Comhairliúchán Poiblí - Cáin Mhaoine Áitiúil

FÓGRA MAIDIR LE FACHTÓIR ÁITIÚIL AN COIGEARTAITHE A BHUNÚ DON BHLIAIN 2025 (CÁIN MAOINE ÁITIÚIL)

COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ

FÓGRA MAIDIR LE FACHTÓIR ÁITIÚIL AN COIGEARTAITHE A BHUNÚ DON BHLIAIN 2025

(CÁIN MAOINE ÁITIÚIL)

Forbhreathnú

Déanann an tAcht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 (arna leasú) foráil ar leith go bhféadfaidh comhaltaí tofa aon údaráis áitiúil rún foirmiúil a rith le haghaidh bunráta na Cánach Maoine Áitiúil dá gcuid limistéar riaracháin a athrú de réir céatadán ar a dtugtar Fachtóir Áitiúil an Choigeartaithe.

Ciallaíonn seo gur féidir le Comhairle Contae Fhine Gall bunráta na Cánach Maoine Áitiúil laistigh den Chontae a mhéadú nó a laghdú faoi +/-15% ar a mhéad, nó á fhágáil gan athrú.

Bhain laghdú 7.5% ar bhunráta an CMÁ le tréimhse an 1 Samhain 2022 (dáta an dliteanais) go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024. Téann an ráta ar ais go dtí an bunráta ar an 1 Samhain 2024, sé sin, an ráta réamhchoigeartaithe, agus caithfidh na Comhaltaí Tofa a mheas anois an laghdófar an bunráta, an bhfágfar é gan athrú nó an méadfar é le haghaidh na bliana 2025.

Cén fáth a bhfuil comhaitliúcháin á reáchtáil againn?

Tionólfar crinniú na Comhairle le chéile chun socraithe Fachtóir Áitiúil an Choigeartaithe don bhliain 2025 a bhreithniú. Ní mór do na comhaltaí a chinneadh cé acu ar cheart an t-athrú a glacadh don bhliain 2022 a choinneáil, a athrú go rátaeile, nó gan aon athrú a chur i bhfeidhm.

Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal ar an ábhar seo a chlúdaíonn ar leith na héifeachtaí a d'fhéadfadh  a bhaint le hathrú ar an mbunráta an Cháin Mhaoine Áitiúil ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí an údaráis áitiúil.

Ar mhaith leat aighneacht a dhéanamh?

Sí tréimhse na n-aighneachtaí ná Dé Luain an 1 Iúil 2024 go dtí 12 meán lae Dé Céadaoin an 31 Iúil 2024.

Is féidir leat aighneacht a dhéanamh mar seo a leanas:-

Déanfar gach trácht, lena n-áirítear ainmneacha agus seoltaí iad siúd a rinne a gcuid tuairimí, a chur faoi bhráid na Comhairle maidir le próiseas seo an chomhairliúcháin mar chuid den tuarascáil a bhfuil éileamh reachtúil uirthi a chur os comhair  cruinniú de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall. Dá réir sin, cuirfear san áireamh iad freisin i miontuairiscí an chruinnithe sin agus beidh siad le feiceáil mar sin ar shuíomh Gréasáin na Comhairle.

Ceisteanna Coitianta