Comhdháil: Éigeandáil Aeráide - Oidhreacht na glúine seo

Climate change conference

D'óstáil Ionad Eolais Europe Direct Leabharlann Bhaile Bhlainséir comhdháil dar teideal “Éigeandáil Aeráide - Oidhreacht na Glúine seo” Dé Máirt, an 22 Deireadh Fómhair in Óstán Chaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath 15.

Bhí trí aidhm mhóra ag an gcomhdháil:

  • Léiriú go soiléir cé chomh tromchúiseach is atá ceist staid na haeráide, ar an leibhéal dhomhanda agus i ndáil le hÉirinn, go sonrach, chomh maith.
  • Scrúdú a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil an t-athrú aeráide tar éis dul i bhfeidhm ar dhaoine ar fud an domhain cheana féin agus ar cad atá i ndán don chine daonna mura ndéanaimid gníomhú ina gcoinne láithreach ball.
  • Comhrá a spreagadh agus, níos tábhachtaí ná sin fós, gníomhú a spreagadh chun méaduithe breise ar theochtaí domhanda a chosc.

Chuir an Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach Lilian Whelan, Leabharlannaí an Chontae, Betty Boardman fáilte roimh an slua ag an ócáid agus rinne Méara Fhine Gall, an Clr Eoghan O'Brien í a sheoladh go hoifigiúil. Rinne Stiofán Nutty, comhairleoir agus craoltóir, stiúradh ar an gcomhdháil.

Ar na cainteoirí a bhí ann, áirítear an Déantóir Scannán Faisnéise, Peadar King; an tOllamh Cúnta leis an Iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, David Robbins; an tOllamh Cúnta i Scoil an Dlí agus an Rialtais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Diarmuid Torney; an tArd-Rúnaí ICTU, Patricia King; Ambasadóir Óige na NA, Valery Molay agus Múinteoir sa Mindfulness, Rita O’Donovan.

San óráid tionscanta a thug sé, dúirt an Méara Eoghan O'Brien; “Cé go bhfuil gluaiseacht mhór láidir ann ag gníomhú ar son an chomhshaoil le blianta fada anuas, tá méadú suntasach tagtha ar an ngníomhú ar son an chomhshaoil i mbliana. Tá dithneas agus práinn ann nach raibh go dtí seo. Tá níos mó daoine ag glacadh páirte sa fheachtas chun a chur ina luí ar rialtais ar fud an domhain go bhfuil géarghá ann gníomhú láithreach.

“Is í an ghlúin nua ag teacht chun cinn chun atá ag tabhairt ceannaireachta don bhorradh atá ag teacht faoin ngníomhú agus faoin dithneas nua atá ann ina leith. Tá an ghluaiseacht agóide sin a chuir Greta Thunberg tús léi sa tSualainn tar éis scaipthe ar fud an domhain anois, sa tír seo chomh maith, ina bhfuil daltaí meánscoile de bhur ndála féin ag mórsiúl ar na sráideanna chun a chur ina luí orthu siúd atá i bhfeighil smachta chun fíorghníomhú a dhéanamh gan mhoill.”

Dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí Contae Fhine Gall: “Aithnítear i Leabharlanna Fhine Gall, agus i gComhairle Contae Fhine Gall ina iomláine, an tábhacht a bhaineann leis an mhúscailt feasachta ar na tionchair a d’fhéadfaí a bheith ag an athrú aeráide inár dtír féin, agus ar fud an domhain chomh maith. Ag an chomhdháil seo a d'eagraigh an tIonad Faisnéise Europe Direct atá lonnaithe i Leabharlann Bhaile Bhlainséir, tugadh an deis do dhaoine óga foghlaim faoi réimse leathan de shaincheisteanna a bhaineann leis an athrú aeráide chomh maith le deis chun a gcuid tuairimí féin a nochtadh ar an ábhar ríthábhachtach seo. “

Mheas an 200 duine a bhí i láthair ag an gcomhdháil na láithreoireachtaí a bheith spéisiúil agus faisnéiseach, agus bhí díospóireacht spraíúil ar siúl le linn na seisiún ceisteanna agus freagraí.

Críoch

Chun teacht ar thuilleadh eolais, cuir ríomhphost chuig [email protected]

Foscríbhinn Ghrianghraf: Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail Fhine Gall Margaret Geraghty, Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach Lillian Whelan, Leabharlannaí an Chontae Betty Boardman, Valery Morlay ó Chomhairle Óige na NA, an Dr Diarmuid Torney ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Méara Fhine Gall an Clr Eoghan O'Brien, An Sainchomhairleoir agus Craoltóir Stiofan Nutty agus an Clr Freddie Cooper ag an ócáid “Éigeandáil Aeráide - Oidhreacht na glúine seo”.