Cuirfear Tús leis an Tionscadal Múirínithe do Scoileanna an Mhí seo

Tá sé fógartha ag Príomhfheidhmeannaigh Údarás Áitiúil Bhaile Átha Cliath go bhfuil an Tionscnaimh Múirínithe do Scoileanna á seoladh.

Composting for schools

Tá sé fógartha ag Príomhfheidhmeannaigh Údarás Áitiúil Bhaile Átha Cliath go bhfuil an Tionscnaimh Múirínithe do Scoileanna á seoladh. Is é Múiríniú Éireann atá i gceannas ar an tionscadal píolótach seo do bhunscoileanna agus meánscoileanna i mBaile Átha Cliath, agus tá cistiú ag teacht ó na ceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath agus ó Oifig Phlean Bainistithe Dramhaíola Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre. Is cúis áthais í do Hugh Coughlan, Comhordaitheoir Oifig Phlean Bainistithe Dramhaíola Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre, bheith ábalta cabhrú le cistiú don Tionscadal do Scoileanna. “Is tionscnamh fíorthábhachtach é seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur le heolas agus le scileanna maidir le dramhaíl bia agus múiríniú i measc mac léinn de gach aois agus i measc an phobail scoile i gcoitinne. Is tionscadal é seo ar féidir é a athchruthú go héasca agus is féidir an méid a bhaintear amach i scoileanna i réigiún Bhaile Átha Cliath a chur i gcrích ar fud Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre agus go deimhin, fud fad na tíre”.

 

Is í aidhm an chláir ná cabhrú le scoileanna tús a chur le múiríniú nó é a fheabhsú chun dramhaíl a laghdú, airgead a shábháil agus dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus cuidiú leo an Brat Glas do Scoileanna agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Tríd an gclár píolótach, beidh sé éasca freisin do mhúinteoirí rochtain a fháil ar réimse gníomhaíochtaí spraoiúla agus idirghníomhacha do leanaí scoile chun go bhfoghlaimeoidh siad faoin múiríniú agus faoin ngarraíodóireacht. Tacóidh na gníomhaíochtaí seo leis an tuiscint atá ag na leanaí ar na bunphrionsabail éiceolaíochta, bitheolaíochta agus bithéagsúlachta ar a bhfuil an beatha uilig an phlainéid seo bunaithe. Dúirt Dave Storey, Stiúrthóir Seirbhísí na Rannóga Comhshaoil, Athrithe Aeráide agus Taistil Ghníomhaigh de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall “is deis iontach é seo do scoileanna Fhine Gall dul i ngleic leis an athrú aeráide agus astaíochtaí ó bhia agus ó dhramaíl tírdreacha a laghdú, agus ag an am céanna múirín ardchaighdeáin a chruthú sa gheilleagar ciorclach. Táimid ag súil le bheith ag obair le bunscoileanna agus le meánscoileanna araon ar an tionscnamh seo”. Deir Craig Benton ó Mhúirín Éireann, príomhcheannasaí an tionscnaimh “tá lúcháir orm go bhfuil rath tagtha air seo agus táimid ag tnúth le bheith ag obair le os cionn 100 scoil, agus príomhghnéithe an mhúirínithe a mhúineadh dóibh agus córais a bhunú ar féidir leo a úsáid chun astaíochtaí a laghdú agus acmhainní nádúrtha a athchúrsáil”.

 

 

 

Dúirt an Dr. Sandra Austin, Léachtóir Sinsearach agus Ceann na Roinne Bithéagsúlachta Domhanda agus Inbhuanaitheachta, agus i gceannas ar Inbhuanaitheacht in Institiúid Oideachais Marino agus atá ar an ngrúpa stiúrtha don tionscadal seo “Tugann an clár nuálaíoch seo múinín, eolas agus scileanna do mhúinteoirí agus do scoileanna chun go neadóidh siad an t-oideachas don inbhuanaitheacht ina gcuid múinteoireachta agus foghlama. Trí thacaíocht phraiticiúil, oiliúint ar líne agus rochtain ar acmhainní oideachais ardchaighdeáin ina bhfuil naisc leis an gcuraclam leagtha amach go soiléir, tá sé éasca an fhoghlaim sa seomra ranga a thabhairt le chéile in ábhair éagsúla. Beidh gníomhartha praiticiúla agus éifeachtacha á ndéanamh ag an scoil chun dramhaíl a laghdú agus athchúrsáíl acmhainní nádúrtha a chur chun cinn”.

 

 

Tugtar cuireadh do mhúinteoirí agus do bhaill foirne eile scoile páirt a ghlacadh i gclár oiliúna ar líne (4 x 1.25 uair de cheardlanna) chun foghlaim faoin múiríniú agus conas a thacaíonn sé le timthriallta uisce, cothaitheach agus carbóin bhunriachtanacha, a chuireann ar ár gcumas an bia a fhás atá bunriachtanach dúinn. Ina theannta sin, rachaidh múinteoirí i dtaithí ar réimse de ghníomhaíochtaí éagsúla ar féidir leo a úsáid sa seomra ranga chun an fhoghlaim a spreagadh i ndaltaí de gach aois . Nuair a bheidh an oiliúint thart, tabharfaidh speisialtóir ó Mhúirín Éireann cuairt ar gach scoil atá ag glacadh páirte chun cabhrú le córais a chur i bhfeidhm chun dramhaíl bhia a scaradh amach do bhailiúchán na n-araidí donna, córais múiríne a bhunú le haghaidh ábhar garraíodóireachta agus tírdhreacha agus/nó piastlanna a chruthú chun dramhaíl bhia atá fágtha tar éis am lóin na ndaltaí agus na foirne  a mhúiríniú. Cuirfidh na rudaí seo go léir cosc ar dhamhaíl agus laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chomh maith leis sin, cuirfear uirlisí ar fáil do dhaltaí chun foghlaim faoi éiceolaíocht ithreach agus bitheolaíocht orgánach múirínithe.

 

 

Gheobhaidh gach scoil atá ag glacadh páirte dearbhán €250 ón údarás áitiúil chun é a chaitheamh ar bhoscaí bailiúcháin laistigh den scoil, ar chomharthaí teagaisc, ar chórais múirínithe éagsúla agus ar uirlisí múirínithe, lena n-áirítear deimheas bhearrtha, pící, cannaí spréite agus teirmiméadair. Tá Sinéad Fox, Oifigeach Oideachais don Timpeallacht le Comhairle Contae Fhine Gall, ag deanamh forbartha ar an Tionscadal seo Múiríniú do Scoileanna in éineacht le Craig Benton agus tá sí ag tnúth le bheith i mbun caidrimh le scoileanna i bhFine Gall.

 

Chun clárú don chlár, is féidir le múinteoirí, le feighlithe agus le foireann oifige na scoile cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Múirín Éireann ina bhfuil físeán gairid a mhaireann dhá nóiméad le feiceáil. Is féidir leo freisin téacs a léamh faoi conas a oibríonn an clár, suirbhé gairid a chomhlánú maidir lena scoil féin, agus dátaí a roghnú chun tús a chur leis an oiliúint.

 

Tá na háiteanna teoranta agus dáiltear ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce iad. Mar sin, ná bíodh drogall ort an deis uathúil seo a thapú trí chuairt a thabhairt ar www.compostingireland.ie/schools/