Comhairle Contae Fhine Gall agus Curaidh Laighean Cruicéid Ionchuimsitheacht sa Chricéid le seoladh Treoirlínte CruicéidDoChách

Baineadh céim shuntasach amach i dtreo cruicéad ionchuimsitheach inné nuair a sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy Treoirlínte CruicéidDoChách. Is toradh iad na Treoirlínte ar chomhiarracht idir Comhairle Contae Fhine Gall agus Cruicéid Laighean atá dírithe ar ionchuimsiú agus rannpháirtíocht idirghlúine a chothú laistigh de spórt na cruicéad.

C4A Launch All Involved With Mayor

Forbraíodh na Treoirlínte tar éis comhthionscnamh a phíolótaigh tionscadal ilchumais idirghlúine i mBaile Brigín agus sna Sceirí inar ghlac 136 duine óg faoi mhíchumas agus daoine scothaosta páirt ann. Chruthaigh an chóitseáil a cuireadh ar fáil le linn an tionscadail timpeallacht ina raibh an cruicéad inrochtana do chách, beag beann ar aois nó cumas. Ní hamháin gur spreag na formáidí modhnaithe seo den chluiche grúpaí ilghnéitheacha aoise agus cumais chun imirt le chéile ach d’éascaigh siad rannpháirtíocht ionchuimsitheach laistigh den fhoireann chéanna freisin.

Ba é buaicphointe an clár phíolótach ná Comórtas Tionscnaimh CruicéidDoChách Fhine Gall a reáchtáladh le linn Sheachtain Ionchuimsithe Fhine Gall, áit ar léirigh foirne idirghlúine a gcuid scileanna, cairdeas agus go deimhin iomaíochas.

Ag seoladh na dtreoirlínte dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Ní bhaineann ionchuimsitheacht amháin le bacainní a bhriseadh, baineann sé le droichid a thógáil a nascann glúine, cumais agus cúlraí. Sa lá atá inniu ann, ní féidir an iomarca béime a chur ar an tábhacht atá ag na glúine a nascadh, mar tá deiseanna idirghníomhaíochta idir aoisghrúpaí ag éirí níos gann. Mar sin féin, laistigh de na naisc idirghlúine seo tá eolas agus taithí chomh maith le tuairimí agus dearcthaí éagsúla le roinnt. Tugann CruicéidDoChách deis uathúil do dhá ghrúpa, go minic ar imeall gníomhaíochtaí traidisiúnta spóirt, teacht le chéile agus a bheith rathúil”.

 

C4A Launch Mayor et al at table cricket

Ag labhairt di faoin tionscadal, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do cháilíocht na beatha a fheabhsú dá cónaitheoirí trí rannpháirtíocht phobail agus tionscadail ionchuimsitheacha a léiríonn éagsúlacht an réigiúin a chothú. Is tionscnamh é CruicéidDoChách tiomna ar dhúthracht Fhine Gall do chur chun cinn spóirt mar mhodh nasctha agus cumasú. Téann nádúr ionchuimsitheach agus idirghlúine CruicéidDoChách thar theorainneacha an spóirt. Cuireann sé bealach ar fáil do nasc idir na glúnta éagsúla, rud a chothaíonn tuiscint agus léirthuiscint ar dhifríochtaí.”

Ba mhór an tairbhe iad na buntáistí a bhain le rannpháirtíocht sa tionscadal CruicéidDoChách. Chomh maith le 'spraoi' a chur chun cinn mar chuid dhílis, chuir an tionscnamh le folláine fhisiceach, scileanna mínluaileacha, litearthacht, uimhearthacht agus scileanna cumarsáide. Tháinig méadú ar fhéinmheas agus ar mhuinín na rannpháirtithe freisin, rud a chothaigh dearcthaí spóirt, obair foirne agus idirghníomhaíochtaí sóisialta. Chuir cuimsiú daoine scothaosta agus daoine óga araon i bhfoirne idirghlúine deis ar fáil chun eagna, tacaíocht, scileanna praiticiúla, díograis agus fuinneamh a mhalartú.

Mhéadaigh tionchar an tionscadail thar an réimse, ag mealladh oibrithe deonacha a ghlac páirt go fonnmhar i gcúrsaí cóitseála agus in oiliúint feasachta míchumais, rud a chuir le spiorad pobail an tionscnaimh a thuilleadh.

C4A Launch Mayor Robert Burns and Brían O'Rourke

Dúirt Philip Smith, Bainisteoir Ginearálta, Cruicéid Laighean “go léiríonn an comhoibriú seo le Comhairle Contae Fhine Gall ar an tionscnamh CruicéidDoChách tiomantas Cruicéid Laighean do spórt insroichte agus fáiltiúil do gach duine a dhéanamh de chruicéad. Beidh na Treoirlínte ina n-acmhainn luachmhar do chlubanna cruicéid, scoileanna, grúpaí gníomhacha scoir agus eagraíochtaí a oibríonn le daoine óga faoi mhíchumas nó d’aon duine ar mian leo CruicéidDoChách a imirt”.

Bhí tacaíocht ó Chiste Feasachta Míchumais 2021 ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) ríthábhachtach chun an tionscadal seo agus foilsiú na dTreoirlínte CruicéidDoChách a thabhairt chun críche.

Chun teacht ar Threoirlínte CruicéidDoChách tabhair cuairt ar www.cricketleinster.ie