadh eolais le fáil ag https://www.parkrun.ie/

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le gníomhaíocht fhisiciúil seiceáil Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ar na meáin shóisialta nó seiceáil https://learning.fingal.ie/ 

Holywell Operation Transformation Walk 3
Holywell Operation Transformation Walk 2
Holywell Operation Transformation Walk 4