Cur isteach agus boladh a d'fhéadfadh a bheith ann fad a dhéantar oibreacha riachtanacha ag Ionad Cóireála Fuíolluisce Shoird

Tá Uisce Éireann ag oibriú i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall le tabhairt faoi oibreacha riachtanacha cothabhála ag Ionad Cóireála Fuíolluisce Shoird, oibreacha a mbeidh tionchar acu ar chustaiméirí i Sord, go dtí Dé hAoine 12 Meitheamh. D'fhéadfadh boladh a bheith ann ó am go ham le linn na hoibreacha seo a dhéanamh. Déanfaidh Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall gach iarracht an riosca go mbeidh boladh ann a íoslaghdú agus na hoibreacha sin a chur i gcrích chomh tapa agus is féidir. Ba mhaith le hUisce Éireann leithscéal a ghabháil as aon bholadh a bheidh ann le linn na hoibreacha sin a dhéanamh. Má thugtar boladh faoi deara, téigh i dteagmháil le Lárionad Cúraim Custaiméirí Uisce Éireann ar 1850 278 278.

 
Beidh an t-eolas is déanaí maidir leis na hoibreacha sin ar fáil ar an mír soláthair agus seirbhíse dár láithreán gréasáin https://www.water.ie. Bíonn an líne chabhrach cúraim custaiméirí Uisce Éireann ar fáil 24/7 agus is féidir le custaiméirí glaoch a chur orainn ar 1850 278 278  Is féidir le custaiméirí dul i dteagmháil linn ar Twitter freisin ag @IWCare le haon cheist.