Clár Imeachtaí do Sheachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 seolta!

Climate Action

Tá Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 (#DCAW25) díreach ar na beacáin agus tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil an clár iomlán na n-imeachtaí is féidir clárú ar líne anois.

Agus í ar siúl ón 12-18 Bealtaine, beidh an tsraith imeachtaí seachtaine seo ag tarlú ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath agus sceideal saibhir agus éagsúil i gceist atá ceaptha chun eolas a thabhairt ar ghníomhú ar son na haeráide, ar conas dul i ngleic leis agus ar conas é a spreagadh. I measc na ngníomhaíochtaí tá siúlóidí dúlra treoraithe, ceardlanna praiticiúla, laethanta spraoi do teaghlaigh, seisiúin stiúrtha ag saineolaithe agus go leor eile.

Má tú an-tugtha do ghníomhú ar son na haeráide, nó ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi nó fiú mura bhfuil tú ach ag lorg bealaí chun ceangal le do phobal áitiúil, beidh go leor deiseanna ann duit chun páirt a ghlacadh.

Tá forbhreathnú ar imeachtaí na seachtaine agus is féidir clárú beo ar líne anois ag www.dublinclimateactionweek.ie.

Coinnigh suas chun dáta le Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 tríd an haischlib #DCAW25 ar na meáin shóisialta agus trí chuairt a thabhairt ar www.dublinclimateactionweek.ie.

Tá Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 á heagrú agus á seachadadh ag comhpháirtíocht Chomhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Codema – Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath agus Oifig Réigiúnach Ghníomhaíocht ar son na hAeráide Chathair Bhaile Átha Cliath (DM CARO).