Cúig Thionscadal ó Fhine Gall ainmnithe le haghaidh Gradam Barr Feabhais i Rialtas Áitiúil

Tá ainmniúcháin faighte ag tionscadail Chomhairle Contae Fhine Gall i gcúig cheann de na 16 catagóir sna Gradaim Barr Feabhais i Rialtas Áitiúil 2021 le Comhlachas Tráchtála na hÉireann.

Excellence in Local Government Awards 2021

Níor cuireadh ach 90 tionscadal ó 20 comhairle ar an ngearrliosta. Beidh an searmanas gradam ar siúl Déardaoin, an 18 Samhain.

Is iad seo a leanas na cúig chatagóir ina bhfuaireamar ainmniúchán:

· Ag Réiteach don Traenáil in Ag Tacú le Pobail Inbhuanaithe

· Podchraoladh 'Laistigh d'Fhine Gall' i Nuálaíocht Údaráis Áitiúil

· Ag Sárú Bacainní Ama, Ealaíontóir Aoife Dunne Na hEalaíona a Chothú

· Tionscadal Caomhnaithe Chaisleán Shoird i Timpeallacht Oidhreachta agus Thógtha

· Digifit do Chách i Soláthar Seirbhísí do Daoine faoi Mhíchumas

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Tá ríméad orm gur tugadh aitheantas do chuid mhaith de thionscnaimh iontacha Chomhairle Contae Fhine Gall agus gur ainmníodh iad sna Gradaim Barr Feabhais i Rialtas Áitiúil. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí páirteach agus cuireann sé bród orm éagsúlacht na dtionscadal dá bhfuil aitheantas á thabhairt a fheiceáil mar gur léiriú atá ann ar na tionscnaimh agus tionscadail den scoth atá á gcur i bhfeidhm i bhFine Gall.”

Bhuaigh Comhairle Contae Fhine Gall Gradam Barr Feabhais i Rialtas Áitiúil amháin anuraidh, ba é sin an Gradam sa chatagóir Ag Tacú le Pobail Inbhuanaithe as an Láithreán Gréasáin Ceannaigh go hÁitiúil.

Seo mar a labhair Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá an-áthas orm gur cuireadh an méid sin dár dtionscnaimh agus tionscadail speisialta ar an ngearrliosta de na Gradaim Barr Feabhais i Rialtas Áitiúil na bliana seo. Léirítear sna hainmniúcháin go mbíonn an eagraíocht ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach i gcónaí agus go bhfuil fonn an-láidir acu feabhas a chur ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil don phobal. Déanaim comhghairdeas leo sin a raibh baint dhíreach acu leis na tionscadail a cuireadh isteach ar ghradaim na bliana seo agus molaim freisin iad sin a chuir ar aghaidh tionscadail lena mbreithniú nár cuireadh ar an ngearrliosta. Beidh mé ag súil, le cúnamh Dé,

go mbeidh Comhairle Contae Fhine Gall ag cur lena bhfuil bainte amach againn roimhe seo ag an searmanas gradam an Samhain seo.

Tugtar ardán don dea-chleachtas i rialtas áitiúil ag na Gradaim Barr Feabhais i Rialtas Áitiúil agus tugtar aitheantas leo do na scileanna, don obair chrua, don nuálaíocht agus don díograis atá ann i rialtas áitiúil, nach dtugtar aitheantas dóibh sách minic. Reáchtáiltear na Gradaim Barr Feabhais i Rialtas Áitiúil i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

 

Ag Réiteach don Traenáil

Ba é aidhm thionscnamh "Ag Réiteach don Traenáil" oiliúint ghairmiúil theoiriciúil agus phraiticiúil i dtaobh rothaíochta a chur ar fáil do chlubanna CLG le hAonad na hÉireann um Rothaíocht, atá ceadaithe ag Cycle Right. Leis an oiliúint seo, cuireadh na scileanna riachtanacha, feasacht i leith sábháilteachta ar bhóithre agus muinín le bheith ag rothaíocht chun an chlubthí do thraenáil agus do chluichí baile ar fáil do leanaí. Dá réir sin, cuirtear modh iompair níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe chun cinn, agus beidh níos mó spásanna páirceála ar fáil ag an gclub do na foirne a bheidh ag taisteal ar laethanta cluiche.

Podchraoladh 'Laistigh d'Fhine Gall'

Arna léiriú ag Aonad Cumarsáide na Comhairle, is podchraoladh é Laistigh d'Fhine Gall a bhfuil sé mar aidhm aige an lucht éisteachta a thabhairt leis isteach i gComhairle Contae Fhine Gall agus léargas a thabhairt dó ar an obair atá á déanamh ag comhairleoirí agus baill foirne chun feabhas a chur ar Fhine Gall mar áit chónaithe, áit oibre, ceann scríbe agus ionad gnó. Seoladh an podchraoladh i mí na Samhna 2020, agus craoladh 12 eipeasóid cheana féin.

Ag Sárú Bacainní Ama, Ealaíontóir Aoife Dunne

Is suiteán tumthach móibíleach digiteach é "Ag Sárú Bacainní Ama" a raibh sé mar aidhm aige ardú croí a thabhairt do chónaitheoirí Fhine Gall le linn phaindéim Covid-19. Bhíothas in ann an saothar nua ealaíne corraitheach seo a fháil go díreach i dtithe cónaithe agus i gceantair an chontae trí dhul chuig an láithreán gréasáin tiomnaithe www.transcendingtime.ie. Cuireadh i láthair an coimisiún léargasach nua seo le healaíontóir Aoife Dunne as Fine Gall faoi Chlár Ealaíne Poiblí de chuid Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, mar chuid de thionscnamh ‘Fanaimis Le Chéile’ na Comhairle.

Tionscadal Caomhnaithe Chaisleán Shoird

Is iad cuspóirí Phlean Caomhnaithe Chaisleán Shoird an séadchomhartha a scrúdú, an tábhacht a bhaineann leis mar shéadchomhartha a mheas mar aon leis an tábhacht atá leis laistigh dá thimpeallacht níos leithne. Féachtar leis an bplean, a cheap Rannóg Ailtirí na Comhairle, uirlis a chur ar fáil a dhéanfaidh eolas do chaomhnú an chaisleáin a tharlóidh amach anseo agus a dhéanfaidh é sin a bhainistiú, agus scrúdú a dhéanamh ar úsáidí a d'fhéadfaí a bhaint as na foirgnimh agus spásanna seachtracha laistigh den imfhálú sa todhchaí.

Digifit do Chách

Díríodh an clár ionchuimsitheach seo ó Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ar dhaoine ar fearr leo gníomhaíochtaí níos réidh nó orthusan atá teoranta ó thaobh na gluaiseachta. Bhí na gníomhaíochtaí a taispeánadh iontach feiliúnach do dhaoine a bhí ag clutharú go dtí le gairid, agus cuimsíodh síntí, aclaíocht d'uachtar agus d'íochtar na colainne agus cluichí targaidí ann ionas go mbeadh babhta traenála iomlán i gceist.