Clár iontach ar líne á chur ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall do Sheachtain na hOidhreachta úrnua 2020

Tá fáilte á cur ag Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall roimh an bhformáid nua do Sheachtain na hOidhreachta 2020 a léiríonn oidhreacht an Chontae trí chlár iontach ar líne ó Dé Sathairn, an 15 go dtí Dé Domhnaigh, an 23 Lúnasa

Snapshot of Fingal

Tá fáilte á cur ag Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall roimh an bhformáid nua do Sheachtain na hOidhreachta 2020 a léiríonn oidhreacht an Chontae trí chlár iontach ar líne. Tá Seachtain na hOidhreachta Náisiúnta á cur ar siúl ag an gComhairle Oidhreachta ó 2005, agus tá ceann de na himeachtaí cultúrtha is mó in Éirinn déanta de agus beidh sé ar siúl i mbliana ó Dé Sathairn, an 15 go dtí Dé Domhnaigh, an 23 Lúnasa.

Ag labhairt faoi chlár Sheachtain na hOidhreachta, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, “Cruthaíonn Seachtain na hOidhreachta deis iontach gach bliain chun páirt a ghlacadh san oidhreacht agus í a cheiliúradh agus foghlaim ónár nOidhreacht chomhroinnte dhochreidte. Sháraigh Oifig Oidhreachta Fhine Gall dúshláin srianta Covid-19 nuair a bhí an clár nua ar líne seo á chruthú agus d’fhéadfadh an fhormáid tionchar dearfach a imirt ar an oidhreacht a chur i láthair lucht féachana iomlán úrnua.”

Dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker, “Cruthaíonn Seachtain na hOidhreachta 2020 an deis chun teacht ar ár n-oidhreacht ar bhealach difriúil agus spreagadh a thabhairt chun eispéireas agus eolas a roinnt trí ardáin éagsúla.  Gabhaim buíochas le gach duine a rinne oiriúnú agus obair gan stad gan staonadh lena chinntiú gur féidir linn go léir ceangal a dhéanamh lenár n-oidhreacht áitiúil.” 

Cuirtear grianghraif i láthair i nGrianghraif d’Fhine Gall Fadó a léiríonn Fine Gall fadó agus na scéalta a bhaineann leo. Taispeántas ar líne atá i gceist leis an tionscadal oidhreachta seo ina bhfuil scéalta daoine, áiteanna, spórt agus traidisiúin a sheol muintir Fhine Gall isteach chugainn. Chuir baill de Líonra Oidhreachta Fhine Gall scéalta óna gceantair i láthair agus taispeántar iad seo ar YouTube agus is féidir taitneamh a bhaint astu ní hamháin i rith Sheachtain na hOidhreachta, ach arís agus arís eile amach anseo.  Chun súil a chaitheamh ar an taispeántas ar líne Grianghraf, téigh go dtí https://youtu.be/-uWnyVcCjJk

Seolfar sraith spreagúil freisin ina gcuirfear Oidhreacht Fhine Gall ón Spéir i láthair i rith Sheachtain na hOidhreachta. Sraith scannán atá i gceist leis an gcéad cheann ina bhfuil suíomhanna oidhreachta i bhFine Gall a sheolfar i rith Sheachtain na hOidhreachta 2020. Comhoibriú atá ann idir Mark Broderick, Oifigeach Digiteach, agus Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta, agus cuirfear tús leis an tsraith leis na scéalta fíorspéisiúla faoi Oileáin na Sceirí.  Chun féachaint air, téigh go dtí https://youtu.be/AbtzS1YxRHI

Foilseofar leabhar iontach dathúcháin, Oidhreacht Fhine Gall a Dhathú, do dhíograiseoirí óga na hOidhreachta, i rith Sheachtain na hOidhreachta 2020 ina bhfuil 24 léaráid álainn ina léirítear bunús shároidhreacht Fhine Gall. Tríd an oidhreacht chultúrtha agus an chruthaitheacht a thabhairt le chéile, tá mar chuspóir ag an bhfoilseachán seo chun na suíomhanna agus na scéalta seo a thabhairt i measc lucht féachana/éisteachta nua agus ilchineálach, idir óg agus (níos) aosta! Thug Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta, i gcomhar le Sara Nylund le Abarta Heritage, faoin tionscadal.

Tá an Ghaeilge an-tábhachtach i bhFine Gall agus is féidir le díograiseoirí teacht le chéile ar líne chun caint, scéalta a roinnt, dánta a léamh nó amhráin a chanadh i gcomhrá Zoom as Gaeilge Sheachtain na hOidhreachta, a chuirfidh Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Fhine Gall, Bernie Kelly, ar siúl.  Titfidh na himeachtaí seo amach Dé Céadaoin, an 19 Lúnasa ó 7pm (822 3835 7119) agus Dé Sathairn, an 22 Lúnasa ó 12 meán lae (852 9829 7432). Seol ríomhphost chuig [email protected] chun teacht ar eolas breise.

Déanann Barry Smith le Leabharlanna Fhine Gall tráchtaireacht i bpodchraoladh dar teideal Siúlóid Réidh i measc roinnt d’Oidhreacht Chrann na hÉireann, a fhiosraíonn an fheidhm a bhí ag crainn i sochaí ársa na hÉireann. Caithfear súil ar conas a bhí brí agus siombalachas fite fuaite le miotais agus finscéalta agus taispeántar sa phodchraoladh conas a d’imir crainn tionchar ar ár sochaí luath agus conas a spreag siad ár gcéad aibítir. Chun níos mó a chloisteáil, téigh go dtí https://soundcloud.com/user-977517789/a-gentle-amble-through-some-of-irelands-tree-heritage 

Chuir Imeachtaí Fhine Gall Bliain i mBeatha Chaisleán Shoird le chéile chun na himeachtaí beoga agus ilchineálacha a thaispeáint a thugann an pobal áitiúil le chéile i dtimpeallacht álainn Chaisleán Shoird. Is féidir níos mó a fheiceáil ar https://www.youtube.com/watch?v=fQCtN43zwJk

Tá tionscadail forbartha ag grúpaí oidhreachta áitiúla agus eagraithe, teaghlaigh agus pobail ar fud na tíre bunaithe ar théama na bliana seo - ‘An Oidhreacht agus an tOideachas’: Ag Foghlaim ónár nOidhreacht’. Is féidir tionscadail ó áiteanna fud fad Fhine Gall, idir chainteanna agus taispeántais, turais fhíorga, podchraoltaí agus físeáin, a fheiceáil ar láithreán gréasáin Sheachtain Oidhreachta Náisiúnta www.heritageweek.ie. Tugann an díriú seo ar fhormáidí digiteacha agus ar líne pobail le chéile trína ligean don phobal chun seoda oidhreachta náisiúnta a fhiosrú óna n-áiteanna cónaithe féin.

 

Faigh amach níos mó anseo faoi Fine Gall : Seachtain na hOidhreachta 2020 agus anseo www.heritageweek.ie 

red island
swords