Chuir Uisce Éireann oibreacha beartaithe siar ag An Bealach Beag, Cluain Aodha go 2021

Tugann Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall moladh do chustaiméirí ag An Bealach Beag, Cluain Aodha agus sna ceantair máguaird go bhfuil na hoibreacha a bhí le tosú amárach curtha siar go dtí 2021

Irish water

(Dé Luain 7 Nollaig 2020) Tá Uisce Éireann, ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall, ag cur siar oibreacha bonneagair ag Páirc Dhídean na bhFianna, An Bealach Beag, Baile Átha Cliath 15 go dtí an bhliain seo chugainn d’fhonn tacú le gnóanna nár athosclaíodh ach le déanaí.

Cuireadh oibreacha a bhí beartaithe le bheith ar siúl ó 2:00in ar Dé Máirt 8 Nollaig go 2:00in ar Dé Céadaoin 9 Nollaig agus arís ó 2:00in go 10:00in ar Déardaoin 10 Nollaig siar agus ní bheidh aon chur isteach ar a soláthar ag dul i bhfeidhm ar chustaiméirí i Dún Búinne, An Loch Salach, Cluain Aodha, Bóthar Stirling, Baile Damail, An Bealach Beag, Baile Liam, Allendale, Ongar, Cnocán Shíomóin, Geata an Phóirtéara, Baile an Hartaigh agus Lohunda.

Leanann Uisce Éireann ag obair ag an am seo, lenár gcomhpháirtithe Údaráis Áitiúil, conraitheoirí agus daoine eile chun sláinte agus folláine na foirne agus an phobail a chosaint agus chun leanúnachas seirbhísí criticiúla uisce óil agus fuíolluisce a chinntiú. Ba mhaith le hUisce Éireann a mheabhrú do dhaoine comhairle FSS COVID-19 a leanúint agus níochán láimhe rialta a chinntiú.