Comhairliúchán poiblí tosaithe maidir le Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha 2021-2025

Beidh comhairliúchán poiblí maidir leis an Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha 2021-2025 ar siúl ó Dé Mháirt 13 Deireadh Fómhair 2020 go dtí Dé Céadaoin 25 Samhain 2020, agus an dá dháta sin san áireamh.

Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha 2021-2025

Alt 48, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú 

Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 48 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, gur ullmhaigh Comhairle Contae Fhine Gall Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha 2021-2025 don limistéar riaracháin Comhairle Contae Fhine Gall, agus is mar seo a leanas na sonraí:

Cur Síos ar Fhorbairt

Méid na Ranníocaíochta

Forbairt Thionsclaíoch/Tráchtála

€76.69 in aghaidh méadar cearnach

Forbairt Cónaithe

€98.21 in aghaidh méadar cearnach

 

Beidh comhairliúchán poiblí maidir leis an dréachtscéim ar siúl ó Dé Mháirt 13 Deireadh Fómhair 2020 go dtí Dé Céadaoin 25 Samhain 2020, agus an dá dháta sin san áireamh.

Is féidir an Dréachtscéim a fheiceáil ar thairseach comhairliúcháin phoiblí ar http://consult.fingal.ie agus ar shuíomh gréasáin na Comhairle ar www.fingal.ie

Is féidir cóip den Dréachtscéim a fheiceáil ó Dé Máirt 13 Deireadh Fómhair 2020 go dtí Dé Céadaoin 25 Samhain 2020, agus an dá dháta sin san áireamh (seachas an lá saoire bainc, Dé Luain 26 Deireadh Fómhair 2020) sna háiteanna seo a leanas:

Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall:

 

  • Oifigí na Cathrach, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 agus
  • Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath

Luan go Déardaoin, 9.00 a.m. – 5.00 p.m. agus Aoine 9.00 a.m. – 4.30 p.m.

Mar gheall ar an bpaindéim Covid-19, ní féidir teacht isteach chuig oifigí na Comhairle ach amháin tar éis coinne a dhéanamh. Téigh i dteagmháil le Cúram Custaiméirí ar an bhfón (01-8905000) nó seol ríomhphost chuig:    [email protected]

Tugtar spreagadh do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an dréachtscéim. Is féidir Aighneachtaí/Tuairimí a chur isteach mar seo a leanas:

Ar líne ar https://consult.fingal.ie/en/browse

Seol ríomhphost chuig [email protected]

I scríbhinn chuig: Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Rannóg Pleanála agus

Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, Príomhshráid, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2.

Ní chuirfear san áireamh ach aighneachtaí poist a fhaightear roimh 5.00 p.m. ar Dé Céadaoin 25 Samhain 2020 (chuig an seoladh thuas) nó ar líne roimh mheán oíche Dé Céadaoin 25 Samhain 2020 tríd an tairseach comhairliúcháin phoiblí nó ar ríomhphost.

Ní mór aighneachtaí a mharcáil go soiléir le Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha 2021-2025.

Ná déan d'aighneacht ach ar bhealach amháin, is é sin ar líne nó ar ríomhphost nó i scríbhinn.

Luafar d'ainm, seoladh agus más cuí, an grúpa nó eagraíocht ar a ndéantar ionadaíocht, ar aon aighneacht nó tuairim.

Cuirfidh an Chomhairle gach aighneacht nó tuairim a chuirtear in iúl (ó Dé Máirt 13 Deireadh Fómhair 2020 go Dé Céadaoin 25 Samhain 2020, agus an dá dháta san áireamh) i dtaca leis an Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha 2021-2025 san áireamh sula ndéanfar an Scéim do Ranníocaíocht Forbartha 2021-2025.

Féadfar go roinnfear sonraí, ainmneacha san áireamh, maidir leis na daoine a dhéanann aighneachtaí le Rannóga Comhairle cuí nó a gcuid gníomhairí a bhfuil baint acu leis an Scéim do Ranníocaíocht Forbartha a chur i bhfeidhm, agus féadfar go mbeidh siad i dtuarascálacha a bhaineann leis an Scéim do Ranníocaíocht Forbartha a chur i bhfeidhm.

Áireofar le Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar aighneachtaí agus tuairimí a fuarthas ainmneacha na ndaoine siúd a rinne aighneacht nó a chuir tuairim isteach agus áireofar iad le miontuairiscí an chruinnithe sin, agus ina dhiaidh sin foilseofar iad ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall.