Cnámhiarsmaí ársa faighte i bPáirc Shoird

Ghníomhaigh Comhairle Contae Fhine Gall go gasta chun an láithreán a dhaingniú inar aimsíodh cnámhiarsmaí stairiúla i bpáirc Shoird tráthnóna Dé Luain.

ancient remains swords

Ghníomhaigh Comhairle Contae Fhine Gall go gasta chun an láithreán a dhaingniú inar aimsíodh cnámhiarsmaí stairiúla i bpáirc Shoird tráthnóna Dé Luain.

Bhí ionadh ar mhuintir na háite agus iad ag siúl i bPáirc Ghleann na hAbhann, Sord, na hiarsmaí nochta a fheiceáil ar bhruach Abhainn an Bharda. Cuireadh an Garda Síochána ar an eolas ach tar éis scrúdú a rinne antraipeolaí fóiréinseach dearbhaíodh gur iarsmaí ársa a bhí ann. Cinneadh an láthair a chosaint go dtí go bhféadfaí tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh.

Rinne Christine Baker, Seandálaí Chomhairle Contae Fhine Gall, iniúchadh ar an láthair maidin Dé Máirt in éineacht le seandálaithe ó Ard-Mhúsaem na hÉireann. Mar gheall ar threoracha reatha COVID-19 ní féidir an láthair a thochailt agus tá sé daingnithe go dtí gur féidir é sin a dhéanamh. Tabharfaidh Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann comhairle agus tacaíocht.

Bhí roinnt imní ann maidir Scaradh Sóisialta mar gur stop daoine a bhí ag dul thart chun féachaint ar an láthair, agus meabhraíonn Comhairle Contae Fhine Gall do dhaoine a thábhachtaí atá sé treoirlínte an Rialtais agus comhairle Sláinte Phoiblí maidir leis seo a leanúint i gcónaí.

Dúirt Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall agus í ag trácht ar an méid a fuarthas:

"Séadchomhartha taifeadta an láthair ina bhfuarthas na hiarsmaí agus rinne seandálaithe ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta tochailt ar sé chnámharlach ansin i 1999. Cnámharlaigh mheánaoiseacha a bhí iontu sin agus anois tá cnámharlach eile nochtaithe mar gheall ar chreimeadh bhruach na habhann. Tá an cumas ag na hiarsmaí agus ag an láthair seo léargas luachmhar a thabhairt do sheandálaithe agus do staraithe nuair is féidir staidéar iomlán a dhéanamh orthu. "

Tá a fhios ag Christine Baker faoi shaibhreas na n-iarsmaí seandálaíochta atá faoi spásanna oscailte ár n-eastát tithíochta agus ár bpáirceanna poiblí. In 2019 thug sí faoin suirbhé “What Lies Beneath: Fingal Geophysical Survey Project” leis an bpobal áitiúil chun cabhrú le hiarsmaí an fhodhromchla i bpáirceanna Fhine Gall a aimsiú agus chun feasacht a mhúscailt faoi láithreacha seandálaíochta ar díol spéise iad. Stiúir sí tochailtí seandálaíochta pobail ag Caisleán Shoird, Caisleán Bhrí Mhór, An Aill agus Dún Ceann tíre Dhroim Meánach.

Tá an láithreán daingnithe ag foireann Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall.

Ancient remains swords secured