Cuirtear tús le réamhoibreacha ar Scéim Athnuachana Bhaile agus Shráidbhaile Phort Reachrann
Chuir an Roinn Oibríochtaí tús le réamhoibreacha i bPort Reachrann ina bhforbrófar pointe fócais i Sráidbhaile Phort Reachrann.
![An image of Portrane](/sites/default/files/styles/widescreen_television/public/2019-10/portrane.jpg?h=37d62e0c&itok=XBC-8PXH)
Déanfar an t-ancaire a aistriú agus a athlonnú mar ghné lárnach ar an spás oscailte taobh le Teach Tábhairne The Brook, agus beidh ceapacha bláthanna timpeall air. Gabhfaidh cosáin a fhad leis an ancaire agus cuirfear crainn taispeántais leathaibí timpeall an spáis oscailte. Déanfar an crann Nollag a athlonnú chuig an spás oscailte seo, freisin.
Chomh maith leis sin, déanfar plandaí a chothaíonn pailneoirí, bleib agus bláthanna fiáine ina measc, a thiocfaidh i mbláth ó Fheabhra go Samhain a chur timpeall na faiche.
Rinneadh comhaontú ar an obair seo i ndiaidh tréimhse chomhairliúcháin le Grúpa Athnuachana Shráidbhaile Phort Reachrann.