Clár pléarácaí seolta le go mbainfidh muintir na háite sult astu le linn Fhéile Shamhna na bliana seo

Fad a chrochtar na maisiúcháin agus fad a réitíonn leanaí fud fad an chontae a gcultacha fíochmhara tá a sceideal d'imeachtaí na Samhna 2021, atá mar chuid dá tionscnamh Oíche Shamhna níos Sábháilte, seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall.
 

Halloween

Ní raibh leanaí ábalta dul ó theach go teach ag lorg milseán Oíche Shamhna na bliana seo caite de bharr rialacha dianghlasála diana ach tá oíche na bpúcaí ar ais i gceart an Fhómhair seo agus beidh muintir na háite ábalta sult a bhaint as clár méadaithe d'imeachtaí atá oiriúnach do theaghlaigh agus trína chinnteofar go mbeidh oíche Mhórthaibhsiúil ag na púcaí agus na cailleacha óga.

 Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl i  bhFine Gall le linn Fhéile na Samhna, lena n-áirítear in Ionaid Pobail ar fud an chontae. Beidh na himeachtaí sin ar siúl ón 27 go dtí an 31 Deireadh Fómhair agus is cosúil go gcuirfidh gníomhaíochtaí éagsúla amhail seónna draíochta, scéalta uafáis á n-insint, snoíodóireacht puimcíní agus comórtas do na cultacha is fearr beocht faoin bhféile. Beidh Ceapach Shamhna na bPuimcíní saor in aisce á reáchtáil ag Caisleán Shoird ón 12pm go dtí an 3pm, Dé hAoine an 29 go dtí Dé Domhnaigh an 31 Deireadh Fómhair chun siamsaíocht a chur ar fáil don teaghlach ar fad. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig https://www.fingal.ie/events/pumpkin-patch-swords-castle.

 

Ó tharla gur ar an Domhnach a thitfidh Oíche Shamhna i mbliana, an chéad uair le hos cionn deich mbliana, beidh leanaí bob nó bia agus a dteaghlaigh ábalta sult a bhaint as gníomhaíochtaí i gcaitheamh an deiridh seachtaine go léir chun an ócáid a cheiliúradh. Cé go bhfuil sé fógartha ag an Rialtas go bhfuiltear ag maolú cuid de na srianta, moltar fós do dhaoine aire a thabhairt agus cloí le prótacail sábháilteachta nuair is féidir.

 

Ba mhaith leis an gComhairle a mheabhrú do mhuintir na háite go bhfuil cosc ar thinte cnámha a lasadh agus go bhfuil sé mídhleathach. Tá sí ag impí ar an bpobal ábhar atá á bhailiú a thuairisciú trí theagmháil a dhéanamh le Foireann Chúraim Custaiméirí na Comhairle ar 01 890 5000 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig:

Ops Bhaile Brigín/Shoird:  [email protected]   

Ops Mhullach Íde/Bhinn Éadair:   [email protected]

Ops Chaisleán Cnucha/Mhullach Eadrad:   [email protected]

 

Mar chuid de thiomantas na Comhairle an timpeallacht a chosaint, tá sé fógartha aici go mbeidh Pardún bliantúil na Samhna ar siúl ag Ionaid Athchúrsála arís i mbliana. Glacfar le ábhar indóite (e.g. leapacha, toilg, doirse adhmaid, etc.) saor in aisce ag Ionaid Athchúrsála Chomhairle Contae Fine Gall in Inbhear, Sord agus i gCúil Mhín. Glacfar leis na nithe sin ag na hionaid idir an 20-30 Deireadh Fómhair (N.B. beidh na hionaid athchúrsála dúnta Dé Domhnaigh an 24 Deireadh Fómhair agus ar an lá saoire Bainc, Dé Luain an 25 Deireadh Fómhair). Is féidir sonraí an phardúin mar aon leis na daoine ar féidir leo an tseirbhís a úsáid a fháil ar https://www.fingal.ie/news/halloween-amnesty-dispose-combustible-waste-free

 

Is éard a dúirt Paul Barnes, Bainisteoir Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall: “Ar cheann d'imeachtaí móra na bliana seo beidh an t-imeacht Fine Gall faoi Sholas, ina mbeidh láithreacha móra le rá amhail Caisleán Shoird, Caisleán Bhrí Mhór, Leabharlann Draíocht agus Blanchard, Casino Mhullach Íde, cloigtheach Lusca chomh maith le go leor eile faoi bhrat shoilse chun Féile na Samhna a cheiliúradh.

 

“Ba mhaith linn go mbainfeadh muintir na háite sult as pléaráca na bliana seo ach impímid ar chách iad féin a choinneáil slán sábháilte agus cloí leis na treoirlínte is nuashonraithe.

 

Tá sé tábhachtach a mheabhrú do mhuintir na háite gan tine chnámh a úsáid chun dramhaíl a dhumpáil mar go bhféadfadh truailleáin nimhiúla teacht ón gcuid is mó d'earraí tí. Mholfaimid do pheataí a choinneáil taobh istigh; is féidir le tinte ealaíne fíorscéin a chur orthu, mar sin, is fearr iad a choinneáil amach uathu.

 

Chun Oíche Shamhna slán sábháilte a chinntiú, tá bileog eolais curtha ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall ina bhfuil fíricí agus leideanna ar mar is féidir do theaghlach agus do phobal a choinneáil slán tréimhse na Samhna seo. Is féidir an bhileog sin a fháil ar chainéil meán sóisialta na Comhairle agus ar https://www.fingal.ie/events/halloween-events

 

Chun tuilleadh sonraí a fháil ar na himeachtaí Samhna a bheidh ar siúl, téigh chuig www.fingal.ie/ nó lean muid ar Facebook nó ar Twitter – @fingalcoco. I gcás éigeandála glaoigh láithreach ar an mBriogáid Dóiteáin ar an uimhir 999 nó ar an uimhir 112.