Ciste Séadchomharthaí an Phobail 2024 Seolta

Tá Ciste Séadchomharthaí an Phobail don bhliain 2024 ar oscailt anois d’iarratais suas go dtí an 31 Eanáir 2024.

St Mary’s Church and graveyard in Mulhuddart

Tá Ciste Séadchomharthaí an Phobail don bhliain 2024 ar oscailt anois go dtí an 31 Eanáir, 2024.  Arna bhunú don chéad uair sa bhliain 2020, cuireann Ciste Séadchomharthaí an Phobail infheistíocht ar fáil d'oidhreacht luachmhar na seandálaíochta againne agus cabhraíonn sé le húinéirí agus le caomhnóirí séadchomharthaí na seandálaíochta á gcosaint ar leas an phobail sna blianta amach romhainn.

Sa bhliain 2023, leithdháileadh os cionn €450,000 trí Chomhairle Contae Fhine Gall ar chúig thionscadal lena n-áirítear dara céim na n-oibreacha comhdhlúthaithe ag Túir Cholm Cille i Sord, ag Eaglais Mhuire i gCluain Meacháin sa tSeanbhaile, ag Séipéal agus reilig Mhullach Íde agus ag Túrtheach Bhaile an Ridire. Rineadh plean bainistíocht an chaomhantais maidir le Séipéal agus reilig Mullach Eadrad chomh maith.

Deir an tOifigeach Oidhreachta, Christine Baker, ‘Tugann Ciste Séadchomharthaí an Phobail deis dúinn ár gcuid shuíomhanna na seandálaíochta a chosaint agus a chomhdhlúthú ach, ionas go léireofar agus go gcuirfeari láthair i gceart iad, caithfear rochtain ar ár oidhreacht na seandálaíochta a fheabhsú do gach éinne’.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag cur fáilte anois roimh iarratais faoi thrí shruth an mhaoinithe a mbeidh le tosú sa bhliain 2024: Trí Chiste Séadchomharthaí an Pobail, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag déanamh infheistíocht riachtanach an chaipitil inár n-oidhreacht na seandálaíochta chun cabhrú le húinéirí agus le caomhnóirí séadchomharthaí na seandálaíochta á gcosaint amach anseo ar leas an phobaill. Siad príomhaidhmeanna an chiste seo ná séadchomharthaí agus ionaid seandálaíochta áitiúla a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn. Ta suim ar leith ag an Roinn sna tionscadail siúd ina bhfuil oiliúint na scileanna traidisiúnta mar chuid díobh. Is féidir le húdaráis áitiúla, le húinéirí príobháideacha, le grúpaí an phobail agus le caomhnóirí na séadchomharthaí iarratas a dhéanamh faoi na 3 shruth seo a leanas:

  • Cuirfidh Sruth 1 deontais suas le €100,000 ar fáil ará dírithe ar dheisiúcháin riachtanacha agus ar oibreacha caipitil chun séadchomharthaí na seandálaíochta a chaomhnú agus a dheisiú.
  • Cuirfidh Sruth 2 deontais suas le €30,000 ar fáil chun Pleananna/Tuarascálacha um Bhainistíocht an Chaomhantais a fhorbairt atá dírithe ar na bearta siúd a aithint le haghaidh séadchomharthaí na seandálaíochta a chaomhnú agus le haghaidh rochtain an phobail orthu a fheabhsú.
  • Cuirfidh Sruth 3 deontais suas le €30,000 ar fáil chun bonneagar na rochtana agus an léirmhínithe a fheabhsú (lena n-áirítear bearta fíorúla/ar líne) ag séadchomharthaí na seandálaíochta.

Ba cheart do gach iarrthóir Lámhleabhar an CMF a léamh go cúramach agus a chinntiú go gcuirtear ráitis na modhanna agus na ceadanna lena mbaineann leis an iarratas.

  • Comhlánaigh Foirm CMF-A thíos (na ranna ábhartha ach amháin)
  • Cuir Ráiteas Modh cuimsitheach léi
  • Seol chuig Oifigigh na hOidhreachta, Comhairle Contae Fhine Gall, lená fháil roimhe seo
  • 5in Dé Céadaoin an 31 Eanáir 2024 

    Cuir aon cheist agat trí rPhost chuig    [email protected]

Cáipéisí le híoslódáil:

 

Leaganacha i nGaeilge

Community Monuments Fund 2024-Handbook CMF2024 as Gaeilge

Community Monuments Fund 2024-Application Form CMF-A as Gaeilge

i mBéarla

Community Monuments Fund 2024-Handbook CMF2024

Community Monuments Fund 2024-Application Form CMF-A

 

Balrothery Tower House received Community Monument funding in 2023
St Mary’s Clonmethan received Community Monument funding in 2023