Cuairteoirí Speisialta chuig an gCéad Scoil Samhraidh Sacair de chuid an FAI i mBaile an Tirialaigh

Thug príomhchóitseálaí fhoireann sacair náisiúnta ban na hÉireann, Vera Pauw, chomh maith leis an gcóitseálaí cúlbáireachta, Jan Williem van Ede, cuairt ar an gcéad Scoil Samhraidh Sacair de chuid an FAI a cuireadh ar siúl i mBaile an Tirialaigh ar an 3 Lúnasa. Labhraíodar leis na leanaí a bhí páirteach, thugadar roinnt comhairle dóibh agus rinneadar roinnt cóitseála leo chomh maith. Táthar ag súil go dtabharfaidh a gcuairt spreagadh do na leanaí leanúint orthu ag imirt sacair agus ballraíocht a ghlacadh in Acadamh FC Bhaile an Tirialaigh atá le tosú i Meán Fómhair. 

Coaches Vera Pauw and Jan Williem van Ede at Summer Soccer School in Tyrrelstown

Thug príomhchóitseálaí fhoireann sacair náisiúnta ban na hÉireann, Vera Pauw, chomh maith leis an gcóitseálaí cúlbáireachta, Jan Williem van Ede, cuairt ar an gcéad Scoil Samhraidh Sacair de chuid an FAI a cuireadh ar siúl i mBaile an Tirialaigh ar an 3 Lúnasa. Labhraíodar leis na leanaí a bhí páirteach, thugadar roinnt comhairle dóibh agus rinneadar roinnt cóitseála leo chomh maith. Táthar ag súil go dtabharfaidh a gcuairt spreagadh do na leanaí leanúint orthu ag imirt sacair agus ballraíocht a ghlacadh in Acadamh FC Bhaile an Tirialaigh atá le tosú i Meán Fómhair. 

 

Reáchtáladh an Scoil Samhraidh Sacair ar pháirc uile-aimsire Bhaile an Tirialaigh agus bhí tuairim is 90 leanbh páirteach i ngníomhaíochtaí a bhí á gcur ar fáil ag cóitseálaithe cáilithe an FAI. Is é seo an chéad champa riamh a reáchtáil an FAI sa cheantar agus rinne Oifigeach Forbartha Sacair an FAI agus Chomhairle Contae Fhine Gall, Jamie Wilson, agus Príomhchóitseálaí, Sean Fogarty, maoirseacht air.

 

Ba é buaicphointe na seachtaine nuair a thug an bheirt chóitseálaithe ón Ísiltír, Vera Pauw agus Jan Willem van Ede, a bhfuil baint acu beirt le foireann náisiúnta ban na hÉireann anois, cuairt ar an gcampa. Ghlac an bheirt páirt i gcuid de na seisiúin, thugadar léiriú breá ar an gcumas sacair atá iontu agus rinneadar neart cainte leis na leanaí a bhí páirteach. Ba iontach an deis a bhí ann do leanaí an cheantair a ghlac go fonnmhar leis an deis idirghníomhú le beirt chóitseálaithe idirnáisiúnta dá leithéid. Bhí Méara Fhine Gall agus Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail Chomhairle Contae Fine Gall, Liam Burke, ina dteannta ar an lá.

 

 

The Mayor and Children at Tyrrelstown Soccer School

Is éard a dúirt Méara Fhine Gall, Seána Ó Rodaigh: “Is mór an inspioráid iad Vera agus Jan don ghlúin níos óige. Thug go raibh siad i láthair ag an gCampa Sacair i mBaile an Tirialaigh le fios do na leanaí gurb iad na leanaí féin a mhúnlóidh an todhchaí. Ba mhór an lúcháir a chuir sé orm an idirghníomhaíocht agus an t-ómós a bhí idir na cóitseálaithe Náisiúnta agus na leanaí a fheiceáil."

 

Bhí ríméad ar Oifigeach Forbartha Sacair an FAI/Chomhairle Contae Fhine Gall gur tháinig Vera agus Jan ar cuairt chuig an Scoil Samhraidh Sacair agus dúirt: "Is iontach an rud é do na leanaí agus do na cóitseálaithe daoine mar Vera agus Jan a fheiceáil ag teacht chomh fada le Baile an Tirialaigh. Tá na mílte leanaí sa cheantar agus tá faillí cheart déanta ar an sacar le blianta beaga anuas. Ó tharla go bhfuil na scoileanna samhraidh sacair seo beartaithe don am atá le teacht, go bhfuil an club ag tosú arís agus go bhfuil go leor imeachtaí eile beartaithe, beidh teacht níos fearr ag leanaí i ngach aoisghrúpa, buachaillí agus cailíní araon, ar shacar. Tá súil againn go bhfaighidh na leanaí spreagadh ó chuairt Vera agus Jan tabhairt faoi shacar agus an spórt a imirt níos minice."

 

Is éard a dúirt Niall McGuirk, Príomhoifigeach Gníomhach Spóirt do Chomhairle Contae Fhine Gall: "Ba mhór an pléisiúr é Vera agus Jan a bheith i láthair ag an scoil sacair. Thaispeáin siad cleasaíocht iontach do na leanaí agus bhíodar sáite ceart sa traenáil. Is é seo an chéad champa samhraidh sacair de chuid an FAI sa cheantar mar sin tá an-áthas orainn go raibh Vera agus Jan ábalta a bheith linn agus spreagadh a thabhairt do na leanaí coinneáil leis an spórt. Tá súil againn go dtabharfaidh sé ugach do leanaí páirt a ghlacadh san acadamh a bheidh ag tosú sna míonna amach romhainn."

 

Tosóidh Acadamh FC Bhaile an Tirialaigh Dé Domhnaigh, an 12 Meán Fómhair do leanaí idir 6 agus 12. Má tá spéis agat páirt a ghlacadh ann déan teagmháil le Jamie Wilson ag [email protected]

The Mayor at Summer Soccer School in Tyrrelstown