Cuireann an Chomhairle fáilte roimh fhoilsiú an Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar do Luas Fhionnghlaise a d’fhéadfadh borradh agus forbairt amach anseo a sholáthar

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh fhoilsiú an Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar do Luas Fhionnghlaise, an síneadh a bheartaítear a chur le Líne Uaine Luas ó Dhroichead Broome go Baile Shéarlais i bhFine Gall

Luas Broombridge

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh fhoilsiú an Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar do Luas Fhionnghlaise, an síneadh a bheartaítear a chur le Líne Uaine Luas ó Dhroichead Broome go Baile Shéarlais i bhFine Gall, a bhfuil ar a chumas gan stró chun fís Thionscadal Éireann 2040 a fhíorú go dtiocfaidh borradh agus forbairt amach anseo ar an taobh thuaidh den chathair agus i gceantar níos leithne Fhine Gall.

Sainaithnítear i dTionscadal Éireann 2040 na riachtanais atá le hiompar poiblí iontaofa, inacmhainne, inbhuanaithe agus comhtháite i mBaile Átha Cliath. Cuirfidh Luas Fhionnghlaise seirbhís ardtoillte ghathach ar fáil ó Baile Shéarlais isteach go lár na cathrach. Cruthaíonn seo deis iontach chun forbairt straitéiseach a dhéanamh laistigh de Chonair an M50, forbairt ag Dún Sinche san áireamh, ar bunachar talún mór é atá ina láithreán úrnua taobh istigh de chuar an M50, ar gá measúnú breise a dhéanamh air agus infheistíocht bhreise a dhéanamh ann i dtaobh bonneagair agus naisc iompair phoiblí.

Cuirfidh Luas Fhionnghlaise ceithre stad bhreise ar fáil, a bhfuil ceann amháin díobh suite i mBaile Shéarlais, atá i gceantar Fhine Gall, a chuireann rochtain ar fáil do 30,000 duine a chónaíonn laistigh de 1 chiliméadar ó na stadanna nua Luas, chomh maith leo siúd ón gceantar níos fairsinge a roghnaíonn chun páirceáil agus taisteal a úsáid nó chun rothaíocht go dtí stadanna Luas.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Bainfidh tábhacht ollmhór leis an mBealach is Dealraithí a Roghnófar a fhógairt don síneadh a chuirfear le Líne Uaine Luas isteach i gceantar Fhine Gall ar mhaithe le forbairt leanúnach an cheantair. Tá a chinntiú go gcuireann iompar poiblí nasc maith ar fáil idir pobail i gcroílár na pleanála atá á déanamh do phobail inbhuanaithe i bhFine Gall. Beidh fíor-rogha iompair eile ag cónaitheoirí, oibrithe agus cuairteoirí trí Luas Fhionnghlaise go dtí Lár na Cathrach, a thacaíonn le dícharbónú ár gcóras iompair agus le caighdeán na beatha i bpobail insiúlta."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, go gcuirfeadh idir chónaitheoirí agus ghnólachtaí fáilte mhór roimh an bhfógairt. “Fógairt dhearfach don cheantar é seo. Síneadh le gréasán Luas é Luas Fhionnghlaise a bhfuil géarghá leis agus spreagfaidh sé níos mó daoine chun úsáid a bhaint as iompar poiblí chun taisteal timpeall an taoibh thuaidh den chathair. Spreagfainn cónaitheoirí agus gnólachtaí chun aighneacht a dhéanamh maidir leis an mbealach a bheartaítear. Cruthaíonn an comhairliúchán seo deis don phobal chun a dtuairim a nochtadh faoin síneadh traenach 4 chiliméadar.”

Dúirt an Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Matthew McAleese: “Nascfaidh an plean seo pobail Bhaile Shéarlais agus Bhaile Maidheac le lár na cathrach. Tá áis Pháirceála agus Taistil 600 spás ag Baile Shéarlais, chomh maith le bealach siúil agus raon rothar feadh na coda is mó den bhealach sa togra freisin. Ar aon dul le beartas náisiúnta agus réigiúnach pleanála, d’fhéadfadh an tionscadal bonneagair seo, má fhaightear an breithmheas riachtanach dó, toilleadh fadtéarmach a chur ar fáil do bhunachair thalún straitéiseacha, ar nós Dhún Sinche, agus déanfaidh sé an ceantar a oscailt d’oibrithe, cónaitheoirí agus cuairteoirí. Níl amhras ar bith orm ach go ndéanfaidh sé difear ollmhór don cheantar, go háirithe don iomaí gnólacht áitiúil atá ann.”

Is féidir aighneachtaí maidir leis an mbealach a bheartaítear a dhéanamh ar www.luasfinglas.ie, áit ar féidir teacht ar na sonraí go léir faoin mBealach is Dealraithí a Roghnófar.