Colún Bhaile Brigín Sábháilte le daingniú ag ag Grúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín

Our Balbriggan Hub

Buailfidh Grúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín le chéile chun bunú Cholún Bhaile Brigín Sábháilte a dhaingniú ag a chruinniú ráithiúil ar an gCéadaoin (an 17 Feabhra).

Ag an gcruinniú a reáchtáladh ar an 20 Deireadh Fómhair anuraidh, chomhaontaigh an Grúpa Ceannaireachta cúigiú colún a bhunú i bPlean Athnuachana Ár mBaile Brigín 2019 – 2025 chun díriú ar shábháilteacht an phobail mar fhreagairt ar aiseolas ón bpobal a bhí ag lorg infheistíochta sa réimse seo.

Tá oifigigh ó Chomhairle Contae Fhine Gall, An Roinn Dlí agus Cirt agus An Garda Síochána ag obair le chéile le míonna beaga anuas chun creat a fhorbairt le haghaidh colúin atá dírithe ar shábháilteacht an phobail i mBaile Brigín

Tá forbairt tagtha ar Bhaile Brigín go tapa le breis is 20 bliain anuas. Is ionann é anois agus an baile is óige agus ceann de na bailte leis an éagsúlacht eitneach is mó in Éirinn rud a chiallaíonn go na castachtaí, deiseanna agus dúshláin ar fad a bhaineann le baile atá ag fás le tabhairt faoi deara i mBaile Brigín.

Is fianaise é Baile Brigín SÁBHÁILTE a bhunú mar an cúigiú colún de Phlean Athnuachana Ár mBaile Brigín 2019 – 2025 ar thiomantas na Comhairle oibriú leis an Roinn Dlí agus Cirt agus leis an Garda Síochána chun sábháilteacht agus leas an phobail i mBaile Brigín a chur chun cinn.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Fáiltím roimh an maoiniú breise atá curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt do Thionscadal Óige Athstiúrtha an Gharda Síochána i mBaile Brigín agus bunú cholún Bhaile Brigín Sábháilte chun maoirseacht a dhéanamh ar an obair a dhéanfar ar an talamh sna míonna amach romhainn. Is fianaise é ar an dea-chaidreamh atá idir an pobal agus Grúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín agus tá idirghabhálacha dearfacha dá thoradh.”

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD: “Tá an daonra i mBaile Brigín imithe i méid go tapa le blianta beaga anuas. Tá daonra óg, ilghnéitheach sa cheantar a bhfuil poitéinseal suntasach ag baint leis. É sin ráite, baineann dúshláin ar ndóigh le fás tapa dá leithéid agus tuigeann mo Roinn cad iad na tacaíochtaí breise atá ag teastáil chun cabhrú leis an bpobal de réir mar atá sé ag fás. Labhair mé le hionadaithe poiblí áitiúla faoi na pleananna atá againn agus táim ag súil leis an eolas is déanaí a fháil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ar an tionscnamh.”

 Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Stáit Athchóirithe Dlí, James Browne TD: “Trí riachtanais an cheantair áitiúil a aithint, sholáthair an Roinn maoiniú le haghaidh beirt oibrithe óige ceartais bhreise do Thionscadal Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, ach rud atá chomh tábhachtach céanna leis sin is ea a chinntiú go bhfuil seirbhísí láidre príomhshrutha don aos óg agus tacaíochtaí d’imeascadh imirceach bunaithe sa bhaile. Is éard atá ag teastáil ó dhaoine óga sa cheantar ionaid agus deiseanna dearfacha agus táimid ag súil le bheith ag obair trí Bhaile Brigín Sábháilte lena chinntiú go bhfuil a leithéid ar fáil.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ard-Cheannfort an Gharda Síochána, Mark Curran: “Fáiltíonn An Garda Síochána roimh an tionscnamh seo agus tá siad lánsásta tacú leis.  Tá ár gCeannfort nuacheaptha i mBaile Brigín, Paul Franey, agus foireann áitiúil an Gharda Síochána ag súil le bheith ag obair i ndlúthpháirt leis na grúpaí pobail áitiúla éagsúla, Comhairle Contae Fhine Gall agus na gníomhaireachtaí eile i gceist chun déileáil leis na dúshláin atá ag pobal atá ag fás go tapa.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tuigeann Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil ról lárnach ag comhoibriú leanúnach le ranna rialtais, gníomhaireachtaí, grúpaí pobail agus cónaitheoirí chun tuilleadh forbairt a dhéanamh i mbaile rathúil, bríomhar, cuimsitheach. Is fianaise é bunú cholún Bhaile Brigín Sábháilte ar ár dtiomantas leanúnach d’athnuachan shóisialta agus eacnamaíoch Bhaile Brigín.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Brian MacCraith, Cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín: “Fáiltímid roimh an obair atá déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt, An Garda Síochána agus Comhairle Contae Fhine Gall chun cabhrú linn an Colún nua seo a bhunú. Is céim thábhachtach chun cinn a bheidh ann do phobal Bhaile Brigín.”

Bhunaigh Comhairle Contae Fhine Gall Grúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín in 2018 agus tá sé de chúram ar an ngrúpa straitéis fhadtéarmach shocheacnamaíoch a bhunú do Bhaile Brigín i dteannta le gníomhartha ar féidir iad a chur i gcrích. Páirteach sa Ghrúpa Ceannaireachta tá Comhairleoirí, oifigigh Shinsearacha de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall agus príomhpháirtithe leasmhara ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a bhfuil a gcuid oibre dírithe ar na téamaí colúin seo a leanas  Geilleagar & Fiontar Áitiúil, Gnóthaí Pobail & Lánpháirtíocht, Fostaíocht, Oideachas & Oiliúint agus an Ríocht Phoiblí & Comhfhorbairt Áite.