Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2025 Seolta

Community Monuments Fund 2025 Hero Image

Tá Ciste na Séadchomharthaí Pobail do 2025 oscailte anois d’iarratais go dtí an 31ú Eanáir, 2025.  Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail den chéad uair i 2020 agus soláthraíonn sé infheistíocht inár n-oidhreacht luachmhar seandálaíochta agus cabhraíonn sé le húinéirí agus feighlithe séadchomharthaí iad a chosaint san am atá le teacht ar mhaithe leis an bpobal.

I 2024, leithdháileadh breis is €450,000 i maoiniú trí Chomhairle Contae Fhine Gall chuig cúig tionscadal lena n-áirítear an dara céim d’oibreacha daingnithe ag túir Cholm Cille, Sord, Caisleán Bhaile an Lóndaigh, Domhnach Bat. Tugadh faoi phleananna bainistíochta caomhantais do Shéipéal agus reilig Fhiontain, Cill Fhionntain agus Eaglais Dúiligh freisin.

Deir an tOifigeach Oidhreachta, Christine Baker ‘Tá acmhainn seandálaíochta Fhine Gall tar éis leas mór a bhaint as Ciste na Séadchomharthaí Pobail ó cuireadh tús leis. Cosnaíodh raon leathan séadchomharthaí seandálaíochta in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide, rud a dhaingnigh iad don todhchaí.’

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag fáiltiú roimh iarratais anois faoi thrí shruth atá le cur i gcrích i 2025: Trí Chiste na Séadchomharthaí Pobail, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag infheistiú caipitil riachtanach inár n-oidhreacht seandálaíochta chun cabhrú le húinéirí agus feighlithe séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo ar mhaithe leis an bpobal. Is iad príomhaidhmeanna an chiste seo caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí áitiúla agus láithreáin seandálaíochta.  Spreagann an Roinn tionscadail chun gné oiliúna scileanna traidisiúnta a chuimsiú. Tá údaráis áitiúla, úinéirí príobháideacha, grúpaí pobail agus feighlithe séadchomharthaí i dteideal iarratas a dhéanamh faoi na 3 shruth seo a leanas;

  • Cuirfidh Sruth 1 deontais suas le €100,000 ar fáil atá dírithe ar dheisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a dheisiú.
  • Cuirfidh Sruth 2 deontais suas le €30,000 ar fáil chun Pleananna/Tuarascálacha Bainistíochta Caomhantais atá dírithe ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus feabhas a chur ar rochtain phoiblí.
  • Cuirfidh Sruth 3 deontais suas le €30,000 ar fáil chun bonneagar rochtana agus léirmhíniú (lena n-áirítear fíorúil/ar líne) a fheabhsú ag séadchomharthaí seandálaíochta.

Ba chóir d’iarrthóirí Lámhleabhar an CMF a léamh go cúramach agus a chinntiú go gcuirtear ráitis mhodha agus toiliú ábhartha san áireamh leis an iarratas.

  • Comhlánaigh Foirm CMF-A thíos (rannáin ábhartha amháin)
  • Ceangail Ráiteas Modha cuimsitheach leis seo
  • Cuir isteach chuig an Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Fhine Gall roimh

4in Dé Céadaoin an 31ú Eanáir 2025

Déan teagmháil le do thoil leis an Oifigeach Oidhreachta má tá aon cheisteanna agat, cuir ríomhphost chuig [email protected]

Doiciméid le híoslódáil:

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2025-Lámhleabhar CMF2025

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2025-Foirm Iarratais CMF-A

Leaganacha i nGaeilge

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2025-Lámhleabhar CMF2025 as Gaeilge

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2025-Foirm Iarratais CMF-A as Gaeilge