Cuirtear tús le hobair ar Thionscadal bunathraithe €15m ar Shráid na Cé agus Cuan Bhaile Brigín

Bhí an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien T.D., i dteannta Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy chun an fód a iompú ar fhorbairt ilmhillliún euro ar Shráid na Cé agus Cuan Bhaile Brigín

Sod Turning Quay Street 2024

Bhí an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien T.D., i dteannta Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy inniú (Dé hAoine) chun an fód a iompú ar fhorbairt ilmhillliún euro ar Shráid na Cé agus Cuan Bhaile Brigín.

Tá an tionscadal bunathraithe dírithe ar thaitneamhacht ardchaighdeáin agus ceann scríbe cuairteoirí den scoth a chruthú chun an baile is óige in Éirinn a athbheochan.

Cruthóidh sé spás poiblí oscailte uathúil agus inbhuanaithe chomh maith.

Cuimseoidh an suíomh 19,300 méadar cearnach limistéar pláis ilchuspóireach agus páirc líneach a bheidh deartha chun margaí, imeachtaí agus féilte a óstáil.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis conarthaí a mhalartú leis an gconraitheoir John Craddock Teo agus tá tús curtha leis an obair ar an ngealltanas ar fiú €15 milliún, an ghné is mó den Chlár €50 milliún 2019-2030 Athnuachana Ár mBaile Brigín.

Tá sé mar aidhm aige áit níos tarraingtí, nasctha a chruthú inar mian le daoine maireachtáil, oibriú ann, cuairt a thabhairt uirthi agus gnó a dhéanamh.

Bhí an fhís uaillmhianach atá sa Tionscadal Ár mBaile Brigín mar thoradh ar rannpháirtíocht stairiúil pobail i 2019 inar léirigh níos mó ná 25% de chónaitheoirí a sainroghanna do thodhchaí an bhaile.

Léirigh taighde a rinneadh i measc mhuintir Bhaile Brigín tacaíocht láidir d’athshamhlú cheantar an Chuain agus Shráid na Cé.

Cuireadh de chúram ar Chlár Athnuachana Ár mBaile Brigín agus tá dul chun cinn ollmhór a dhéanamh aige ar phríomhthionscadail bonneagair agus shóisialta.

Cuirfidh na hoibreacha ag Sráid na Cé agus ag an gCuan, ar an dá thaobh den tarbhealach cáiliúil, cló nua ar thrá agus imeallbhord Bhaile Brigín agus táthar ag súil go mbeidh siad críochnaithe go déanach i 2025.

Tá athrú úsáide ar iar-Theach Bád an INRBT agus forbairt foirgneamh nua cuain dírithe ar ghníomhaíocht shóisialta agus tráchtála mhéadaithe a ghiniúint ar fud an bhaile.

Cuimseoidh áiseanna poiblí nua leithris agus áiteanna gléasta.

Chomh maith leis sin, cuimseoidh an tionscadal oibreacha feabhsúcháin ar Abhainn na Raithní Móire, dromchlú nua agus breis suíochán, spásanna glasa agus súgartha.

Beaidh ceantair de Shráid na Cé, Shráid an Mhuilinn agus Bóthar an Chuain ina spás comhtháite a nascfaidh na bailte gan stró.

Tiocfaidh tuairim is 75% den mhaoiniú don tionscadal ó Chiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbeach na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus tiocfaidh an fuílleach ó chlár caiteachais caipitil Chomhairle Contae Fhine Gall.

Faoin bplean, tá roinnt éadálacha straitéiseacha maoine déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall, chomh maith le roinnt tionscadal sóisialta a thiomáint. Tá obair ag dul chun cinn ar fhorbairtí ag Sráid an Droichid agus Sráid Bhaile Átha Cliath.

Chuir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, béim ar thábhacht na forbartha nua ní hamháin don gheilleagar áitiúil, ach do shaol an phobail i mBaile Brigín chomh maith.

“Soláthróidh feabhsú an Chuain croílár ardchaighdeáin poiblí nua a bhfuil géarghá leis, chomh maith le spéis turasóireachta Bhaile Brigín a fhorbairt,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire O’Brien go raibh forbairt Shráid na Cé agus an Chuain mar chuid de phlean chun an baile a athbheochan.

“Tá fíoráthas orm tús a chur le forbairt ollmhór a bhfuilim cinnte go mbeidh mórthionchar dearfach, eacnamaíoch agus sóisialta aige ar Bhaile Brigín.

San iomlán, bronnadh €25.4 milliún faoi Chiste Forbartha Athghiniúna Uirbigh mo Roinne do thionscadail a bhaineann le hathnuachan Bhaile Brigín.

Mar is eol dúinn, tá ceann de na daonraí is óige, is mó fáis agus is ilghnéithí in Éirinn i mBaile Brigín.

Tá diongbháilteacht dosháraithe ar fud phobal Bhaile Brigín chun todhchaí gheal a thógáil don cheantar agus cabhróidh an infheistíocht Rialtais seo leo é sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

Dúirt an Dr David Begg, cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta Ár mBaile Brigín, gurb í seo an chéim is uaillmhianaí go dtí seo i bplean athnuachana an bhaile.

“Thug taighde a rinneadh i measc mhuintir Bhaile Brigín, léiriú soiléir ar an tacaíocht atá ann d’athshamhlú an chuain,” a dúirt sé.

“Anois, cuirfear an turasóireacht chun cinn agus cuirfear go mór leis an mbaile nuair a chruthaítear plás iontach, bríomhar ar imeall an uisce agus páirc líneach.”

Creideann AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall go soláthróidh an fhorbairt sáráit chruinnithe lárnach ar chósta Fhine Gall.

“Tá sé seo ar cheann de na garspriocanna is suntasaí inár n-uaillmhian chun Baile Brigín a athfhorbairt agus is infheistíocht mhór é seo sa bhaile,” a dúirt sí.

“Tá an spás athshamhlaithe seo ina shiombail den dul chun cinn atá á dhéanamh i bplean Ár mBaile Brigín – plean a mhúnlaigh an pobal agus a sholáthróidh áit phoiblí dea-dheartha ní hamháin gur féidir le daoine sult a bhaint as, ach a bheith bródúil aisti .”

Tá 20 bliain de thaithí ag John Craddock Teo i seachadadh tionscadal ríocht phoiblí ar ardchaighdeán, a bhfuil duaiseanna buaite acu, ar fud na hÉireann, lena n-áirítear a n-obair cháiliúil ag Cearnóg an Mhargaidh, Dún Dealgan.

Tuilleadh eolais www.balbriggan.ie 

Sod Turning Quay St Councillors
Sod Turning Quay Street large group