Críochnaíonn Fine Gall an an t-aistriú is mó go LED in Éirinn trasna a líonra soilsithe poiblí

Críochnaíodh an tionscadal athsholáthar an tsoilsithe poiblí is fairsinge in Éirinn go dtí seo, agus Comhairle Contae Fhine Gall ag cur an dá stiúir coigilte fuinnimh deiridh isteach thar líonra a cuid bhóithre, a cuid limistéir chónaithe agus a cuid spásanna poiblí.

final LED of 35,300 installed across Fingal

Críochnaíodh an tionscadal athsholáthar an tsoilsithe poiblí is fairsinge in Éirinn go dtí seo, agus Comhairle Contae Fhine Gall ag cur an dá stiúir coigilte fuinnimh deiridh isteach thar líonra a cuid bhóithre, a cuid limistéir chónaithe agus a cuid spásanna poiblí.

Bhain an chomhairle an garsprioc deiridh amach ar feadh Bhóthar an Chósta i Mullach Íde agus ciallaíonn sé sin go bhfuil an 35,315 LED atá neamhdhíobhálach don timpeallacht curtha isteach anois teacht in áit a gcuid mhacasamhlacha fuinnimh-chraosach ar fud an chontae. Deimhníonn an éacht seo, gealltanas Fine Gall d’inbhuanaitheacht agus d’éifeachtúlacht an fhuinnimh.

Céim shuntasach chun tosaigh is ea an iarracht mhór seo, a chosain thart ar €8 milliún, i misean Fhine Gall a lorg carbóin a laghdú agus cleachtais éicea-chairdiúla a chur chun cinn. Ní hamháin go gcuireann an t-athrú go teicneolaíocht an LED le haghaidh soilsiú poiblí leis an soilsiú féin, ach geallann sé coigilteas suntasach an fhuinnimh chomh maith le buntáistí na timpeallachta ​​do na glúnta atá le teacht.

Bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, i láthair agus tionscadal forleathan seo an athsholáthair á thabhairt chun críche ag an gComhairle, ag rá: “Is tráth ríthábhachtach é seo san aistear i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe ag Fine Gall. Léiríonn suiteáil na LEDanna ar fud ár líonra go léir an gealltanas gan staonadh againn do maoirseacht éifeachtúlacht na timpeallachta ​​agus an fhuinnimh. I gcomhar lena chéile, tá an bealach romhainn i dtreo saol níos gile agus níos glaise dúinn á réiteach againn.”

Agus í ag léiriú meon an Mhéara, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Cuireann críochnú tionscadail athsholáthair an LED seo béim ar chur chuige réamhghníomhach Fhine Gall maidir leis na hastuithe carbóin a laghdú agus leis na cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn. Trí ghlacadh le réitigh nuálacha cosúil le soilsiú LED, ní hamháin go bhfui lídiú an fhuinnimh á laghdú againn ach tá eiseamlár á leagan síos d’údaráis áitiúla eile againn lená leanúint.”

Laghdaigh an t-aistriú go LED tomhaltas fuinneamh soilsiú na sráide os cionn 50% cheana féin, chomh maith le tonnaí coigiltis an charbóin a sheachadadh. Is éascaí na soilse LED a chothabháil freisin, go háirithe toisc go meastar go mairfidh siad i bhfad níos faide – sonraítear go mbeidh saol dearaidh 20 bliain, nó 80,000 uair an chloig feidhmithe ar a laghad, acu siúd atá suiteáilte i bhFine Gall.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil ​​& Athrú Aeráide Fhine Gall: “Treisíonn an garsprioc seo an gealltantas againne le haghaidh contae níos athléimní agus níos feassaí ar an gcomhshaol a chruthú do na glúnta atá le teacht. Táimid ag infheistiú i dteicneolaíocht nua, ní hamháin chun airgead a shábháil agus chun ár mbonneagar a fheabhsú le bheith réidh don todhchaí, ach freisin chun cabhrú lenár gcuid spriocanna um athrú aeráide a bhaint amach agus chun laghdú suntasach a dhéanamh ar an tionchar againne ar timpeallacht.”

Cuireann an solas bán neodrach a astaíonn na soilse LED le hinfheictheacht marcanna agus comharthaí an bhóthair, rud a chiallaíonn ní hamháin go bhfuil airgead agus fuinneamh á shábháil ag an gComhairle, ach go bhuil an tsábháilteacht agus an infheictheacht á méadú againn i bpobail agus i spásanna poiblí Fhine Gall.

Dar le Mary T Daly, Stiúrthóir na n-Oibríochtaí i bhFine Gall: “Is mór an tairbhe é do chónaitheoirí ar fud an chontae a bheith in ann clár aistrithe ar scála mór mar seo a sheachadadh. Chuireamar tús leis an tionscadal seo siar sa bhliain 2016 agus ár gcuid fhoirne na soilse nua á gcur ionad acu feadh na gcéadta bóithre, i gceantair chónaithe agus trínár bpáirceanna. Ba mhórthionscadal é breis agus 35,000 LED a shuiteáil sa tréimhse sin, agus sé buíochas foirne an tsoilsithe poiblí go bhfuil Fine Gall chun tosaigh anois ar fud Éireann ar fad.”

Fingal's largest LED switch video

Fingal LED Streetlight of 35,300 installed in Fingal Network
Public Lighting Team LED replacement