An Chomhairle ag tairiscint clár ceannaireachta éifeachtach do mhná Fhine Gall

Le cuidiú le mná a scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus foghlaim faoi conas athrú dearfach a thionscnamh, d’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh sí ag reáchtáil clár nua She Leads, We Lead do chónaitheoirí áitiúla, le seisiúin faoi stiúir foireann ban a thacaigh le hathrú ina bpobail féin trí cheannaireacht éifeachtach.

five keynote speakers

Le cuidiú le mná a scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus foghlaim faoi conas athrú dearfach a thionscnamh, d’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh sí ag reáchtáil clár nua She Leads, We Lead do chónaitheoirí áitiúla, le seisiúin faoi stiúir foireann ban a thacaigh le hathrú ina bpobail féin trí cheannaireacht éifeachtach.

 Ag tosú an 15 Samhain, fiosróidh an clár ocht seachtain na héachtaí, na dúshláin agus na deiseanna is féidir le mná a fháil trí ghníomhaíocht phobail. Tá sé mar aidhm ag na seimineáir mná a spreagadh agus oiliúint a chur orthu chun a bheith ina gceannairí éifeachtacha ina bpobail, ag cabhrú le muinín a fheabhsú trí phríomhscileanna a fhorbairt agus trí thuiscint a roinnt ar an gcaoi a n-oibríonn ceannairí eile.

Beidh rannpháirtithe sa chúrsa - a bheidh ar siúl ag Ionad Pobail Radharc an Chnocáin i gCúil Mhín, Baile Átha Cliath 15 – in ann raon scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus léargas a fháil ó ghníomhaithe ban seanbhunaithe ó réimse leathan cúlraí agus taithí. Áireofar leis na hábhair a phléifear pobal a athrú chun feabhais, smaointe a fhorbairt do thionscadail agus d’fheachtais, oibriú le daoine eile, straitéisí ceannaireachta éagsúla a úsáid, agus rochtain a fháil ar na daoine agus na heagraíochtaí ar féidir leo cabhrú le hathrú a spreagadh.

She Leads We Lead Programme Information

I measc an ghrúpa éagsúil ban atá i gceannas ar an gclár She Leads, We Lead tá Ayodele Yusuf (Fóram Imeasctha Bhaile Brigín), Catherine Joyce (Grúpa Forbartha Lucht Siúil Bhaile Bhlainséir), Shelly Gaynor (Gluaiseacht Maireachtála Neamhspleách Éireann), Bridie O’Reilly (Comhairle Daoine Scothaosta Fhine Gall) agus Geraldine Rooney (Líonra Rannpháirtíochta Pobail Fhine Gall agus Ionad um Maireachtáil Neamhspleách Bhaile Bhlainséir).

 Do dhuine ar bith ar spéis leo níos mó a fhoghlaim faoin gclár agus a bhfuil i gceist leis, tionólfar roinnt seisiún oscailte leis na teagascóirí, ag tosú le cruinniú tosaigh ag Ionad Pobail Radharc an Chnocáin (7in-9in Dé Céadaoin 3 Samhain). Beidh cruinniú ar líne ar siúl freisin Déardaoin 4 Samhain (7in-9in).

 Tá tuilleadh cúlra ar an gclár She Leads, We Lead ar fáil ar líne: http://www.facebook.com/SheLeadsFingal, .nó https://lucymichael.ie/SheLeadsFingal/ Chun clárú don chúrsa saor in aisce, téigh chuig: bit.ly/SheLeadsFingal

 

 

She Leads We Lead Poster