Clár Tolg go 3K Fhine Gall – Siúl go Bogshodar

Tá fíoráthas ar Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall Clár Tolg go 3K Fhine Gall – Siúl go Bogshodar a sheoladh.

Mar chuid de straitéis spóirt FCC chun níos mó daoine a spreagadh le bheith gníomhach tá an Oifig Spóirt ag tabhairt deis do dhaoine páirt a ghlacadh sa chlár fíorúil 6 seachtaine seo saor in aisce ag tosú an 22 Feabhra.

Is cuma mura dtéann tú riamh ag bogshodar agus nach bhfuil ag teastáil uait ach bheith níos gníomhaí, is bealach éasca é Tolg go 3K chun níos mó fuinnimh a fháil agus chun mothú níos sláintiúla. Tá an clár seo dírithe ar thosaitheoirí ar mhaith leo bogadh ar aghaidh ón siúl go dtí an bogshodar ach a d’fhéadfadh a bheith beagáinín éiginnte faoi conas tosú.

Dúirt Méara Chontae Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Tá sé an-tábhachtach an oiread roghanna agus is féidir a thabhairt do dhaoine páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht choirp go háirithe nuair atá áiseanna spóirt agus aclaíochta dúnta. Is clár iontach ar líne é seo arna éascú ag Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall. Cuideoidh an clár seo le daoine a gcuid aclaíochta a fheabhsú agus mar atá foghlamtha againn go léir le linn paindéim COVID-19 cuireann sé go mór le sláinte mheabhrach dearfach.”

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta agus Forbairt Pobail do Chomhairle Contae Fhine Gall: “Clár fíorúil eile den scoth atá ar fáil ónár nOifig Spóirt. Ag am nuair nach bhféadfadh sé a bheith níos tábhachtaí a bheith gníomhach, tabharfaidh an Clár Tolg go 3K seo an tacaíocht do dhaoine a theastaíonn uathu chun éirí suas, dul amach agus a bheith gníomhach.”

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Noel McManus, Oifigeach Forbartha Spóirt Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag [email protected] agus más mian leat clárú is féidir leat é sin a dhéanamh ag http://bit.ly/Couch-to-3K